|
+Airteagal 21b 10. |
Airteagal 21b 10.Faoin 28 Meitheamh 2021, cuirfidh ÚBE tuairisc faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, agus an Choimisiúin maidir leis an gcaoi a gcaitear le brainsí tríú tír faoin dhlí náisiúnta na mBallstát. Sa tuarascáil sin, breathnófar an méid a leanas, ar a laghad:
(a)
cé acu atá nó nach bhfuil, agus a mhéid atá, difríocht i measc na mBallstát maidir leis na cleachtais mhaoirseoireachta is infheidhme do bhrainsí tríú tír;
(b)
cé acu a fhéadfadh nó nach bhféadfadh an chaoi a gcaitear le brainsí tríú tír faoin dlí náisiúnta a bheith ina shiocair le harbatráiste rialála;
(c)
ar ghá, agus arbh iomchuí, tuilleadh comhchuibhithe ar na réimis náisiúnta i gcás brainsí tríú tír, go háirithe i dtaca le brainsí suntasacha tríú tír. Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtacha a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle bunaithe ar na moltaí a dhéanfaidh ÚBE. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|