|
+Airteagal 19b 1. |
Airteagal 19b 1.De mhaolú ar Airteagal 19, i ndáil le gaolmhaireacht chomhfhreagrach trasteorann lena mbaineann forghníomhú seirbhísí cripteashócmhainní mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1), pointe (16), de Rialachán (AE) 2023/1114, cé is moite de phointe (h) den phointe sin, le heintiteas is freagróir nach bhfuil bunaithe san Aontas agus a sholáthraíonn seirbhísí comhchosúla, lena n-áirítear aistrithe cripteashócmhainní, ceanglóidh na Ballstáit, sa bhreis ar na bearta díchill chuí do chustaiméirí a leagtar síos in Airteagal 13 den Treoir seo, ar sholáthraithe seirbhísí cripteashócmhainní, agus iad ag dul i mbun gaolmhaireacht ghnó le heintiteas den sórt sin, an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
a chinneadh an bhfuil an t-eintiteas is freagróir ceadúnaithe nó cláraithe;
(b)
faisnéis leordhóthanach a bhailiú faoin eintiteas is freagróir chun cineál gnó an fhreagróra a thuiscint go hiomlán agus chun cáil an eintitis agus cáilíocht na maoirseachta a chinneadh ó fhaisnéis atá ar fáil go poiblí;
(c)
measúnú a dhéanamh ar rialuithe AML/CFT an eintitis is freagróir;
(d)
formheas a fháil ón mbainistíocht shinsearach sula mbunófar gaolmhaireacht chomhfhreagrach nua;
(e)
freagrachtaí faoi seach gach páirtí sa ghaolmhaireacht chomhfhreagrach a dhoiciméadú;
(f)
maidir le cuntais cripteashócmhainní ‘iníoctha tríd’, a bheith sásta gur fhíoraigh an t-eintiteas is freagróir céannacht na gcustaiméirí agus go ndearnadh dícheall cuí leanúnach ar na custaiméirí a bhfuil rochtain dhíreach acu ar chuntais an eintitis comhfhreagraigh, agus go bhfuil sé ábalta sonraí ábhartha díchill chuí do chustaiméirí a sholáthar don eintiteas is freagróir, arna iarraidh sin. I gcás ina gcinnfidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní gaolmhaireacht chomhfhreagrach a fhoirceannadh ar chúiseanna a bhaineann le beartas in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta, déanfaidh siad a gcinneadh a dhoiciméadú agus a thaifeadadh. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí cripteashócmhainní an fhaisnéis díchill chuí don ghaolmhaireacht chomhfhreagrach a thabhairt cothrom le dáta ar bhonn tráthrialta nó nuair a thagann rioscaí nua chun cinn i ndáil leis an eintiteas is freagróir. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|