+CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
---+Airteagal 1 Ábhar
---+Airteagal 2 Raon Feidhme
------+Airteagal 2 1.
------+Airteagal 2 2.
------+Airteagal 2 3.
------+Airteagal 2 4.
------+Airteagal 2 5.
------+Airteagal 2 6.
------+Airteagal 2 7.
------+Airteagal 2 8.
---+Airteagal 3 Sainmhínithe
---+Airteagal 4 Méideanna a shloinntear in euro a chomhshó ina n-airgeadra náisiúnta
------+Airteagal 4 1.
------+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 5 Oibleagáid chun faisnéis a sholáthar saor in aisce do thomhaltóirí
---+Airteagal 6 Neamh-idirdhealú
|
CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
CAIBIDIL I FORÁLACHA GINEARÁLTA
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 Ábhar
|
Airteagal 1
Leagtar síos leis an Treoir seo creat coiteann chun comhchuibhiú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe de dhlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le comhaontuithe creidmheasa le haghaidh tomhaltóirí.
|
|
Airteagal 2 Raon Feidhme
|
|
|
Airteagal 3 Sainmhínithe
|
Airteagal 3
Chun críocha na Treorach seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn ‘tomhaltóir’ duine nádúrtha atá ag gníomhú chun críoch atá lasmuigh dá thrádáil nó dá trádáil, dá ghnó nó dá gnó nó dá ghairm nó dá gairm;
(2)
ciallaíonn ‘creidiúnaí’ duine nádúrtha nó dlítheanach a dheonaíonn creidmheas nó a gheallann creidmheas a dheonú le linn thrádáil, ghnó nó ghairm an duine sin;
(3)
ciallaíonn ‘comhaontú creidmheasa’ comhaontú trína ndeonaíonn creidiúnaí creidmheas, nó trína ngeallann creidiúnaí creidmheas a dheonú, do thomhaltóir i bhfoirm íocaíocht iarchurtha, iasachta nó garaíocht airgeadais chomhchosúil eile seachas comhaontuithe maidir le soláthar seirbhísí ar bhonn leanúnach ná soláthar earraí den chineál céanna, i gcás ina n-íocfaidh an tomhaltóir as na seirbhísí nó na hearraí sin ar feadh fhad a soláthair trí thráthchodanna;
(4)
ciallaíonn ‘seirbhís choimhdeach’ seirbhís a thairgtear don tomhaltóir i gcomhar leis an gcomhaontú creidmheasa;
(5)
ciallaíonn ‘costas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir’ na costais uile, lena n-áirítear ús, coimisiúin, cánacha agus aon chineál eile táillí, a cheanglaítear ar an tomhaltóir a íoc i ndáil leis an gcomhaontú creidmheasa agus arb eol don chreidiúnaí fúthu, seachas costais nótaire; tá costais i leith seirbhísí coimhdeacha a bhaineann leis an gcomhaontú creidmheasa, go háirithe préimheanna árachais, ar áireamh freisin i gcostas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir i gcás ina bhfuil sé éigeantach, ina theannta sin, conradh a thabhairt i gcrích maidir leis na seirbhísí coimhdeacha sin chun an creidmheas a fháil nó chun é a fháil ar na téarmaí agus na coinníollacha a ndéantar margaíocht ina leith;
(6)
ciallaíonn ‘an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir’ suim an mhéid iomláin creidmheasa agus chostas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir;
(7)
ciallaíonn ‘ráta céatadánach bliantúil an mhuirir’ nó ‘APR’ costas iomlán an chreidmheasa don tomhaltóir, arna shloinneadh mar chéatadán bliantúil de mhéid iomlán an chreidmheasa agus arna ríomh mar a leagtar amach in Airteagal 30;
(8)
ciallaíonn ‘ráta iasachta’ an ráta úis a shloinntear mar chéatadán seasta nó athraitheach a chuirtear i bhfeidhm maidir leis an méid creidmheasa a tarraingíodh anuas;
(9)
