+Airteagal 35 Riaráistí agus bearta staonta
---+Airteagal 35 1.
---+Airteagal 35 2.
---+Airteagal 35 3.
---+Airteagal 35 4.
---+Airteagal 35 5.

Airteagal 35 Riaráistí agus bearta staonta

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 35 1.
Ceanglóidh na Ballstáit ar chreidiúnaithe, i gcás inarb iomchuí, staonadh réasúnach a fheidhmiú sula dtionscnaítear imeachtaí forfheidhmithe. Cuirfear san áireamh leis na bearta staonta sin, i measc eilimintí eile, imthosca aonair an tomhaltóra. Ní cheanglófar ar chreidiúnaithe bearta staonta a thairiscint arís agus arís eile do thomhaltóirí, ach amháin i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo.

Ní cheanglófar ar chreidiúnaithe measúnú acmhainneachta creidmheasa a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 18 nuair a bheidh téarmaí agus coinníollacha comhaontaithe creidmheasa atá ann cheana á modhnú i gcomhréir leis an tríú fomhír, pointe (b), den mhír seo, ar choinníoll nach méadófar go suntasach an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir agus an comhaontú creidmheasa á mhodhnú.

Na bearta staonta dá dtagraítear sa chéad fhomhír:

(a) 

féadfar a áireamh iontu, i measc féidearthachtaí eile, athmhaoiniú iomlán nó páirteach ar chomhaontú creidmheasa;

(b) 

áireofar iontu modhnú ar na téarmaí agus coinníollacha atá ann cheana do chomhaontú creidmheasa, agus féadfaidh na nithe seo a leanas, i measc féidearthachtaí eile, a bheith san áireamh leis sin:

(i) 

síneadh a chur le téarma an chomhaontaithe creidmheasa;

(ii) 

cineál an chomhaontaithe creidmheasa a athrú;

(iii) 

íocaíocht na haisíocaíochta tráthchodanna ar fad nó cuid díobh a iarchur ar feadh tréimhse;

(iv) 

an ráta iasachta a laghdú;

(v) 

saoire íocaíochta a thairiscint;

(vi) 

aisíocaíochtaí páirteacha;

(vii) 

comhshó airgeadra;

(viii) 

maitheamh páirteach agus comhdhlúthú fiach.

Airteagal 35 2.
Beidh liosta na mbeart féideartha i mír 1, an tríú fomhír, pointe (b), gan dochar don dlí náisiúnta agus ní cheanglófar leo ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir leis na bearta uile sin sa dlí náisiúnta.
Airteagal 35 3.
I gcás ina gceadóidh na Ballstáit do chreidiúnaithe muirir a shainiú agus a fhorchur ar an tomhaltóir a eascraíonn as mainneachtain, féadfaidh na Ballstáit sin a cheangal nach mbeidh na muirir sin níos mó ná mar is gá chun an creidiúnaí a chúiteamh as na costais a thabhaigh sé mar thoradh ar an mainneachtain.
Airteagal 35 4.
I gcás ina gceadóidh na Ballstáit do chreidiúnaithe muirir bhreise a fhorchur ar an tomhaltóir i gcás mainneachtana, cuirfidh na Ballstáit sin uasteorainn ar na muirir sin.
Airteagal 35 5.
Ní chuirfidh na Ballstáit cosc ar na páirtithe i gcomhaontú creidmheasa a chomhaontú go sainráite gur leor, chun an creidmheas a aisíoc, earraí a chumhdaítear le comhaontú creidmheasa nasctha nó fáltais ó dhíol na n-earraí sin a chur ar ais nó a aistriú chuig an gcreidiúnaí.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 30.10.2023 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023L2225
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.