+Airteagal 24 Saoráidí rótharraingthe
---+Airteagal 24 1.
---+Airteagal 24 2.
---+Airteagal 24 3.
---+Airteagal 24 4.
---+Airteagal 24 5.
|
Airteagal 24 Saoráidí rótharraingthe
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 24 1.
|
I gcás ina mbeidh creidmheas deonaithe i bhfoirm saoráid rótharraingthe, ceanglóidh na Ballstáit go gcoimeádfaidh an creidiúnaí, ar feadh fhad an chomhaontaithe creidmheasa, an tomhaltóir ar an eolas go tráthrialta, uair sa mhí ar a laghad, trí ráitis chuntais, ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile a shonraítear sa chomhaontú creidmheasa, ina mbeidh na heilimintí seo a leanas:
(a)
an tréimhse bheacht lena mbaineann an ráiteas cuntais;
(b)
méideanna agus dátaí na dtarraingtí anuas;
(c)
an t-iarmhéid ón ráiteas roimhe sin, agus dáta an ráitis sin;
(e)
dátaí agus méideanna na n-íocaíochtaí atá déanta ag an tomhaltóir;
(f)
an ráta iasachta a cuireadh i bhfeidhm;
(g)
aon mhuirear a cuireadh i bhfeidhm;
(h)
i gcás inarb infheidhme, an t-íosmhéid atá le híoc ag an tomhaltóir.
|
|
Airteagal 24 2.
|
I gcás ina mbeidh creidmheas deonaithe i bhfoirm saoráid rótharraingthe, ceanglóidh na Ballstáit go gcuirfidh an creidiúnaí an tomhaltóir ar an eolas ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile a shonraítear sa chomhaontú creidmheasa, faoi mhéaduithe sa ráta iasachta nó in aon mhuirear is iníoctha, in am trátha sula dtagann an t-athrú i gceist i bhfeidhm. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear san fhomhír sin a thabhairt go tréimhsiúil ar an mbealach dá bhforáiltear i mír 1 i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
tháinig na páirtithe ar chomhaontú maidir leis an bhfaisnéis thréimhsiúil sin sa chomhaontú creidmheasa;
(b)
athrú i ráta tagartha is cúis leis an athrú sa ráta iasachta;
(c)
cuirtear an ráta tagartha nua ar fáil go poiblí trí mhodhanna iomchuí;
(d)
tá an fhaisnéis maidir leis an ráta tagartha nua le fáil freisin:
(i)
in áitreabh an chreidiúnaí;
(ii)
i gcás ina bhfuil suíomh gréasáin ag an gcreidiúnaí, ar an suíomh gréasáin sin; agus
(iii)
i gcás ina bhfuil feidhmchlár móibíleach ag an gcreidiúnaí, tríd an bhfeidhmchlár móibíleach sin.
|
|
Airteagal 24 3.
|
Ceanglóidh na Ballstáit ar an gcreidiúnaí fógra a thabhairt don tomhaltóir ar bhealach comhaontaithe faoi gach laghdú nó cealú ar an tsaoráid rótharraingthe 30 lá ar a laghad roimh an lá a ghabhfaidh éifeacht le laghdú nó cealú iarbhír na saoráide rótharraingthe.
|
|
Airteagal 24 4.
|
I gcás ina ndéantar an tsaoráid rótharraingthe a laghdú nó a chur ar ceal, ceanglóidh na Ballstáit ar an gcreidiúnaí an deis a thairiscint don tomhaltóir, sula dtionscnófar na himeachtaí forfheidhmiúcháin, gan aon chostais bhreise, an méid iarbhír a tarraingíodh anuas a aisíoc go feadh mhéid an laghdaithe sin nó an chealaithe sin. Déanfar aisíocaíocht den sórt sin in 12 thráthchuid mhíosúla chomhionanna ach amháin má roghnaíonn an tomhaltóir aisíocaíocht níos luaithe a dhéanamh, ag an ráta iasachta is infheidhme maidir leis an tsaoráid rótharraingthe.
|
|
Airteagal 24 5.
|
Féadfaidh na Ballstáit forálacha níos déine a choinneáil nó a ghlacadh maidir le hábhair a bhaineann le cosaint tomhaltóirí a bhfuil saoráid rótharraingthe acu seachas iad siúd dá dtagraítear san Airteagal seo, i gcomhréir le dlí an Aontais.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 30.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L2225
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|