|
+Airteagal 2 3. |
Airteagal 2 3.Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50, lena sonrófar critéir chun na ARManna agus na APAnna sin a shainaithint atá faoi réir údaraithe agus maoirseachta ag údarás inniúil de chuid Ballstáit de réir mar a shainmhnítear é i bpointe (26) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE) de mhaolú ar an Rialachán seo i ngeall ar a n-ábharthacht teoranta maidir leis an margadh inmheánach. Agus an gníomh tarmligthe á ghlacadh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:
(a)
a mhéid a sholáthraítear na seirbhísí do ghnólachtaí infheistíochta nach bhfuil údaraithe ach i mBallstát amháin
(b)
líon na dtuarascálacha tráchtála nó na n-idirbheart
(c)
cé acu atá ARM nó APA ina chuid de ghrúpa de rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a oibríonn trasna teorannacha nó nach bhfuil. I gcás ina ndéanfaidh ÚEUM maoirseacht ar eintiteas maidir le haon seirbhís atá á soláthar aige ina cáil mar sholáthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí faoin Rialachán seo, ní dhéanfar aon cheann de na gníomhaíochtaí a dhéanann sé mar ARM nó mar APA a eisiamh ó mhaoirseacht ÚEUM faoi aon ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun na míre seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|