+Airteagal 5a Idirbhearta aistrithe creidmheasa meandracha
---+Airteagal 5a 1.
---+Airteagal 5a 2.
---+Airteagal 5a 3.
---+Airteagal 5a 4.
---+Airteagal 5a 5.
---+Airteagal 5a 6.
---+Airteagal 5a 7.
---+Airteagal 5a 8.
|
Airteagal 5a Idirbhearta aistrithe creidmheasa meandracha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5a 1.
|
Déanfaidh SSInna a thairgeann seirbhís íocaíochta chun aistrithe creidmheasa a sheoladh agus a fháil dá gcuid USInna seirbhís íocaíochta a thairiscint dá gcuid USInna uile chun aistrithe creidmheasa meandracha a sheoladh agus a fháil. Áiritheoidh SSInna dá dtagraítear sa chéad fhomhír go mbeidh na cuntais íocaíochta uile atá inrochtana le haghaidh aistrithe creidmheasa inrochtana freisin le haghaidh aistrithe creidmheasa meandracha 24 uair an chloig in aghaidh an lae agus ar aon lá féilire.
|
|
Airteagal 5a 2.
|
De mhaolú ar mhír 1, agus faoi réir an cead a bheith faighte roimh ré óna údaráis inniúla bunaithe ar mheasúnú na n-údarás sin ar a rochtain ar leachtacht in euro, ní bheidh sé d’oibleagáid ar SSI atá lonnaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige an tseirbhís íocaíochta chun aistrithe creidmheasa meandracha a sheoladh in euro a thairiscint do USInna thar theorainn in aghaidh an idirbhirt, ó chuntais íocaíochta a ainmnítear in airgeadra náisiúnta an Bhallstáit sin, le linn na tréimhse nach seolann ná nach bhfaigheann an SSI sin idirbhearta aistrithe creidmheasa neamh-mheandracha in euro i ndáil leis na cuntais íocaíochta sin. Is iad na húdaráis inniúla a shocróidh an teorainn sin agus ní bheidh sí níos lú ná EUR 25 000 . Féadfaidh údaráis inniúla cead ar feadh tréimhse bliana a thabhairt roimh ré arna iarraidh sin do SSI. Arna iarraidh sin do SSI, féadfaidh údaráis inniúla tréimhsí bliana breise a chur leis an gcead sin a tugadh roimh ré, tar éis do na húdaráis inniúla athmheasúnú a dhéanamh ar rochtain SSI ar leachtacht in euro. Cuirfidh na húdaráis inniúla an Coimisiún ar an eolas ar bhonn bliantúil faoi na ceadanna a tugadh roimh ré agus na síntí a tugadh i gcomhréir leis an mír seo. Féadfaidh BCE agus banc ceannais náisiúnta ar bith, nuair nach bhfuil siad ag gníomhú ina gcáil mar údaráis airgeadaíochta nó mar údarás poiblí eile, a dtairiscint maidir le seirbhís íocaíochta chun aistrithe creidmheasa meandracha a sheoladh a theorannú go dtí an tréimhse ama ar lena linn a thairgeann siad an tseirbhís íocaíochta chun aistrithe creidmheasa neamh-mheandracha a sheoladh agus a fháil.
|
|
Airteagal 5a 3.
|
D’ainneoin Airteagal 78(1), an dara fomhír, de Threoir (AE) 2015/2366, is é an tráth a mbeidh ordú íocaíochta le haghaidh aistriú creidmheasa a fháil ag SSI an íocóra an tráth a bhfaightear é, gan beann ar an uair ná ar an lá féilire. D’ainneoin Airteagal 78(2) de Threoir (AE) 2015/2366, má aontaíonn an t-íocóir agus SSI an íocóra go gcuirfear i gcrích an t-ordú íocaíochta le haghaidh aistriú creidmheasa meandrach ag tráth sonrach ar lá sonrach nó ag an nóiméad a chuirfidh an t-íocóir cistí ar fáil do SSI, measfar gurb é an tráth a bhfaightear an t-ordú íocaíochta le haghaidh aistriú creidmheasa meandrach an tráth comhaontaithe, gan beann ar an uair nó ar an lá féilire. De mhaolú ar an gcéad agus an dara fomhír den mhír seo, is é an tráth a bhfaighfear an t-ordú íocaíochta le haghaidh aistriú creidmheasa meandrach:
(a)
i gcás ordú íocaíochta neamhleictreonaí le haghaidh aistriú creidmheasa meandrach, an nóiméad a mbeidh an fhaisnéis faoin ordú íocaíochta curtha isteach ag SSI ina chóras inmheánach, rud a tharlóidh a luaithe is féidir tar éis don íocóir an t-ordú íocaíochta neamhleictreonaí le haghaidh aistriú creidmheasa meandrach a dhéanamh le SSI an íocóra;
(b)
i gcás ordú íocaíochta aonair d’aistriú creidmheasa meandrach a bhaineann le pacáiste dá dtagraítear i mír 7 den Airteagal seo, i gcás ina ndéanfaidh SSI an íocóra an pacáiste sin a chomhshó ina idirbhearta íocaíochta aonair, an nóiméad a ndearna SSI an íocóra an t-idirbheart íocaíochta ina dhiaidh sin a dhíphacáil; cuirfidh SSI an íocóra tús le comhshó an phacáiste díreach tar éis don íocóir an t-ordú sin a dhéanamh le SSI an íocóra agus cuirfidh an soláthraí sin an comhshó sin i gcrích a luaithe is féidir;
(c)
i gcás ordú íocaíochta le haghaidh aistriú creidmheasa meandrach ó chuntais íocaíochta nach n-ainmnítear in euro, tráth a ndearnadh méid an idirbhirt íocaíochta a chomhshó go euro; déanfar an comhshó airgeadra sin díreach tar éis don íocóir an t-ordú íocaíochta le haghaidh aistriú creidmheasa meandrach a dhéanamh le SSI an íocóra.
