+Airteagal 2 Sainmhínithe
---+Airteagal 2 1.
---+Airteagal 2 2.
---+Airteagal 2 3.
|
Airteagal 2 Sainmhínithe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 2 1.
|
Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn “gnólacht infheistíochta” gnólacht infheistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(1) de Threoir 2014/65/AE;
(2)
ciallaíonn “seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta” seirbhísí agus gníomhaíochtaí infheistíochta a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(2) de Threoir 2014/65/AE;
(3)
ciallaíonn “seirbhísí coimhdeacha” seirbhísí coimhdeacha mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(3) de Threoir 2014/65/AE;
(4)
ciallaíonn “orduithe a fhorghníomhú thar ceann cliant” forghníomhú thar cheann cliant mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(5) de Threoir 2014/65/AE;
(5)
ciallaíonn “deileáil ar a chuntas féin” bheith ag deileáil ar a chuntas féin mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(6) de Threoir 2014/65/AE;
(6)
ciallaíonn “cruthaitheoir margaidh” cruthaitheoir margaidh mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(7) de Threoir 2014/65/AE;
(7)
ciallaíonn “cliant” cliant mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(9) de Threoir 2014/65/AE;
(8)
ciallaíonn “cliant gairmiúil” cliant gairmiúil mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(10) de Threoir 2014/65/AE;
▼M8
(8a)
ciallaíonn “margadh fáis FBManna” margadh fáis FBManna mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (12) de Threoir 2014/65/AE;
▼B
(9)
ciallaíonn “ionstraim airgeadais” ionstraim airgeadais mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(15) de Threoir 2014/65/AE;
(10)
ciallaíonn “oibreoir margaidh” oibreoir margaidh mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(18) de Threoir 2014/65/AE;
▼M8
(11)
ciallaíonn “córas iltaobhach” aon chóras nó saoráid ina bhfuil iliomad leasanna trádála ceannaigh agus díola tríú páirtithe in ionstraimí airgeadais in ann idirghníomhú;
▼B
(12)
ciallaíonn “inmheánaitheoir córasach” inmheánaitheoir córasach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(20) de Threoir 2014/65/AE;
(13)
ciallaíonn “margadh rialáilte” margadh rialáilte mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(21) de Threoir 2014/65/AE;
(14)
ciallaíonn “saoráid trádála iltaobhach” nó “MTF” saoráid trádála iltaobhach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(22) de Threoir 2014/65/AE;
(15)
ciallaíonn “saoráid trádála eagraithe” nó “OTF” saoráid trádála eagraithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(23) de Threoir 2014/65/AE;
(16)
ciallaíonn “ionad trádála” ionad trádála mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(24) de Threoir 2014/65/AE;
▼M8
(16a)
ciallaíonn “eintiteas foilsitheoireachta ainmnithe” gnólacht infheistíochta atá freagrach as idirbhearta a phoibliú trí APA i gcomhréir le hAirteagal 20(1) agus Airteagal 21(1);
▼M8
(17)
ciallaíonn “margadh leachtach”:
(a)
chun críoch Airteagail 9, 11 agus 11a:
(i)
maidir le bannaí, margadh ina bhfuil ceannaitheoirí agus díoltóirí atá réidh agus toilteanach ar bhonn leanúnach, i gcás ina ndéantar measúnú ar an margadh de réir mhéid eisiúna an bhanna;
(ii)
maidir le hionstraim airgeadais nó aicme d’ionstraim airgeadais seachas iad sin dá dtagraítear i bpointe (i), margadh ina bhfuil ceannaitheoirí agus díoltóirí atá réidh agus toilteanach ar bhonn leanúnach, i gcás ina ndéantar measúnú ar an margadh i gcomhréir leis na critéir seo a leanas, agus struchtúir shonracha mhargaidh na hionstraime airgeadais ar leith nó na haicme áirithe d’ionstraim airgeadais á gcur san áireamh:
—
