+Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
---+Airteagal 1 1.
---+Airteagal 1 2.
---+Airteagal 1 3.
---+Airteagal 1 4.
---+Airteagal 1 4a.
---+Airteagal 1 5.
---+Airteagal 1 5a.
---+Airteagal 1 5b.
---+Airteagal 1 6.
---+Airteagal 1 7.
---+Airteagal 1 8.
---+Airteagal 1 9.
|
Airteagal 1 Ábhar agus raon feidhme
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 1.
|
Bunaítear ceanglais aonfhoirmeacha leis an Rialachán seo maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
sonraí trádála a nochtadh don phobal;
(b)
idirbhearta a thuairisciú do na húdaráis inniúla;
(c)
díorthaigh a thrádáil ar ionaid eagraithe;
(d)
rochtain neamh-idirdhealaitheach ar imréiteach agus rochtain neamh-idirdhealaitheach ar thrádáil i dtagarmharcanna;
(e)
cumhachtaí na n-údarás inniúil, ÚEUM agus ÚBE i leith idirghabhála táirgí agus cumhachtaí ÚEUM maidir le rialuithe ar bhainistiú suímh agus le teorannú suímh;
(f)
seirbhísí infheistíochta nó gníomhaíochtaí infheistíochta, le brainse nó gan bhrainse, a bheith á soláthar ag gnólachtaí tríú tír tar éis don Choimisiún cinneadh coibhéise is infheidhme a ghlacadh;
▼M3
(g)
soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí a údarú agus a mhaoirsiú.
▼B
|
|
Airteagal 1 2.
|
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le gnólachtaí infheistíochta, atá údaraithe faoi Threoir 2014/65/AE agus le hinstitiúidí creidmheasa atá údaraithe faoi Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
1
) nuair atá seirbhís infheistíochta á soláthar acu agus/nó nuair atá gníomhaíochtaí infheistíochta á ndéanamh acu agus le hoibreoirí margaidh lena n-áirítear aon ionaid trádála ina n-oibríonn siad.
|
|
Airteagal 1 3.
|
Tá feidhm ag Teideal V den Rialachán seo freisin maidir leis na contrapháirtithe airgeadais agus na contrapháirtithe neamhairgeadais uile atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh faoi Theideal II de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.
|
|
Airteagal 1 4.
|
Tá feidhm ag Teideal VI den Rialachán seo maidir le CCPanna agus le daoine a bhfuil cearta dílseánaigh acu i leith tagarmharcanna.
|
|
Airteagal 1 4a.
|
Chomh maith leis sin, tá feidhm ag Caibidil 1 de Theideal VII den Rialachán seo maidir le gnólachtaí tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó a dhéanann gníomhaíochtaí infheistíochta laistigh den Aontas.
|
|
Airteagal 1 5.
|
Tá feidhm ag Teideal VIII den Rialachán seo maidir le gnólachtaí tríú tír a sholáthraíonn seirbhísí infheistíochta nó gníomhaíochtaí infheistíochta, le brainse nó gan bhrainse, laistigh den Aontas tar éis don Choimisiún cinneadh coibhéise is infheidhme a ghlacadh.
|
|
Airteagal 1 5a.
|
Ní bheidh feidhm ag Teideal II agus Teideal III den Rialachán seo maidir le hidirbhearta maoinithe urrús mar a shainítear iad i bpointe (11) d'Airteagal 3(11) de Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
2
).
|
|
Airteagal 1 5b.
|
Oibreoidh na córais iltaobhacha uile i gcomhréir le forálacha Theideal II de Threoir 2014/65/AE maidir le MTFanna nó OTFanna, nó i gcomhréir le forálacha Theideal III den Treoir sin maidir le margaí rialáilte. Oibreoidh inmheánaitheoirí córasacha i gcomhréir le Teideal III den Rialachán seo. Gan dochar d’Airteagail 23 agus 28, na gnólachtaí infheistíochta uile a thugann idirbhearta in ionstraimí airgeadais i gcrích nach dtugtar i gcrích ar chórais iltaobhacha nó ar inmheánaitheoirí córasacha, comhlíonfaidh siad Airteagail 20 agus 21.
