+Airteagal 2 6.

Airteagal 2 6.

Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh nach mbeidh feidhm ach amháin ag Airteagail 1, 2, 3, 7, 8, 11, 19 agus 20, Airteagal 21(1), an chéad fhomhír, pointí (a) go (h) agus (l), Airteagal 21(3) agus Airteagail 23, 25 agus 28 go 50 maidir le comhaontuithe creidmheasa ar eagraíocht a thugann i gcrích iad a bhfuil a ballraíocht srianta do dhaoine atá ina gcónaí nó atá fostaithe i suíomh ar leith nó d’fhostaithe agus d’fhostaithe ar scor de chuid fostóra ar leith, nó do dhaoine a chomhlíonann cáilíochtaí eile a leagtar síos faoin dlí náisiúnta mar bhunús le nasc coiteann a bheith idir na comhaltaí agus a chomhlíonann na coinníollacha uile seo a leanas:

(a) 

bunaítear í chun tairbhe frithpháirtí a comhaltaí;

(b) 

ní dhéanann sí brabúis le haghaidh aon duine eile seachas a comhaltaí;

(c) 

comhlíonann sí críoch shóisialta a cheanglaítear leis an dlí náisiúnta;

(d) 

ní fhaigheann ná ní bhainistíonn sí ach amháin coigiltis a comhaltaí ná ní sholáthraíonn sí foinsí creidmheasa ach amháin do na comhaltaí sin;

(e) 

soláthraíonn sí creidmheas ar bhonn ráta céatadánach bliantúil an mhuirir atá níos ísle ná an ceann atá i réim ar an margadh nó atá faoi réir uasteorainn a leagtar síos leis an dlí náisiúnta.

Féadfaidh na Ballstáit comhaontuithe creidmheasa a dhíolmhú ó chur i bhfeidhm na Treorach seo, más comhaontuithe iad a thug eagraíocht dá dtagraítear sa chéad fhomhír i gcrích i gcás ina bhfuil luach iomlán na gcomhaontuithe creidmheasa uile atá ann cheana agus a rinne an eagraíocht sin neamhshuntasach i ndáil le luach iomlán na gcomhaontuithe creidmheasa uile atá ann cheana sa Bhallstát ina bhfuil an eagraíocht bunaithe agus ina bhfuil luach iomlán na gcomhaontuithe creidmheasa uile atá ann cheana agus a rinne na heagraíochtaí sin uile sa Bhallstát sin níos lú ná 1 % de luach iomlán na gcomhaontuithe creidmheasa uile atá ann cheana agus a rinneadh sa Bhallstát sin.

Déanfaidh na Ballstáit athbhreithniú gach bliain ar cibé acu atá nó nach bhfuil na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm aon díolúine mar sin dá dtagraítear sa dara fomhír fós comhlíonta agus déanfaidh siad beart chun an díolúine a tharraingt siar i gcás ina measann siad nach gcomhlíontar na coinníollacha sin a thuilleadh.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L2225
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.