|
+Airteagal 16 4. |
Airteagal 16 4.Féadfaidh na Ballstáit úsáid na dtéarmaí ‘comhairle’ agus ‘comhairleoir’ nó téarmaí comhchosúla a thoirmeasc nuair atá na seirbhísí comhairleacha á margú agus á soláthar do thomhaltóirí ag creidiúnaithe nó, i gcás inarb infheidhme, ag idirghabhálaithe creidmheasa. I gcás nach dtoirmiscfidh na Ballstáit úsáid na dtéarmaí ‘comhairle’ ná ‘comhairleoir’ ná téarmaí comhchosúla, forchuirfidh siad na coinníollacha seo a leanas maidir le húsáid an téarma ‘comhairle neamhspleách’ nó ‘comhairleoir neamhspleách’ ag creidiúnaithe agus idirghabhálaithe creidmheasa a sholáthraíonn seirbhísí comhairleacha:
(a)
déanfaidh creidiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, idirghabhálaithe creidmheasa líon sách mór comhaontuithe creidmheasa atá ar fáil ar an margadh a mheas; agus
(b)
ní íocfaidh creidiúnaí amháin ná níos mó luach saothair le hidirghabhálaithe creidmheasa i ndáil leis na seirbhísí comhairleacha. Ní bheidh feidhm ag pointe (b) den dara fomhír ach amháin i gcás inar lú an líon creidiúnaithe arna meas ná tromlach den mhargadh. Féadfaidh na Ballstáit ceanglais níos déine a fhorchur maidir le húsáid na dtéarmaí ‘comhairle neamhspleách’ nó ‘comhairleoir neamhspleách’ ag creidiúnaithe agus, i gcás inarb infheidhme, ag idirghabhálaithe creidmheasa. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|