|
|
Airteagal 5a 4.
|
Agus aistrithe creidmheasa meandracha á ndéanamh acu, comhlíonfaidh SSInna, i dteannta na gceanglas a leagtar amach in Airteagal 5, na ceanglais seo a leanas:
(a)
áiritheoidh SSInna go mbeidh íocóirí in ann ordú íocaíochta a dhéanamh ar aistriú creidmheasa meandrach trí na bealaí tionscanta íocaíochta céanna uile leis na bealaí trína bhfuil na híocóirí sin in ann ordú íocaíochta a dhéanamh le haghaidh aistrithe creidmheasa;
(b)
d’ainneoin Airteagal 83 de Threoir (AE) 2015/2366, díreach tar éis tráth faighte ordú íocaíochta le haghaidh aistriú creidmheasa meandrach, fíoróidh SSI an íocóra an bhfuil na coinníollacha uile is gá chun an t-idirbheart íocaíochta a phróiseáil á gcomhlíonadh agus an bhfuil na cistí riachtanacha ar fáil, déanfaidh siad an méid an idirbhirt íocaíochta a fhorchoimeád ar chuntas an íocóra nó é a chur de dhochar chuntas an íocóra agus an idirbheart íocaíochta a sheoladh láithreach chuig SSI an íocaí;
(c)
d’ainneoin Airteagal 83 agus Airteagal 87(2) de Threoir (AE) 2015/2366, laistigh de 10 soicind ón tráth a bhfaigheann SSI an íocaí an t-ordú íocaíochta le haghaidh aistriú creidmheasa meandrach ó SSI an íocóra, cuirfidh SSI an íocaí méid an idirbhirt íocaíochta ar fáil ar chuntas íocaíochta an íocaí san airgeadra ina n-ainmnítear cuntas an íocaí agus deimhneoidh sé cur i gcrích an idirbhirt íocaíochta do SSI an íocóra;
(d)
d’ainneoin Airteagal 87(1) de Threoir (AE) 2015/2366, áiritheoidh SSI an íocaí gurb ionann an dáta luacha creidmheasa do chuntas íocaíochta an íocaí agus an dáta ar a ndéanfaidh SSI an íocaí méid an idirbhirt íocaíochta a chreidiúnú do chuntas íocaíochta an íocaí; agus
(e)
díreach tar éis an deimhniú maidir le cur i gcrích dá dtagraítear i bpointe (c) a fháil, nó i gcás nach bhfaigheann SSI an íocóra deimhniú maidir le cur i gcrích den sórt sin laistigh de 10 soicind ón tráth a bhfaightear an t-ordú íocaíochta le haghaidh aistriú creidmheasa meandrach, cuirfidh SSI an íocóra an t-íocóir ar an eolas, saor in aisce, chomh maith leis an soláthraí seirbhíse tionscanta íocaíochta, i gcás inarb infheidhme, faoinar cuireadh méid an idirbhirt íocaíochta ar fáil ar chuntas íocaíochta an íocaí nó nár cuireadh.
|
|
Airteagal 5a 5.
|
D’ainneoin Airteagal 89 de Threoir (AE) 2015/2366, i gcás nach mbeidh teachtaireacht faighte ag SSI an íocóra ó SSI an íocaí lena ndeimhnítear gur cuireadh na cistí ar fáil ar chuntas íocaíochta an íocaí laistigh de 10 soicind ón tráth a bhfuarthas an t-ordú, cuirfidh SSI an íocóra cuntas íocaíochta an íocóra ar ais láithreach sa staid céanna ina mbeadh sé agus gan aon idirbheart a bheidh déanta.
