|
+Airteagal 24 2. |
Airteagal 24 2.I gcás ina mbeidh creidmheas deonaithe i bhfoirm saoráid rótharraingthe, ceanglóidh na Ballstáit go gcuirfidh an creidiúnaí an tomhaltóir ar an eolas ar pháipéar nó ar mheán marthanach eile a shonraítear sa chomhaontú creidmheasa, faoi mhéaduithe sa ráta iasachta nó in aon mhuirear is iníoctha, in am trátha sula dtagann an t-athrú i gceist i bhfeidhm. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfar an fhaisnéis dá dtagraítear san fhomhír sin a thabhairt go tréimhsiúil ar an mbealach dá bhforáiltear i mír 1 i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
tháinig na páirtithe ar chomhaontú maidir leis an bhfaisnéis thréimhsiúil sin sa chomhaontú creidmheasa;
(b)
athrú i ráta tagartha is cúis leis an athrú sa ráta iasachta;
(c)
cuirtear an ráta tagartha nua ar fáil go poiblí trí mhodhanna iomchuí;
(d)
tá an fhaisnéis maidir leis an ráta tagartha nua le fáil freisin:
(i)
in áitreabh an chreidiúnaí;
(ii)
i gcás ina bhfuil suíomh gréasáin ag an gcreidiúnaí, ar an suíomh gréasáin sin; agus
(iii)
i gcás ina bhfuil feidhmchlár móibíleach ag an gcreidiúnaí, tríd an bhfeidhmchlár móibíleach sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|