5. Éileoidh na húdaráis inniúla dá dtagraítear in Airteagal 13, arna hiarraidh sin dóibh ar scéimeanna cártaí íocaíochta agus/nó ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochta, an fhaisnéis go léir is gá a chur ar fáil chun cur i bhfeidhm ceart mhír 3 agus mhír 4 den Airteagal seo a fhíorú. Cuirfear faisnéis den sórt sin chuig an údarás inniúil roimh an 1 Márta den bhliain i ndiaidh na tréimhse tagartha dá dtagraítear sa chéad abairt de mhír 4. Aon fhaisnéis eile lena gcuirtear ar chumas na n-údarás inniúil comhlíonadh na bhforálacha den Chaibidil seo a fhíorú, cuirfear chuig na húdaráis inniúla arna hiarraidh sin i scríbhinn dóibh agus laistigh den spriocdháta a bheidh leagtha síos acu í. Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheangal go ndeimhneoidh iniúchóir neamhspleách an fhaisnéis sin.