|
+Airteagal 35 1. |
Airteagal 35 1.Ceanglóidh na Ballstáit ar chreidiúnaithe, i gcás inarb iomchuí, staonadh réasúnach a fheidhmiú sula dtionscnaítear imeachtaí forfheidhmithe. Cuirfear san áireamh leis na bearta staonta sin, i measc eilimintí eile, imthosca aonair an tomhaltóra. Ní cheanglófar ar chreidiúnaithe bearta staonta a thairiscint arís agus arís eile do thomhaltóirí, ach amháin i gcásanna a bhfuil bonn cirt leo. Ní cheanglófar ar chreidiúnaithe measúnú acmhainneachta creidmheasa a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 18 nuair a bheidh téarmaí agus coinníollacha comhaontaithe creidmheasa atá ann cheana á modhnú i gcomhréir leis an tríú fomhír, pointe (b), den mhír seo, ar choinníoll nach méadófar go suntasach an méid iomlán is iníoctha ag an tomhaltóir agus an comhaontú creidmheasa á mhodhnú. Na bearta staonta dá dtagraítear sa chéad fhomhír:
(a)
féadfar a áireamh iontu, i measc féidearthachtaí eile, athmhaoiniú iomlán nó páirteach ar chomhaontú creidmheasa;
(b)
áireofar iontu modhnú ar na téarmaí agus coinníollacha atá ann cheana do chomhaontú creidmheasa, agus féadfaidh na nithe seo a leanas, i measc féidearthachtaí eile, a bheith san áireamh leis sin:
(i)
síneadh a chur le téarma an chomhaontaithe creidmheasa;
(ii)
cineál an chomhaontaithe creidmheasa a athrú;
(iii)
íocaíocht na haisíocaíochta tráthchodanna ar fad nó cuid díobh a iarchur ar feadh tréimhse;
(iv)
an ráta iasachta a laghdú;
(v)
saoire íocaíochta a thairiscint;
(vi)
aisíocaíochtaí páirteacha;
(vii)
comhshó airgeadra;
(viii)
maitheamh páirteach agus comhdhlúthú fiach. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|