+Airteagal 16 Seirbhísí comhairleacha
---+Airteagal 16 1.
---+Airteagal 16 2.
---+Airteagal 16 3.
---+Airteagal 16 4.
---+Airteagal 16 5.
---+Airteagal 16 6.
|
Airteagal 16 Seirbhísí comhairleacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 16 1.
|
Ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfaidh an creidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, an t-idirghabhálaí creidmheasa an tomhaltóir a chur ar an eolas go sainráite, i gcomhthéacs idirbheart ar leith, maidir le cibé acu atá nó nach bhfuil seirbhísí comhairleacha á soláthar, nó is féidir nó nach féidir iad a sholáthar, don tomhaltóir.
|
|
Airteagal 16 2.
|
Ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfaidh an creidiúnaí agus, i gcás inarb infheidhme, an t-idirghabhálaí creidmheasa, roimh sholáthar seirbhísí comhairleacha nó tabhairt i gcrích conartha maidir le soláthar na seirbhísí sin, an fhaisnéis seo a leanas a sholáthar don tomhaltóir ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile arna roghnú ag an tomhaltóir:
▼C1
(a)
léiriú ar cibé acu a bheidh nó nach mbeidh an moladh bunaithe ar a raon táirgí féin, agus air sin amháin, i gcomhréir le mír 3, pointe (c), nó ar raon leathan táirgí ó gach cearn den mhargadh;
▼B
(b)
i gcás inarb infheidhme, léiriú ar an táille is iníoctha ag an tomhaltóir as na seirbhísí comhairleacha nó, i gcás nach féidir méid na táille sin a shuí nuair a sholáthraítear an fhaisnéis, an modh a úsáidtear lena ríomh.
An fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, féadfar í a sholáthar don tomhaltóir i bhfoirm faisnéis réamhchonarthach bhreise i gcomhréir le hAirteagal 10(6), an dara fomhír.
|
|
Airteagal 16 3.
|
I gcás ina soláthraítear seirbhísí comhairleacha do thomhaltóirí, ceanglóidh na Ballstáit go ndéanfaidh creidiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, idirghabhálaithe creidmheasa:
(a)
an fhaisnéis riachtanach a fháil maidir le staid airgeadais, roghanna agus cuspóirí an tomhaltóra i ndáil leis an gcomhaontú creidmheasa, le go bhféadfaidh an creidiúnaí nó an t-idirghabhálaí creidmheasa comhaontuithe creidmheasa a mholadh atá oiriúnach don tomhaltóir;
(b)
measúnú a dhéanamh ar an staid airgeadais agus riachtanais an tomhaltóra ar bhonn na faisnéise dá dtagraítear i bpointe (a) a bheidh cothrom le dáta tráth an mheasúnaithe, agus cuirfear toimhdí réasúnacha san áireamh ann maidir leis na rioscaí atá ann do staid airgeadais an tomhaltóra thar théarma an chomhaontaithe creidmheasa a mholtar;
(c)
líon sách mór comhaontuithe creidmheasa a mheas ina raon táirgí agus ar an mbonn sin comhaontú creidmheasa amháin nó níos mó a mholadh as measc an raoin táirgí sin atá oiriúnach do riachtanais, staid airgeadais agus imthosca pearsanta an tomhaltóra;
(d)
gníomhú chun leas an tomhaltóra; agus
(e)
taifead a thabhairt don tomhaltóir ar an moladh arna sholáthar, ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile arna roghnú ag an tomhaltóir agus a shonraítear sa chonradh chun seirbhísí comhairleacha a sholáthar.
|
|
Airteagal 16 4.
|
Féadfaidh na Ballstáit úsáid na dtéarmaí ‘comhairle’ agus ‘comhairleoir’ nó téarmaí comhchosúla a thoirmeasc nuair atá na seirbhísí comhairleacha á margú agus á soláthar do thomhaltóirí ag creidiúnaithe nó, i gcás inarb infheidhme, ag idirghabhálaithe creidmheasa. I gcás nach dtoirmiscfidh na Ballstáit úsáid na dtéarmaí ‘comhairle’ ná ‘comhairleoir’ ná téarmaí comhchosúla, forchuirfidh siad na coinníollacha seo a leanas maidir le húsáid an téarma ‘comhairle neamhspleách’ nó ‘comhairleoir neamhspleách’ ag creidiúnaithe agus idirghabhálaithe creidmheasa a sholáthraíonn seirbhísí comhairleacha:
(a)
déanfaidh creidiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, idirghabhálaithe creidmheasa líon sách mór comhaontuithe creidmheasa atá ar fáil ar an margadh a mheas; agus
(b)
ní íocfaidh creidiúnaí amháin ná níos mó luach saothair le hidirghabhálaithe creidmheasa i ndáil leis na seirbhísí comhairleacha.
Ní bheidh feidhm ag pointe (b) den dara fomhír ach amháin i gcás inar lú an líon creidiúnaithe arna meas ná tromlach den mhargadh. Féadfaidh na Ballstáit ceanglais níos déine a fhorchur maidir le húsáid na dtéarmaí ‘comhairle neamhspleách’ nó ‘comhairleoir neamhspleách’ ag creidiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, ag idirghabhálaithe creidmheasa.
|
|
Airteagal 16 5.
|
Ceanglóidh na Ballstáit go dtabharfaidh creidiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, idirghabhálaithe creidmheasa rabhadh do thomhaltóir nuair is féidir go spreagfar le comhaontú creidmheasa riosca sonrach don tomhaltóir i bhfianaise staid airgeadais an tomhaltóra.
|
|
Airteagal 16 6.
|
Áiritheoidh na Ballstáit nach bhféadfaidh ach amháin creidiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, idirghabhálaithe creidmheasa seirbhísí comhairleacha a sholáthar. Féadfaidh na Ballstáit, de mhaolú ar an gcéad fhomhír, a cheadú do dhaoine eile seachas iad sin dá dtagraítear sa chéad fhomhír seirbhísí comhairleacha a sholáthar i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
soláthraítear na seirbhísí comhairleacha ar bhealach teagmhasach i gcúrsa gníomhaíocht ghairmiúil a rialáiltear le forálacha dlí nó rialála nó cód eitice nach n-eisiatar soláthar na seirbhísí sin leo;
(b)
déantar na seirbhísí comhairleacha a sholáthar i gcomhthéacs bainistíocht féich atá ann cheana ag cleachtóirí dócmhainneachta agus i gcás ina ndéantar an ghníomhaíocht bhainistíochta sin a rialáil le forálacha dlí nó rialála;
(c)
déantar na seirbhísí comhairleacha a sholáthar i gcomhthéacs bainistiú fiach atá ann cheana ag soláthraithe fiach-sheirbhísí comhairleacha poiblí nó deonacha dá dtagraítear in Airteagal 36 nach n-oibríonn ar bhonn tráchtála;
(d)
soláthraíonn daoine atá údaraithe agus maoirsithe ag údaráis inniúla na seirbhísí comhairleacha.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L2225
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|