|
+Airteagal 27h 7. |
Airteagal 27h 7.Chun críocha na scéime athdháilte ioncaim, cuirfidh an CTP an méid trádála seo a leanas san áireamh (“an méid trádála ábhartha”):
(a)
chun críocha mhír 6, pointe (a), an méid trádála bliantúil iomlán arna ghiniúint ag an ionad trádála sin;
(b)
chun críocha mhír 6, pointe (b):
(i)
i gcás ionaid trádála bheaga, a méid trádála bliantúil iomlán;
(ii)
i gcás ionaid trádála seachas ionaid trádála bheaga, an méid trádála a bhaineann leis na scaireanna agus leis na ETFanna dá dtagraítear sa phointe sin;
(c)
chun críocha mhír 6, pointe (c), an méid a bhaineann leis na scaireanna agus le ETFanna dá dtagraítear sa phointe sin. Déanfaidh an CTP méid an ioncaim a bheidh le hathdháileadh ar rannchuiditheoirí sonraí faoin scéim athdháilte ioncaim a chinneadh tríd an méid trádála ábhartha a iolrú faoin ualú a shanntar do gach critéar a leagtar síos i mír 6, mar a shonraítear sna caighdeáin theicniúla rialála arna nglacadh de bhun mhír 8. Má chomhlíonann ionaid trádála níos mó ná ceann amháin de na critéir a leagtar síos i mír 6, cuirfear go carnach na méideanna a eascraíonn as an ríomh dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|