|
+Airteagal 29 1. |
Airteagal 29 1.Beidh ról gníomhach ag an Údarás maidir le cultúr coiteann maoirseachta Aontais agus maidir le cleachtais chomhsheasmhacha mhaoirseachta a fhorbairt agus, chomh maith leis sin, maidir lena áirithiú go bhfuil nósanna imeachta aonfhoirmeacha agus cur chuige comhsheasmhach ann ar fud an Aontais. Déanfaidh an tÚdarás na gníomhaíochtaí seo a leanas ar a laghad:
(a)
tuairimí a thabhairt do na húdaráis inniúla;
(aa)
tosaíochtaí maoirseachta straitéiseacha an Aontais a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 29a;
(ab)
grúpaí comhordaithe a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 45b chun cóineasú maoirseachta a chur chun cinn agus chun na cleachtais is fearr a shainaithint;
(b)
malartú éifeachtach faisnéise idir na húdaráis inniúla a chur chun cinn, ar bhonn déthaobhach agus ar bhonn iltaobhach, ar faisnéis í a bhaineann leis na saincheisteanna ábhartha uile, lena n-áirítear an chibearshlándáil agus cibear-ionsaithe, agus lánurraim á tabhairt do na forálacha infheidhme rúndachta agus cosanta sonraí dá bhforáiltear i ngníomhartha reachtacha ábhartha an Aontais;
(c)
rannchuidiú le forbairt a dhéanamh ar chaighdeáin mhaoirseachta aonfhoirmeacha agus ardcháilíochta, lena n-áirítear caighdeáin maidir le tuairisciú, agus ar chaighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 1(3);
(d)
athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán teicniúil ábhartha rialála agus cur chun feidhme arna nglacadh ag an gCoimisiún, agus ar chur i bhfeidhm na dtreoirlínte agus na moltaí arna n-eisiúint ag an Údarás agus leasuithe a mholadh i gcás inarb iomchuí sin, lena n-áirítear leasuithe chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
(i)
deireadh a chur le ceanglais tuairiscithe agus nochta atá iomarcach nó imithe i léig agus costais a íoslaghdú, agus inúsáidteacht sonraí agus cáilíocht sonraí á gcaomhnú;
(ii)
ceanglais chomhréireacha agus chomhsheasmhacha maidir le tuairisciú agus nochtadh a áirithiú; agus
(iii)
aghaidh a thabhairt ar bhearnaí rialála a bhaineann le ceanglais tuairiscithe agus nochta;
(e)
cláir oiliúna earnála agus trasearnála a bhunú, lena n-áirítear i ndáil le nuálaíocht teicneolaíochta, malartuithe pearsanra a éascú agus údaráis inniúla a spreagadh chun cur leis an úsáid a bhaintear as scéimeanna iasachta foirne agus as uirlisí eile;
(f)
córas faireacháin a chur ar bun chun measúnú a dhéanamh ar rioscaí ábhartha comhshaoil, sóisialta agus rialachais, agus Comhaontú Pháras le Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide á chur san áireamh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|