+Airteagal 38o ÚEUM cúraimí a tharmligean chuig údaráis inniúla
---+Airteagal 38o 1.
---+Airteagal 38o 2.
---+Airteagal 38o 3.
---+Airteagal 38o 4.
---+Airteagal 38o 5.
|
Airteagal 38o ÚEUM cúraimí a tharmligean chuig údaráis inniúla
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 38o 1.
|
I gcás inar gá sin chun cúram maoirseachta a dhéanamh go cuí, féadfaidh ÚEUM cúraimí maoirseachta sonracha a tharmligean chuig údarás inniúil Ballstáit i gcomhréir leis na treoirlínte a d’eisigh ÚEUM de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010. Féadfaidh, go háirithe, an chumhacht chun faisnéis a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 38b agus chun imscrúduithe agus cigireachtaí ar an láthair a sheoladh i gcomhréir le hAirteagal 38c agus le hAirteagal 38d a bheith san áireamh sna cúraimí maoirseachta sonracha sin.
|
|
Airteagal 38o 2.
|
Sula ndéanfar cúram a tharmligean, rachaidh ÚEUM i gcomhairle leis an údarás inniúil ábhartha faoi na nithe seo a leanas:
(a)
raon feidhme an chúraim a bheidh le tarmligean;
(b)
an tráthchlár chun an cúram a chomhlíonadh; agus
(c)
tarchur na faisnéise riachtanaí ag ÚEUM agus chuici.
|
|
Airteagal 38o 3.
|
I gcomhréir leis an gníomh tarmligthe arna glacadh de bhun Airteagal 38n(3), déanfaidh ÚEUM údarás inniúil a chúiteamh i leith na gcostas arna dtabhú mar thoradh ar chúraimí tarmligthe a chur i gcrích.
|
|
Airteagal 38o 4.
|
Déanfaidh ÚEUM athbhreithniú ar an gcinneadh dá dtagraítear i mír 1 ag eatraimh iomchuí. Féadfar tarmligean a chúlghairm aon tráth.
|
|
Airteagal 38o 5.
|
Ní bheidh tionchar ag tarmligean cúraimí ar fhreagracht ÚEUM agus ní chuirfidh sé teorainn le cumas ÚEUM an ghníomhaíocht tharmligthe a dhéanamh agus a mhaoirsiú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 23.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32014R0600
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|