+Airteagal 4a 4.
|
Airteagal 4a 4.
Tosóidh an tréimhse mharana ón dáta ar scoireadh den rannpháirtíocht dhíreach i maoirseacht na n-eintiteas dá dtagraítear i mír 3, pointe (b)(i). Áiritheoidh na húdaráis inniúla nach mbeidh aon rochtain ag a mbaill foirne ná ag comhaltaí a gcomhlachtaí rialachais ar fhaisnéis rúnda nó íogair a bhaineann leis na heintitis sin le linn na tréimhse marana. I gcás ina ndéanann na heintitis dá dtagraítear i mír 3, pointí (b)(i) agus (ii), daoine a fhostú, ní bheidh fad na tréimhse marana níos lú ná 6 mhí do bhaill foirne a bhfuil baint dhíreach acu leis an maoirseacht ar eintitis dá dtagraítear i mír 3, pointe (b)(i), agus ní bheidh sé níos lú ná 12 mhí do chomhaltaí chomhlacht rialachais an údaráis inniúil. I gcás ina ndéanann na heintitis dá dtagraítear i mír 3, pointe (b)(iii), daoine a fhostú, ní bheidh fad na tréimhse marana níos lú ná 3 mhí do bhaill foirne agus comhaltaí chomhlacht rialachais an údaráis inniúil araon. Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt d’údaráis inniúla a mbaill foirne agus comhaltaí a gcomhlachtaí rialachais a bhfuil feidhm ag mír 3, pointe (b)(i), maidir leo a chur faoi réir tréimhse mharana i gcás ina bhfostaíonn iomaitheoirí díreacha ceann de na heintitis dá dtagraítear sa phointe sin iad. Chun na gcríoch sin, ní bheidh fad na tréimhse marana níos lú ná 3 mhí do bhaill foirne a bhfuil baint dhíreach acu leis an maoirseacht ar na hinstitiúidí sin agus ní bheidh sé níos lú ná 6 mhí do chomhaltaí chomhlacht rialachais an údaráis inniúil.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|