|
+Airteagal 5a 3. |
Airteagal 5a 3.D’ainneoin Airteagal 78(1), an dara fomhír, de Threoir (AE) 2015/2366, is é an tráth a mbeidh ordú íocaíochta le haghaidh aistriú creidmheasa a fháil ag SSI an íocóra an tráth a bhfaightear é, gan beann ar an uair ná ar an lá féilire. D’ainneoin Airteagal 78(2) de Threoir (AE) 2015/2366, má aontaíonn an t-íocóir agus SSI an íocóra go gcuirfear i gcrích an t-ordú íocaíochta le haghaidh aistriú creidmheasa meandrach ag tráth sonrach ar lá sonrach nó ag an nóiméad a chuirfidh an t-íocóir cistí ar fáil do SSI, measfar gurb é an tráth a bhfaightear an t-ordú íocaíochta le haghaidh aistriú creidmheasa meandrach an tráth comhaontaithe, gan beann ar an uair nó ar an lá féilire. De mhaolú ar an gcéad agus an dara fomhír den mhír seo, is é an tráth a bhfaighfear an t-ordú íocaíochta le haghaidh aistriú creidmheasa meandrach:
(a)
i gcás ordú íocaíochta neamhleictreonaí le haghaidh aistriú creidmheasa meandrach, an nóiméad a mbeidh an fhaisnéis faoin ordú íocaíochta curtha isteach ag SSI ina chóras inmheánach, rud a tharlóidh a luaithe is féidir tar éis don íocóir an t-ordú íocaíochta neamhleictreonaí le haghaidh aistriú creidmheasa meandrach a dhéanamh le SSI an íocóra;
(b)
i gcás ordú íocaíochta aonair d’aistriú creidmheasa meandrach a bhaineann le pacáiste dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo, i gcás ina ndéanfaidh SSI an íocóra an pacáiste sin a chomhshó ina idirbhearta íocaíochta aonair, an nóiméad a ndearna SSI an íocóra an t-idirbheart íocaíochta ina dhiaidh sin a dhíphacáil; cuirfidh SSI an íocóra tús le comhshó an phacáiste díreach tar éis don íocóir an t-ordú sin a dhéanamh le SSI an íocóra agus cuirfidh an soláthraí sin an comhshó sin i gcrích a luaithe is féidir;
(c)
i gcás ordú íocaíochta le haghaidh aistriú creidmheasa meandrach ó chuntais íocaíochta nach n-ainmnítear in euro, tráth a ndearnadh méid an idirbhirt íocaíochta a chomhshó go euro; déanfar an comhshó airgeadra sin díreach tar éis don íocóir an t-ordú íocaíochta le haghaidh aistriú creidmheasa meandrach a dhéanamh le SSI an íocóra. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|