meánmhinicíocht agus meánmhéid na n-idirbheart trasna réimse dálaí ar an margadh, ag féachaint do chineál agus saolré na dtáirgí laistigh den aicme d’ionstraim airgeadais,
—
líon agus cineál na rannpháirtithe sa mhargadh, lena n-áirítear an coibhneas idir na rannpháirtithe sa mhargadh agus na hionstraimí airgeadais a thrádáiltear maidir le táirge ar leith,
—
meánmhéid na raonta difríochta, nuair is ann dóibh,
—
méid na heisiúna, i gcás inarb iomchuí;
(b)
chun críoch Airteagail 4, 5 agus 14, margadh i gcomhair ionstraime airgeadais a thrádáiltear ar bhonn laethúil i gcás ina ndéantar measúnú ar an margadh de réir na gcritéar seo a leanas:
(i)
caipitliú margaidh na hionstraime airgeadais sin;
(ii)
meánlíon laethúil na n-idirbheart san ionstraim airgeadais sin;
(iii)
meánláimhdeachas laethúil na hionstraime airgeadais sin;
▼M3
(18)
ciallaíonn “údarás inniúil” údarás inniúil mar a shainmhínítear i bpointe (26) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE agus, i gcás údarú a fháil agus maoirseacht a dhéanamh ar sholáthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí, ESMA cé is moite de na sásraí tuairiscithe formheasta (ARManna) agus na socruithe formheasta maidir le foilsiú (APAnna) siúd a bhfuil maolú acu i gcomhréir le mír 3 den Airteagal seo;
▼B
(19)
ciallaíonn “insititiúid creidhmeasa” institiúid creidmheasa mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
3
);
(20)
ciallaíonn “brainse” brainse mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(30) de Threoir 2014/65/AE;
▼C3
(21)
ciallaíonn “dlúthbhaint” dlúthbhaint mar a shainmhínítear 4(1)(35) de Threoir 2014/65/AE;
(22)
ciallaíonn “comhlacht bainistíochta” comhlacht bainistíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(36) de Threoir 2014/65/AE;
▼M3
(22a)
ciallaíonn “bainistíocht shinsearach” bainistíocht shinsearach mar a shainmhínítear í i bpointe (37) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE;
▼C3
(23)
ciallaíonn “taisce struchtúraithe” taisce struchtúraithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(43) de Threoir 2014/65/AE;
(24)
ciallaíonn “urrúis inaistrithe” urrúis inaistrithe mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(44) de Threoir 2014/65/AE;
▼B
(25)
ciallaíonn “admhálacha taisclainne” admhálacha taisclainne mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(45) de Threoir 2014/65/AE;
(26)
ciallaíonn “ciste arna thrádáil ar an malartán” nó “ETF” ciste arna thrádáil ar an malartán mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(46) de Threoir 2014/65/AE;
(27)
ciallaíonn “deimhnithe” na hurrúis sin atá soshannta ar an margadh caipitil agus, i gcás aisíocaíochta ar infheistíocht ón eisiúnóir, atá rangaithe os cionn scaireanna ach faoi bhun ionstraimí bannaí neamhurraithe agus ionstraimí eile dá samhail;
(28)
ciallaíonn “táirgí airgeadais struchtúraithe” na hurrúis sin a chruthaítear chun urrusú agus aistriú a dhéanamh ar an riosca creidmheasa a bhaineann le comhthiomsú sócmhainní airgeadais a thugann teideal do shealbhóir an urrúis íocaíochtaí rialta a fháil a bhraitheann ar an sreabhadh airgid ó na bunsócmhainní;
(29)
ciallaíonn “díorthaigh” na hionstraimí airgeadais sin atá sainmhínithe i bpointe (44)(c) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE agus dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Roinn C (4) go (10) a ghabhann léi;
(30)
ciallaíonn “díorthaigh tráchtearraí” na hionstraimí airgeadais sin atá sainmhínithe i bpointe (44)(c) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, ar ionstraimí iad a bhaineann le tráchtearra nó le bunionstraim dá dtagraítear i Roinn C(10) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE nó i bpointí (5), (6), (7) agus (10) de Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann léi