|
|
Airteagal 5a 6.
|
Arna iarraidh sin do USI, tabharfaidh SSI an deis do USI teorainn a shocrú lena socrófar uasmhéid is féidir a sheoladh trí bhíthin aistriú creidmheasa meandrach. Féadfaidh an teorainn sin a bheith ina teorainn in aghaidh an lae nó in aghaidh an idirbhirt, de rogha USI amháin. Áiritheoidh SSInna go mbeidh USInna in ann an t-uasmhéid sin a mhodhnú tráth ar bith sula ndéanfar ordú íocaíochta le haghaidh aistriú creidmheasa meandrach. I gcás ina sáraíonn ordú íocaíochta USI le haghaidh aistriú creidmheasa meandrach an t-uasmhéid nó i gcás ina bhfuil sé ina chúis le sárú, ní dhéanfaidh SSI an íocóra an t-ordú íocaíochta le haghaidh aistriú creidmheasa meandrach a chur i gcrích, cuirfidh sé SSI ar an eolas ina leith agus cuirfidh sé USI ar an eolas faoin gcaoi is féidir an t-uasmhéid a mhodhnú.
|
|
Airteagal 5a 7.
|
Agus seirbhís íocaíochta á tairiscint chun aistrithe creidmheasa meandracha a sheoladh agus a fháil, tabharfaidh SSInna an deis dá gcuid USInna orduithe íocaíochta iolracha a chur isteach mar phacáiste má thugann SSInna an deis sin dá gcuid USInna le haghaidh aistrithe creidmheasa eile. Ní fhorchuirfidh SSInna teorainneacha ar líon na n-orduithe íocaíochta is féidir a chur isteach i bpacáiste d’aistrithe creidmheasa meandracha atá níos ísle ná na teorainneacha a fhorchuireann siad i leith pacáistí d’aistrithe creidmheasa eile.
|
|
Airteagal 5a 8.
|
Déanfaidh SSInna dá dtagraítear i mír 1 atá lonnaithe i mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra aige seirbhís íocaíochta aistrithe creidmheasa mheandarach a fháil in euro a thairiscint do USInna mar a leagtar síos san Airteagal seo faoin 9 Eanáir 2025, agus an tseirbhís chun aistrithe creidmheasa meandracha a sheoladh in euro mar a leagtar síos san Airteagal seo faoin 9 Deireadh Fómhair 2025. Déanfaidh SSInna dá dtagraítear i mír 1 atá lonnaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige seirbhís íocaíochta aistrithe creidmheasa mheandarach a fháil in euro a thairiscint do USInna mar a leagtar síos san Airteagal seo faoin 9 Eanáir 2027, agus an tseirbhís chun aistrithe creidmheasa meandracha a sheoladh in euro mar a leagtar síos san Airteagal seo faoin 9 Iúil 2027. De mhaolú ar an dara fomhír den mhír seo, go dtí an 9 Meitheamh 2028, ní bheidh sé d’oibleagáid ar SSI dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo atá lonnaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige an tseirbhís íocaíochta chun aistrithe creidmheasa meandracha a sheoladh a thairiscint do USInna in euro ó chuntais íocaíochta arna n-ainmniú in airgeadra náisiúnta an Bhallstáit sin, le linn na tréimhse nach seolann ná nach bhfaigheann na SSInna sin idirbhearta aistrithe creidmheasa neamh-mheandracha in euro i ndáil leis na cuntais íocaíochta sin. D’ainneoin na chéad fomhíre den mhír seo, i gcás SSInna ar institiúidí airgid leictreonaigh iad, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2009/110/CE, nó institiúidí íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Threoir (AE) 2015/2366, agus atá lonnaithe i mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra aige, déanfaidh siad an tseirbhís íocaíochta chun aistrithe creidmheasa meandracha in euro a sheoladh agus a fháil a thairiscint do USInna mar a leagtar síos san Airteagal seo faoin 9 Aibreán 2027. D’ainneoin an dara fomhír den mhír seo, SSInna ar institiúidí airgid leictreonaigh iad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Threoir 2009/110/CE nó institiúidí íocaíochta mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Threoir (AE) 2015/2366 agus atá lonnaithe i mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra aige, déanfaidh siad an tseirbhís íocaíochta chun aistrithe creidmheasa meandracha in euro a fháil a thairiscint do USInna mar a leagtar síos san Airteagal seo faoin 9 Aibreán 2027, agus an tseirbhís maidir le haistrithe creidmheasa meandracha a sheoladh in euro mar a leagtar síos san Airteagal seo faoin 9 Iúil 2027.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 08.04.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32012R0260
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|