+Airteagal 27 Oibleagáid chun sonraí tagartha ionstraime airgeadais a sholáthar
---+Article 27 1.
---+Airteagal 27 2.
---+Airteagal 27 3.
---+Airteagal 27 4.
---+Airteagal 27 5.
|
Airteagal 27 Oibleagáid chun sonraí tagartha ionstraime airgeadais a sholáthar
►M8
Maidir le hionstraimí airgeadais a ligtear isteach chun a dtrádála nó a thrádáiltear ar ionad trádála nó i gcás ina bhfuil trádáil na hionstraime eisithe formheasta ag an eisitheoir nó i gcás ina bhfuil iarraidh ar ligean isteach chun a dtrádála déanta, cuirfidh ionaid trádála sonraí tagartha sainaitheanta ar fáil do ÚEUM chun críocha tuairisciú idirbheart de bhun Airteagal 26 agus chun críche na gceanglas trédhearcachta faoi Airteagail 3, 6, 8, 8a, 8b, 10, 14, 20 agus 21. Maidir le díorthaigh thar an gcuntar, beidh sonraí tagartha sainaitheanta bunaithe ar aitheantóir táirge uathúil arna chomhaontú go domhanda agus ar aon sonraí tagartha sainaitheanta ábhartha eile. Maidir le díorthaigh thar an gcuntar nach gcumhdaítear leis an gcéad fhomhír den mhír seo agus a thagann faoi raon feidhme Airteagal 26(2), déanfaidh gach eintiteas foilsitheoireachta ainmnithe na sonraí tagartha sainaitheanta a sholáthar do ÚEUM. ◄ Ullmhófar sonraí tagartha aitheantais lena gcur faoi bhráid ÚEUM i bhformáid leictreonach agus chaighdeánaithe sula dtosóidh an trádáil san ionstraim airgeadais dá dtagraíonn na sonraí sin. Tabharfar sonraí tagartha na hionstraime airgeadais cothrom le dáta uair ar bith a thiocfaidh athrú ar na sonraí i leith ionstraim airgeadais. Foilseoidh ÚEUM na sonraí tagartha sin láithreach ar a shuíomh gréasáin. Tabharfaidh ÚEUM rochtain gan mhoill mhíchuí do na húdaráis inniúla ar na sonraí tagartha sin.
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Article 27 1.
|
►M8
With regard to financial instruments admitted to trading or traded on a trading venue or where the issuer has approved trading of the issued instrument or where a request for admission to trading has been made, trading venues shall provide ESMA with identifying reference data for the purposes of transaction reporting pursuant to Article 26 and of the transparency requirements pursuant to Articles 3, 6, 8, 8a, 8b, 10, 14, 20 and 21. With regard to OTC derivatives, identifying reference data shall be based on a globally agreed unique product identifier and on any other relevant identifying reference data. With regard to OTC derivatives not covered by the first subparagraph of this paragraph that fall within the scope of Article 26(2), each designated publishing entity shall provide ESMA with the identifying reference data. ◄
Identifying reference data shall be made ready for submission to ESMA in an electronic and standardised format before trading commences in the financial instrument that it refers to. The financial instrument reference data shall be updated whenever there are changes to the data with respect to a financial instrument. ESMA shall publish those reference data immediately on its website. ESMA shall give competent authorities access without undue delay to those reference data.
|
|
Airteagal 27 2.
|
Chun a chumasú d’údaráis inniúla faireachán a dhéanamh, de bhun Airteagal 26, ar ghníomhaíochtaí gnólachtaí infheistíochta chun a áirithiú go ngníomhóidh siad go hionraic, go cothrom agus go gairmiúil agus ar mhodh a chuirfidh sláine an mhargaidh chun cinn, déanfaidh ÚEUM tar éis dó dul i gcomhairle leis na húdaráis inniúla na socruithe is gá a bhunú chun an méid seo a leanas a áirithiú:
(a)
go bhfaigheann ÚEUM go héifeachtach na sonraí tagartha ionstraime airgeadais de bhun mhír 1 den Airteagal seo;
(b)
gurb iomchuí caighdeán na sonraí tagartha ionstraime airgeadais a gheofar de bhun mhír 1 den Airteagal seo chun idirbheart faoi Airteagal 26 a thuairisciú;
(c)
go dtarchuirfear na sonraí tagartha ionstraime airgeadais a gheofar de bhun mhír 1 den Airteagal seo go héifeachtúil agus gan mhoill míchuí chuig na húdaráis inniúla ábhartha.