(31)
ciallaíonn “CCP” CCP de réir bhrí Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
(32)
ciallaíonn “díorthach arna thrádáil ar mhalartán” díorthach a thrádáiltear ar mhargadh rialáilte nó ar mhargadh tríú tír a mheastar a bheith coibhéiseach le margadh rialáilte i gcomhréir le hAirteagal 28 den Rialachán seo, agus nach dtagann faoin sainmhíniú ar dhíorthach thar an gcuntar mar a shainmhínítear in Airteagal 2(7) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
▼M8
(32a)
ciallaíonn “díorthach thar an gcuntar” díorthach thar an gcuntar mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (7), de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
▼B
(33)
ciallaíonn “léiriú leasa inghníomhaithe” teachtaireacht ó chomhalta nó ó rannpháirtí amháin chuig comhalta nó rannpháirtí eile laistigh de chóras trádála maidir le leas trádála atá ar fáil ina bhfuil an fhaisnéis go léir atá riachtanach chun go bhféadfar comhaontú ar thrádáil;
▼M3
(34)
ciallaíonn “socrú formheasta maidir le foilsiú” nó “APA” duine atá údaraithe faoin Rialachán seo chun an tseirbhís foilsithe tuarascálacha trádála a sholáthar thar ceann gnólachtaí infheistíochta de bhun Airteagal 20 agus Airteagal 21;
▼M8
(35)
ciallaíonn “soláthraí teilitéipe comhdhlúite” nó “CTP” duine a údaraítear i gcomhréir le Teideal IVa, Caibidil 1 den Rialachán seo chun seirbhís lena mbailítear sonraí ó ionaid trádála agus APAnna a sholáthar, agus chun na sonraí sin a chomhdhlúthú ina sruth sonraí beo leictreonach leanúnach lena soláthraítear croí-shonraí margaidh agus sonraí rialála;
▼M3
(36)
ciallaíonn “sásra tuairiscithe formheasta” nó “ARM” duine a údaraítear faoin Rialachán seo chun an tseirbhís tuairiscithe sonraí idirbheart a sholáthar d’údaráis inniúla nó do ÚEUM thar ceann gnólachtaí infheistíochta;
▼M3
(36a)
ciallaíonn “soláthraithe seirbhísí tuairiscithe sonraí” na daoine dá dtagraítear i bpointe (34), i bpointe (35) agus i bpointe (36) agus daoine dá dtagraítear in Airteagal 27a(2);
▼M8
(36b)
ciallaíonn “croí-shonraí margaidh”:
(a)
gach ceann de na sonraí seo a leanas maidir le scair ar leith nó ETF ag aon stampa ama ar leith:
(i)
i gcás leabhair orduithe leanúnacha, an scothphraghas Eorpach tairgthe agus tairisceana agus an méid comhfhreagrach;
(ii)
i gcás córais trádála do cheantáil, an praghas is oiriúnaí don algartam trádála agus an méid a d’fhéadfadh rannpháirtithe sa chóras sin a fhorghníomhú ar an bpraghas sin;
(iii)
an praghas idirbhirt agus an méid a forghníomhaíodh ar an bpraghas sin;
(iv)
i gcás idirbheart, cineál an chórais trádála agus na tarscaoiltí agus na hiarchuir is infheidhme;
(v)
ach amháin i gcás na faisnéise dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii), an cód aitheantóra margaidh lena sainaithnítear go huathúil an t-ionad trádála agus, i gcás ionad forghníomhaithe eile, an cód aitheantóra lena sainaithnítear cineál an ionaid forghníomhaithe;
(vi)
an t-aitheantóir ionstraime caighdeánaithe a bhfuil feidhm aige ar fud na n-ionad forghníomhaithe;
(vii)
an fhaisnéis stampa ama maidir leis an méid seo a leanas, de réir mar is infheidhme:
—
forghníomhú an idirbhirt agus aon leasú air,
—
iontráil na dtairiscintí agus na dtairiscintí is fearr sa leabhar orduithe,
—
na praghsanna nó na méideanna a shonrú i gcóras trádála do cheantáil,
—
go bhfoilseoidh na hionaid trádála na gnéithe a liostaítear sa chéad fhleasc, sa dara fleasc agus sa tríú fleasc,
—
croí-shonraí margaidh a scaipeadh;
(b)
gach ceann de na sonraí seo a leanas maidir le banna ar leith nó díorthach thar an gcuntar ag aon stampa ama ar leith:
(i)
praghas an idirbhirt agus cainníocht nó méid an idirbhirt a forghníomhaíodh ag an bpraghas sin;
