+Airteagal 4a Neamhspleáchas maoirseachta na n-údarás inniúil
---+Airteagal 4a 1.
---+Airteagal 4a 2.
---+Airteagal 4a 3.
---+Airteagal 4a 4.
---+Airteagal 4a 5.
---+Airteagal 4a 6.
---+Airteagal 4a 7.
---+Airteagal 4a 8.
---+Airteagal 4a 9.

Airteagal 4a Neamhspleáchas maoirseachta na n-údarás inniúil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 4a 1.
Chun críocha an Airteagail seo, ciallaíonn “comhaltaí chomhlacht rialachais an údaráis inniúil” daoine nádúrtha atá mar chuid de chomhlacht cinnteoireachta comhchoitinne is sinsearaí an údaráis inniúil agus a bhfuil sé de chumhacht acu feidhmeanna feidhmiúcháin a fheidhmiú maidir le bainistiú laethúil fheidhm mhaoirseachta an údaráis inniúil, seachas gobharnóirí banc ceannais náisiúnta.
Airteagal 4a 2.
Chun neamhspleáchas na n-údarás inniúil i bhfeidhmiú a gcumhachtaí a chaomhnú, soláthróidh na Ballstáit na socruithe is gá chun a áirithiú gur féidir leis na húdaráis inniúla, lena n-áirítear a mbaill foirne agus comhaltaí a gcomhlachtaí rialachais, a gcumhachtaí maoirseachta a fheidhmiú go neamhspleách agus go hoibiachtúil, gan treoracha a lorg nó a ghlacadh ó institiúidí atá faoi mhaoirseacht, ó aon chomhlacht de chuid an Aontais nó ó rialtas aon Bhallstáit nó ó aon chomhlacht poiblí nó príobháideach eile. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh comhlachtaí rialachais na n-údarás inniúil neamhspleách ó thaobh feidhme de ar chomhlachtaí poiblí agus príobháideacha eile. Ní dochar na socruithe sin do na socruithe faoin dlí náisiúnta trína bhfuil údaráis inniúla faoi réir cuntasacht phoiblí agus dhaonlathach.

Áiritheoidh na Ballstáit nach bhfanfaidh aon chomhalta de chomhlacht rialachais údaráis inniúil a cheapfar tar éis 11 Eanáir 2026 in oifig ar feadh tréimhse is faide ná 14 bliana. Áiritheoidh na Ballstáit go gceapfar comhaltaí de chomhlacht rialachais údaráis inniúil ar bhonn critéar foilsithe atá oibiachtúil agus trédhearcach agus go bhféadfar na comhaltaí sin a bhriseadh as a bpost mura gcomhlíonfaidh siad na critéir cheapacháin a thuilleadh nó más rud é go gciontófar iad i gcion coiriúil tromchúiseach. Beidh na cúiseanna leis an dífhostú foilsithe go poiblí mura gcuirfidh comhalta chomhlacht rialachais an údaráis inniúil lena mbaineann in aghaidh an fhoilsithe sin.

Áiritheoidh na Ballstáit go bhfoilseoidh na húdaráis inniúla a gcuspóirí, go mbeidh siad freagrach as a ndualgais a chomhlíonadh i ndáil leis na cuspóirí sin agus go mbeidh siad faoi réir rialú airgeadais ar bhealach nach ndéanann difear dá neamhspleáchas.

Ní dochar an mhír seo do chearta agus oibleagáidí údarás inniúil de bhun na gcóras idirnáisiúnta nó Eorpach um maoirseacht airgeadais, go háirithe an córas Eorpach um maoirseacht airgeadais arna bhunú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ( 4 ), an sásra aonair maoirseachta arna bhunú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013 ón gComhairle ( 5 ) agus Rialachán (AE) Uimh. 468/2014 ón mBanc Ceannais Eorpach ( 6 ), agus an Sásra Réitigh Aonair arna bhunú de bhun Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 7 ).

Airteagal 4a 3.

