|
+Airteagal 11 4. |
Airteagal 11 4.Sonrófar san fhaisnéis réamhchonarthach dá dtagraítear i mír 1 gach ceann de na heilimintí seo a leanas, a thaispeánfar tar éis na heilimintí a liostaítear i mír 2 a dheighilt go suntasach uathu:
(a)
an cineál creidmheasa;
(b)
i gcás ina bhfuil rátaí iasachta éagsúla i bhfeidhm in imthosca éagsúla, agus na coinníollacha lena rialaítear cur i bhfeidhm gach ráta iasachta, aon innéacs nó ráta tagartha is infheidhme maidir leis an ráta iasachta tosaigh, na muirir is infheidhme ón tráth a thugtar an comhaontú creidmheasa i gcrích, agus, i gcás inarb infheidhme, na coinníollacha faoina bhféadfar na muirir sin a athrú;
(c)
sampla ionadaíoch ina léirítear ráta céatadánach bliantúil an mhuirir agus an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir, a léirítear trí shampla ionadaíoch ina luaitear na toimhdí uile a úsáideadh chun an ráta sin a ríomh;
(d)
na coinníollacha agus an nós imeachta chun an comhaontú creidmheasa a fhoirceannadh;
(e)
i gcás inarb infheidhme, faisnéis maidir leis an gcaoi a gcinnfear cúiteamh an chreidiúnaí i gcás aisíocaíocht luath;
(f)
i gcás inarb infheidhme, léiriú go bhféadfar a iarraidh ar an tomhaltóir an méid creidmheasa a aisíoc ina iomláine tráth ar bith;
(g)
tagairt do cheart an tomhaltóra chun bheith curtha ar an eolas láithreach agus saor in aisce, de bhun Airteagal 19(6), faoin toradh ar cheadú bunachair sonraí a dhéantar chun a acmhainneacht creidmheasa nó a hacmhainneacht creidmheasa a mheasúnú;
(h)
i gcás inarb infheidhme, léiriú go raibh an praghas pearsantaithe ar bhonn próiseáil uathoibríoch, lena n-áirítear próifíliú;
(i)
i gcás inarb infheidhme, an tréimhse ar lena linn atá an creidiúnaí faoi cheangal ag an bhfaisnéis réamhchonarthach a sholáthraítear i gcomhréir leis an Airteagal seo;
(j)
tagairt don deis a bheith ag an tomhaltóir dul i muinín sásra gearán agus sásaimh lasmuigh den chúirt agus na bealaí chun rochtain a fháil air;
(k)
rabhadh agus míniú maidir leis na hiarmhairtí dlíthiúla agus airgeadais a ghabhann le neamhchomhlíonadh na ngealltanas eile atá nasctha leis an gcomhaontú creidmheasa sonrach;
(l)
sceideal aisíocaíochta ina mbeidh na híocaíochtaí agus na haisíocaíochtaí uile thar thréimhse an chomhaontaithe creidmheasa, lena n-áirítear na híocaíochtaí agus na haisíocaíochtaí le haghaidh aon seirbhísí coimhdeacha a bhaineann leis an gcomhaontú creidmheasa a dhíoltar go comhuaineach, trína mbunaítear íocaíochtaí agus aisíocaíochtaí, i gcás ina mbeidh feidhm ag rátaí iasachta éagsúla in imthosca éagsúla, ar athruithe réasúnacha aníos ar an ráta iasachta. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|