ciallaíonn ‘ráta iasachta seasta’ an ráta iasachta a chomhaontaíonn an creidiúnaí agus an tomhaltóir sa chomhaontú creidmheasa ar feadh fhad iomlán an chomhaontaithe creidmheasa, nó roinnt rátaí iasachta a chomhaontaíonn an creidiúnaí agus an tomhaltóir sa chomhaontú creidmheasa ar feadh tréimhsí páirteacha ar ina leith a chinntear na rátaí iasachta agus úsáid eisiach á baint as céatadán seasta sonrach; mura gcinntear na rátaí iasachta uile sa chomhaontú creidmheasa, measfar nach bhfuil an ráta iasachta socraithe ach amháin ar feadh na dtréimhsí páirteacha ar lena n-aghaidh atá na rátaí iasachta cinnte go heisiach le céatadán seasta sonrach a chomhaontaítear ar thabhairt i gcrích an chomhaontaithe creidmheasa;
(10)
ciallaíonn ‘méid iomlán creidmheasa’ an uasteorainn nó na suimeanna iomlána a chuirtear ar fáil faoi chomhaontú creidmheasa;
(11)
ciallaíonn ‘meán marthanach’ aon ionstraim lena gcuirtear ar a cumas nó ar a chumas don tomhaltóir faisnéis atá dírithe go pearsanta air nó uirthi a stóráil ar bhealach atá inrochtana sa todhchaí ar feadh tréimhse leordhóthanach chun críocha na faisnéise agus lena bhféadfar an fhaisnéis atá stóráilte a atáirgeadh gan í a athrú;
(12)
ciallaíonn ‘idirghabhálaí creidmheasa’ duine nádúrtha nó dlítheanach nach bhfuil ag gníomhú mar chreidiúnaí ná nótaire ná nach gcuireann tomhaltóir i láthair creidiúnaí, agus sin amháin, agus a dhéanann an méid seo a leanas, le linn thrádáil, ghnó nó ghairm an duine sin, ar luach saothair, a fhéadfaidh a bheith i bhfoirm airgid nó aon fhoirm chomhaontaithe eile de chomaoin airgeadais:
(a)
comhaontuithe creidmheasa a chur i láthair tomhaltóirí nó a thairiscint dóibh;
(b)
cúnamh a thabhairt do thomhaltóirí trí obair ullmhúcháin nó riarachán réamhchonarthach eile a dhéanamh i leith comhaontuithe creidmheasa seachas dá dtagraítear i bpointe (a); nó
(c)
comhaontuithe creidmheasa a thabhairt i gcrích le tomhaltóirí thar ceann an chreidiúnaí;
(13)
ciallaíonn ‘faisnéis réamhchonarthach’ an fhaisnéis a sholáthraítear sula mbeidh an tomhaltóir faoi cheangal ag comhaontú creidmheasa nó, i gcás inarb infheidhme, trí thairiscint cheangailteach a thíolacadh agus atá de dhíth ar an tomhaltóir chun bheith in ann tairiscintí creidmheasa éagsúla a chur i gcomparáid le chéile agus cinneadh eolach a dhéanamh i dtaobh an dtabharfaidh sé nó sí an comhaontú creidmheasa i gcrích;
(14)
ciallaíonn ‘próifíliú’ próifíliú mar a shainmhínítear in Airteagal 4, pointe (4), de Rialachán (AE) 2016/679;
(15)
ciallaíonn ‘cleachtas nasctha’ comhaontú creidmheasa a thairiscint nó a dheonú i bpacáiste le táirgí airgeadais ar leith eile nó seirbhísí airgeadais ar leith eile i gcás nach gcuirtear an comhaontú creidmheasa ar fáil don tomhaltóir ar leithligh;
(16)
ciallaíonn ‘cleachtas cuachta’ comhaontú creidmheasa a thairiscint nó a dhíol i bpacáiste le táirgí airgeadais ar leith eile nó seirbhísí ar leith eile i gcás ina gcuirtear an comhaontú creidmheasa ar fáil freisin don tomhaltóir ar leithligh ach ní gá go ndéantar sin ar na téarmaí ná na coinníollacha céanna atá ann nuair a thairgtear iad cuachta leis na táirgí nó seirbhísí eile sin;
(17)
ciallaíonn ‘seirbhísí comhairleacha’ moltaí pearsanta a thugtar do thomhaltóir i leith idirbheart amháin nó níos mó a bhaineann le comhaontuithe creidmheasa agus ar gníomhaíocht ar leithligh iad ó dheonú creidmheasa agus ó na gníomhaíochtaí idirghabhála creidmheasa mar a leagtar amach i bpointe (12);