|
|
Airteagal 1 6.
|
Ní bheidh feidhm ag Airteagail 8, 8a, 8b, 10 agus 21 maidir le margaí rialáilte, oibreoirí margaidh agus gnólachtaí infheistíochta i leith idirbheart arna dhéanamh ag comhalta den Chóras Eorpach Banc Ceannais (CEBC), i gcás inar thug an comhalta sin fógra roimh ré dá chontrapháirtí go bhfuil an t-idirbheart díolmhaithe, agus i gcás ina mbeidh feidhm ag ceann amháin díobh seo a leanas:
(a)
tá an comhalta de CEBC ina chomhalta den Eurochóras agus ag gníomhú dó faoi Chaibidil IV de Phrótacal Uimh. 4 maidir le Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Ceannais Eorpaigh, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus le CFAE, cé is moite d’Airteagal 24 den Reacht sin;
(b)
ní comhalta den Eurochóras é an comhalta de CEBC agus déantar an t-idirbheart i bhfeidhmiú beartais airgeadaíochta nó beartais malairte eachtraí, lena n-áirítear oibríochtaí a dhéantar chun cúltacaí eachtracha oifigiúla a shealbhú nó a bhainistiú, ar beartais iad a bhfuil sé de chumhacht dhlíthiúil ag an gcomhalta sin de CEBC iad a shaothrú; nó
(c)
déantar an t-idirbheart i bhfeidhmiú beartais cobhsaíochta airgeadais a bhfuil sé de chumhacht dhlíthiúil ag an gcomhalta sin de CEBC é a shaothrú.
|
|
Airteagal 1 7.
|
Ní bheidh feidhm ag mír 6 maidir le hidirbhearta arna ndéanamh ag comhalta de CEBC nach bhfuil ina chomhalta den Eurochóras, i bhfeidhmiú a oibríochtaí infheistíochta.
|
|
Airteagal 1 8.
|
Forbróidh ÚEUM, i ndlúthchomhar le CEBC, dréachtchaighdeáin theicniúla rialála chun sonrú a dhéanamh ar na hoibríochtaí beartais airgeadaíochta, malairte eachtraí agus cobhsaíochta airgeadais agus na cineálacha idirbheart a bhfuil feidhm ag míreanna 6 agus 7 maidir leo a mhéid a bhaineann le comhaltaí CEBC nach comhaltaí den Eurochóras iad. Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 29 Márta 2026. Tarmligtear an chumhacht chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 1 9.
|
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun raon feidhme mhír 6 a leathnú chuig bainc cheannais eile. Chuige sin, faoin 1 Meitheamh 2015, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil lena ndéantar measúnú ar dhéileáil na n-idirbheart ag bainc cheannais tríú tíortha lena n-áirítear chun críocha na míre seo an Banc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh ar áireamh sa tuarascáil, anailís ar a gcúraimí reachtúla agus ar a méideanna trádála laistigh den Aontas. Déanfar sa tuarascáil:
(a)
na forálacha is infheidhme sna tríú tíortha ábhartha a shainaithint a mhéid a bhaineann le hidirbhearta bainc ceannais a nochtadh ar bhonn rialála, lena n-áirítear idirbhearta a dhéanann comhaltaí de chuid CEBC sna tríú tíortha sin, agus
(b)
measúnú ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag na ceanglais sin maidir le nochtadh ar bhonn rialála laistigh den Aontas ar idirbhearta bainc ceannais tríú tír.
Más é conclúid na tuarascála go bhfuil gá leis an díolúine dá bhforáiltear i mír 6 i ndáil le hidirbhearta sa chás inar banc ceannais tríú tír atá ag gabháil d’oibríochtaí beartais airgeadaíochta, malartaithe eachtraigh agus cobhsaíochta airgeadais é an contrapháirtí, forálfaidh an Coimisiún go mbeidh feidhm ag an díolúine sin maidir leis an mbanc ceannais tríú tír sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0600
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|