(d)
go mbeidh sásraí éifeachtacha i bhfeidhm idir ÚEUM agus na húdaráis inniúla chun saincheisteanna maidir le seachadadh sonraí agus cáilíocht sonraí a réiteach.
|
|
Airteagal 27 3.
|
Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar:
(a)
caighdeáin sonraí agus formáidí do na sonraí tagartha ionstraime airgeadais i gcomhréir le mír 1, lena n-áirítear na modhanna agus na socruithe chun na sonraí agus aon nuashonrú a ghabhann leo a sholáthar do ÚEUM agus iad a tharchur chuig na húdaráis inniúla i gcomhréir le mír 1, agus foirm agus inneachar sonraí den sórt sin;
(b)
bearta teicniúla is gá i ndáil leis na socruithe a bheidh le déanamh ag ÚEUM agus na húdaráis inniúla de bhun mhír 2;
▼M8
(c)
an dáta a bhfuil na sonraí tagartha le tuairisciú faoi.
Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á ndréachtú ag ÚEUM, cuirfidh sé san áireamh forbairtí agus caighdeáin idirnáisiúnta a chomhaontaítear ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus comhsheasmhacht na ndréachtchaighdeán teicniúil rialála sin leis na ceanglais tuairiscithe a leagtar síos i Rialacháin (AE) Uimh. 648/2012 agus (AE) 2015/2365. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 27 4.
|
Féadfaidh ÚEUM na hoibleagáidí tuairiscithe a shonraítear i mír 1 a chur ar fionraí i gcás ionstraimí airgeadais áirithe nó i gcás na n-ionstraimí airgeadais go léir ach na tosca uile seo a leanas a bheith ann:
(a)
tá an fhionraí riachtanach chun sláine agus cáilíocht na sonraí tagartha a chaomhnú faoi réir na hoibleagáide tuairiscithe mar a shonraítear i mír 1, rud a d’fhéadfadh a bheith i mbaol de dheasca aon cheann de na nithe seo a leanas:
(i)
neamhiomláine thromchúiseach, míchruinneas nó truailliú na sonraí arna gcur isteach, nó
(ii)
i gcás nach mbeidh rochtain thráthúil ar na córais lena ndéanann ÚEUM, údaráis inniúla náisiúnta, bonneagair mhargaidh, córais imréitigh agus socraíochta, agus rannpháirtithe tábhachtacha margaidh na sonraí tagartha lena mbaineann a chur isteach, a bhailiú, a phróiseáil nó a stóráil, nó i gcás ina mbeidh cur isteach nó damáiste déanta ar fheidhmiú na gcóras sin;
(b)
nach rachaidh na ceanglais rialála atá infheidhme i ngleic leis an mbaol;
(c)
nach mbeidh éifeacht dhochrach ag an bhfionraí ar éifeachtúlacht na margaí airgeadais ná infheisteoirí, atá díréireach leis na sochair a thabharfaidh an ghníomhaíocht;
(d)
nach gcruthóidh an fhionraí arbatráiste rialála.
Agus an beart dá dtagraítear sa chéad fhomhír á ghlacadh aige, cuirfidh ÚEUM san áireamh a mhéid a áirithíonn an beart cruinneas agus iomláine na sonraí arna dtuairisciú chun na gcríoch atá sonraithe i mír 2. Sula gcinnfear aon bheart dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a dhéanamh, tabharfaidh ÚEUM fógra do na húdaráis inniúla ábhartha maidir leis an mbeart atá beartaithe aige. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na coinníollacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír a shonrú ghlacadh agus na himthosca ina scoirfidh an fhionraí dá dtagraítear san fhomhír sin d’fheidhm a bheith aige.
|
|
Airteagal 27 5.
|
Faoin 29 Meitheamh 2024, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shonrú a dhéanamh ar na sonraí tagartha sainaitheanta a úsáidfear maidir le díorthaigh thar an gcuntar chun críocha na gceanglas trédhearcachta a leagtar síos in Airteagal 8a(2) agus in Airteagail 10 agus 21. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 50 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na sonraí tagartha sainaitheanta a shonrú atá le húsáid maidir le díorthaigh thar an gcuntar chun críocha Airteagal 26.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0600
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|