(ii)
an cód aitheantóra margaidh lena sainaithnítear go huathúil an t-ionad trádála agus, i gcás ionad forghníomhaithe eile, an cód aitheantóra lena sainaithnítear cineál an ionaid forghníomhaithe;
(iii)
i gcás bannaí, an t-aitheantóir ionstraime caighdeánaithe a bhfuil feidhm aige ar fud na n-ionad fhorghníomhaithe;
(iv)
maidir le díorthaigh thar an gcuntar, na sonraí tagartha sainaitheanta dá dtagraítear in Airteagal 27(1), an dara fomhír;
(v)
an fhaisnéis stampa ama maidir leis an méid seo a leanas:
—
forghníomhú an idirbhirt agus aon leasú air,
—
foilsiú an idirbhirt ag na hionaid trádála,
—
scaipeadh croí-shonraí margaidh;
(vi)
cineál an chórais trádála agus na tarscaoiltí agus na hiarchuir is infheidhme;
(36c)
ciallaíonn “sonraí rialála” sonraí a bhaineann le stádas na gcóras a mheaitseálann orduithe in ionstraimí airgeadais agus sonraí a bhaineann le stádas trádála ionstraimí airgeadais aonair;
▼B
(37)
ciallaíonn “Ballstát baile” Ballstát baile mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(55) de Threoir 2014/65/AE;
(38)
ciallaíonn “Ballstát óstach” Ballstát óstach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(56) de Threoir 2014/65/AE;
(39)
ciallaíonn “tagarmharc” aon ráta, innéacs nó figiúr, arna chur ar fáil don phobal nó arna fhoilsiú agus a dhéantar a chinneadh go tréimhsiúil nó go tráthrialta trí fhoirmle a chur i bhfeidhm maidir le luach bunsócmhainne amháin nó níos mó nó maidir le luach praghais amháin nó níos mó, nó atá bunaithe ar an luach sin, lena n-áirítear praghsanna measta, rátaí úis iarbhír nó measta nó aon luachanna eile, nó suirbhéanna agus a ndéantar an méid atá iníoctha faoi ionstraim airgeadais nó luach ionstraime airgeadais a chinneadh ina fhianaise.
(40)
ciallaíonn “socrú idir-inoibritheachta” socrú idir-inoibritheachta mar a shainmhínítear in Airteagal 2(12) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
(41)
ciallaíonn “institiúid airgeadais tríú tír” eintiteas a bhfuil a cheannoifig bunaithe i dtríú tír, ar eintiteas é atá údaraithe nó ceadúnaithe faoi dhlí an tríú tír sin tabhairt faoi cheann ar bith de na seirbhísí nó na gníomhaíochtaí a liostaítear i dTreoir 2013/36/AE, i dTreoir 2014/65/AE, i dTreoir 2009/138/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
4
), i dTreoir 2009/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
5
), i dTreoir 2003/41/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
6
) nó i dTreoir 2011/61/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
7
);
(42)
ciallaíonn “gnólacht tríú tír” gnólacht tríú tír mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(57) de Threoir 2014/65/AE;
(43)
ciallaíonn “táirge mórdhíola fuinnimh” táirgí mórdhíola fuinnimh mar a shainmhínítear in Airteagal 2(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1227/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
8
);
(44)
ciallaíonn “díorthaigh tráchtearraí talmhaíochta” conarthaí díorthacha a bhaineann le táirgí a liostaítear in Airteagal 1 de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
9
) agus in Iarscríbhinn I, Cuid I go Cuid XX agus Cuid XXIV/1 a ghabhann leis;
(45)
ciallaíonn “ilroinnt leachtachta” staid nuair a tharlaíonn ceann de na cásanna seo a leanas:
(a)
níl na rannpháirtithe in ionad trádála in ann idirbhearta a chur i gcrích le rannpháirtí amháin nó le níos mó ná rannpháirtí amháin san ionad trádála sin i ngeall ar nach ann do shocruithe imréitigh a bhfuil rochtain ag na rannpháirtithe uile orthu; nó
(b)
chuirfí iallach ar chomhalta imréitigh nó a chuid cliant a suímh a choimeád in ionstraim airgeadais i níos mó ná CCP amháin a chuirfeadh teorainn ar an acmhainneacht neamhchosaintí airgeadais a ghlanluacháil.