Áiritheoidh na Ballstáit, go háirithe, go bhfuil na socruithe is gá i bhfeidhm ag na húdaráis inniúla chun coinbhleachtaí leasa a mball foirne agus chomhaltaí a gcomhlachtaí rialachais a chosc. Chun na críche sin, leagfaidh na Ballstáit síos rialacha atá comhréireach le ról agus freagrachtaí na mball foirne agus chomhaltaí comhlachtaí rialachais, agus a chuirfidh cosc orthu, ar a laghad, an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a) 

trádáil in ionstraimí airgeadais arna n-eisiúint ag na hinstitiúidí atá faoi mhaoirseacht a n-údarás inniúil, agus ag máthairghnóthais, fochuideachtaí nó cleamhnaithe díreacha nó indíreacha na n-institiúidí sin nó trádáil in ionstraimí ina dtagraítear dóibh sin, cé is moite díobh seo a leanas:

(i) 

ionstraimí arna mbainistiú ag tríú páirtithe ar choinníoll go gcuirtear bac ar úinéirí na n-ionstraimí sin idirghabháil a dhéanamh i mbainistiú na punainne;

(ii) 

infheistíochtaí i ngnóthais chomhinfheistíochta;

(b) 

post nó aon chineál conartha a ghlacadh chun seirbhísí gairmiúla a sholáthar le linn tréimhse áirithe (“tréimhse mharana”) le haon cheann díobh seo a leanas:

(i) 

institiúidí a raibh baint dhíreach ag an mball foirne nó ag comhalta chomhlacht rialachais an údaráis inniúil leo chun críoch maoirseachta nó cinnteoireachta, lena n-áirítear máthairghnóthais, fochuideachtaí nó cleamhnaithe díreacha nó indíreacha na n-institiúidí sin;

(ii) 

eintitis a sholáthraíonn seirbhísí d’aon cheann de na heintitis dá dtagraítear i bpointe (i), mura gcuirtear dianchosc ar an mball foirne nó ar chomhalta chomhlacht rialachais an údaráis inniúil páirt a ghlacadh i soláthar na seirbhísí sin le linn na tréimhse marana;

(iii) 

eintitis a dhéanann gníomhaíochtaí brústocaireachta agus abhcóideachta atá dírithe ar an údarás inniúil maidir le hábhair a raibh an ball foirne nó comhalta chomhlachta rialachais an údaráis inniúil freagrach astu le linn fhostaíocht nó théarma oifige an bhaill foirne nó an chomhalta sin.

Ní bheidh feidhm ag na heisceachtaí dá bhforáiltear sa chéad fhomhír, pointí (a)(i) agus (ii), ach amháin i gcás nach n-infheistíonn na tríú páirtithe agus na gnóthais chomhinfheistíochta den chuid is mó in ionstraimí arna n-eisiúint ag na heintitis dá dtagraítear i bpointe (a) nó a thagraíonn dóibh.

Airteagal 4a 4.
Tosóidh an tréimhse mharana ón dáta ar scoireadh den rannpháirtíocht dhíreach i maoirseacht na n-eintiteas dá dtagraítear i mír 3, pointe (b)(i). Áiritheoidh na húdaráis inniúla nach mbeidh aon rochtain ag a mbaill foirne ná ag comhaltaí a gcomhlachtaí rialachais ar fhaisnéis rúnda nó íogair a bhaineann leis na heintitis sin le linn na tréimhse marana. I gcás ina ndéanann na heintitis dá dtagraítear i mír 3, pointí (b)(i) agus (ii), daoine a fhostú, ní bheidh fad na tréimhse marana níos lú ná 6 mhí do bhaill foirne a bhfuil baint dhíreach acu leis an maoirseacht ar eintitis dá dtagraítear i mír 3, pointe (b)(i), agus ní bheidh sé níos lú ná 12 mhí do chomhaltaí chomhlacht rialachais an údaráis inniúil. I gcás ina ndéanann na heintitis dá dtagraítear i mír 3, pointe (b)(iii), daoine a fhostú, ní bheidh fad na tréimhse marana níos lú ná 3 mhí do bhaill foirne agus comhaltaí chomhlacht rialachais an údaráis inniúil araon.

Féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt d’údaráis inniúla a mbaill foirne agus comhaltaí a gcomhlachtaí rialachais a bhfuil feidhm ag mír 3, pointe (b)(i), maidir leo a chur faoi réir tréimhse mharana i gcás ina bhfostaíonn iomaitheoirí díreacha ceann de na heintitis dá dtagraítear sa phointe sin iad. Chun na gcríoch sin, ní bheidh fad na tréimhse marana níos lú ná 3 mhí do bhaill foirne a bhfuil baint dhíreach acu leis an maoirseacht ar na hinstitiúidí sin agus ní bheidh sé níos lú ná 6 mhí do chomhaltaí chomhlacht rialachais an údaráis inniúil.

Airteagal 4a 5.

De mhaolú ar mhír 4, féadfaidh na Ballstáit cead a thabhairt d’údaráis inniúla tréimhsí marana níos giorra de 3 mhí ar a laghad a chur i bhfeidhm maidir leis na baill foirne a bhfuil baint dhíreach acu le maoirseacht ar institiúidí ach amháin i gcás inar fíor an méid seo a leanas maidir le tréimhse mharana níos faide:

(a) 

go gcuirfeadh sí srian míchuí ar chumas an údaráis inniúil baill foirne nua a fhostú a bhfuil na scileanna leordhóthanacha nó riachtanacha acu chun a fheidhmeanna maoirseachta a fheidhmiú, go háirithe agus méid beag an mhargaidh saothair náisiúnta á chur san áireamh; nó

(b) 

gur sárú a bheadh inti ar aon cheart bunúsach ábhartha a aithnítear i mbunreacht an Bhallstáit lena mbaineann, de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, nó ar aon chearta oibrithe ábhartha mar a leagtar amach i ndlí náisiúnta an tsaothair.

Airteagal 4a 6.
Beidh baill foirne agus comhaltaí de chomhlacht rialachais údaráis inniúil atá faoi réir an toirmisc dá bhforáiltear i mír 3, pointe (b), i dteideal cúiteamh iomchuí a fháil as an toirmeasc sin. Cinnfidh na Ballstáit foirm iomchuí an chúitimh sin.
Airteagal 4a 7.
Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh baill foirne agus comhaltaí chomhlacht rialachais an údaráis inniúil faoi réir dearbhú leasa. Áireofar sa dearbhú sin faisnéis faoi shealúchais an chomhalta i bhfoirm stoc, cothromais, bannaí, cistí frithpháirteacha, cistí infheistíochta, cistí de chineál measctha, cistí fálaithe agus cistí arna dtrádáil ar an malartán, a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis imní maidir le coinbhleacht leasa. Cuirfidh na daoine lena mbaineann an dearbhú leasa isteach sula gceapfar iad, agus cuirfidh siad isteach é ar bhonn bliantúil ina dhiaidh sin.

Ní dochar an dearbhú leasa d’aon cheanglas dearbhú rachmais a thíolacadh faoi na rialacha náisiúnta is infheidhme.

Airteagal 4a 8.
I gcás ina bhfuil ionstraimí airgeadais ag ball foirne nó comhalta de chuid chomhlacht rialachais an údaráis inniúil, tráth a bhfostaithe nó a gceaptha nó tráth ar bith ina dhiaidh sin, ar ionstraimí airgeadais iad a bhféadfadh coinbhleachtaí leasa a bheith mar thoradh orthu, beidh sé de chumhacht ag an údarás inniúil a chur de cheangal ar bhonn cás ar chás go ndéanfaí na hionstraimí sin a dhíol nó a dhiúscairt laistigh de thréimhse réasúnach ama. Beidh sé de chumhacht freisin ag na húdaráis inniúla, ar bhonn cás ar chás, cead a thabhairt do na comhaltaí sin ionstraimí airgeadais a dhíol nó a dhiúscairt ar leo iad tráth a bhfostaithe nó a gceaptha.
Airteagal 4a 9.
Chun a áirithiú go gcuirfear an tAirteagal seo i bhfeidhm go comhréireach, déanfaidh ÚBE, faoin 10 Iúil 2026 treoirlínte a eisiúint, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, a bheidh dírithe ar na húdaráis inniúla, maidir le coinbhleachtaí leasa in údaráis inniúla a chosc agus maidir lena neamhspleáchas, agus dea-chleachtais idirnáisiúnta á gcur san áireamh.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.