(18)
ciallaíonn ‘saoráid rótharraingthe’ comhaontú creidmheasa sainráite trína gcuireann creidiúnaí cistí ar fáil do thomhaltóir is mó ná an t-iarmhéid reatha i gcuntas reatha an tomhaltóra;
(19)
ciallaíonn ‘rótharraingt intuigthe’ rótharraingt, a bhfuil glacadh léi go hintuigthe, trína gcuireann creidiúnaí cistí ar fáil do thomhaltóir, cistí is mó ná an t-iarmhéid reatha i gcuntas reatha an tomhaltóra nó an tsaoráid rótharraingthe a comhaontaíodh;
(20)
ciallaíonn ‘comhaontú creidmheasa nasctha’ comhaontú creidmheasa inarb amhlaidh:
▼C1
(a)
go bhfónann an creidmheas go heisiach chun comhaontú a mhaoiniú maidir le soláthar earraí sonracha nó soláthar seirbhíse sonraí; agus
▼B
(b)
go bhfuil an dá chomhaontú sin, ó thaobh oibiachtúil de, ina n-aonad tráchtála; measfar gurb ann d’aonad tráchtála i gcás ina maoiníonn an soláthróir earraí nó an soláthraí seirbhíse féin an creidmheas don tomhaltóir nó, i gcás ina maoiníonn tríú páirtí an creidmheas, ina n-úsáideann an creidiúnaí seirbhísí an tsoláthróra earraí nó an tsoláthraí seirbhísí i dtaca le margú, tabhairt i gcrích nó ullmhú an chomhaontaithe creidmheasa, nó i gcás ina sonraítear go sainráite na hearraí sonracha nó soláthar seirbhíse sonraí sa chomhaontú creidmheasa;
(21)
ciallaíonn ‘aisíocaíocht luath’ urscaoileadh iomlán nó páirteach oibleagáidí an tomhaltóra faoi chomhaontú creidmheasa, roimh an dáta a comhaontaíodh sa chomhaontú creidmheasa;
(22)
ciallaíonn ‘fiach-sheirbhísí comhairleacha’ cúnamh pearsantaithe de chineál teicniúil, dlíthiúil nó síceolaíoch a sholáthraíonn oibreoirí gairmiúla neamhspleácha nach creidiúnaithe ná idirghabhálaithe creidmheasa iad, go háirithe, mar a shainmhínítear sa Treoir seo, ná nach ceannaitheoirí creidmheasa ná seirbhíseoirí creidmheasa iad mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointí (6) agus (8), de Threoir (AE) 2021/2167 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
3
), i bhfabhar tomhaltóirí a bhfuil deacrachtaí acu nó a bhféadfadh deacrachtaí a bheith acu a gceangaltais airgeadais a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 4 Méideanna a shloinntear in euro a chomhshó ina n-airgeadra náisiúnta
|
|
|
Airteagal 5 Oibleagáid chun faisnéis a sholáthar saor in aisce do thomhaltóirí
|
Airteagal 5
Oibleagáid chun faisnéis a sholáthar saor in aisce do thomhaltóirí
Ceanglóidh na Ballstáit, nuair a sholáthraítear faisnéis do thomhaltóirí i gcomhréir leis an Treoir seo, go soláthrófar an fhaisnéis sin gan muirear a chur ar an tomhaltóir gan beann ar an meán a úsáidtear chun í a sholáthar.
|
|
Airteagal 6 Neamh-idirdhealú
|
Airteagal 6
Áiritheoidh na Ballstáit nach ndéanfar leis na coinníollacha a bheidh le comhlíonadh chun creidmheas a dheonú idirdhealú in aghaidh tomhaltóirí atá ina gcónaí go dlíthiúil san Aontas mar gheall ar a náisiúntacht nó a n-áit chónaithe ná mar gheall ar aon fhoras eile dá dtagraítear in Airteagal 21 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, nuair a dhéanann na tomhaltóirí sin comhaontú creidmheasa a iarraidh, a thabhairt i gcrích nó a choinneáil laistigh den Aontas.
Ní dochar an chéad mhír don fhéidearthacht coinníollacha éagsúla rochtana ar chreidmheas a thairiscint i gcás ina dtugtar údar cuí leis na coinníollacha éagsúla sin de réir critéir oibiachtúla.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L2225
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|