(46)
ciallaíonn “fiachas ceannasach” fiachas ceannasach mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1)(61) de Threoir 2014/65/AE;
(47)
ciallaíonn “comhbhrú punainne” seirbhís laghdaithe riosca ina ndéanann dhá chontrapháirtí nó níos mó cuid de na díorthaigh nó na díorthaigh uile arna dtíolacadh ag na contrapháirtithe sin lena gcuimisiú sa chomhbhrú punainne a fhoirceannadh go hiomlán nó go páirteach agus ina ndéantar díorthach eile a chur in ionad na ndíorthach a foirceannadh a bhfuil a luach barúlach comhcheangailte níos lú ná luach barúlach comhcheangailte na ndíorthach a foirceannadh;
▼M1
(48)
ciallaíonn “malartú le haghaidh sócmhainní fisiceacha” idirbheart i gconradh díorthach nó ionstraim airgeadais eile atá ag brath ar fhorghníomhú comhuaineach méid choibhéisigh de shócmhainn fhisiceach bhunúsach;
(49)
ciallaíonn “ordú pacáiste” ordú a dhéantar a phraghsáil mar aonad aonair:
(a)
chun críche malartaithe le haghaidh sócmhainní fisiceacha a fhorghníomhú; nó
(b)
in dhá cheann nó níos mó d'ionstraimí airgeadais chun idirbheart pacáiste a fhorghníomhú.
(50)
ciallaíonn “idirbheart pacáiste”:
(a)
malartú le haghaidh sócmhainní fisiceacha; nó
(b)
idirbheart lena mbaineann forghníomhú dhá cheann nó níos mó d'idirbhearta comhchoda in ionstraimí airgeadais agus lena gcomhlíontar na critéir seo a leanas go léir:
(i)
déantar an t-idirbheart a fhorghníomhú idir dhá cheann nó níos mó de chontrapháirtithe;
(ii)
tá riosca suntasach eacnamaíoch nó airgeadais ag gabháil le gach comhchuid den idirbheart maidir leis na comhchodanna eile go léir;
(iii)
tá forghníomhú gach comhchoda comhuaineach agus ag brath ar fhorghníomhú na gcomhchodanna eile go léir.
▼B
|
|
Airteagal 2 2.
|
Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun gnéithe teicniúla áirithe de na sainmhínithe a leagtar síos i mír 1 a shonrú tuilleadh, d’fhonn iad a oiriúnú d’fhorbairtí an mhargaidh.
|
|
Airteagal 2 3.
|
Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50, lena sonrófar critéir chun na ARManna agus na APAnna sin a shainaithint atá faoi réir údaraithe agus maoirseachta ag údarás inniúil de chuid Ballstáit de réir mar a shainmhnítear é i bpointe (26) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE) de mhaolú ar an Rialachán seo i ngeall ar a n-ábharthacht teoranta maidir leis an margadh inmheánach. Agus an gníomh tarmligthe á ghlacadh aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh ceann amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas:
(a)
a mhéid a sholáthraítear na seirbhísí do ghnólachtaí infheistíochta nach bhfuil údaraithe ach i mBallstát amháin
(b)
líon na dtuarascálacha tráchtála nó na n-idirbheart
(c)
cé acu atá ARM nó APA ina chuid de ghrúpa de rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a oibríonn trasna teorannacha nó nach bhfuil.
I gcás ina ndéanfaidh ÚEUM maoirseacht ar eintiteas maidir le haon seirbhís atá á soláthar aige ina cáil mar sholáthraí seirbhísí tuairiscithe sonraí faoin Rialachán seo, ní dhéanfar aon cheann de na gníomhaíochtaí a dhéanann sé mar ARM nó mar APA a eisiamh ó mhaoirseacht ÚEUM faoi aon ghníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun na míre seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0600
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|