+Airteagal 21b Máthairghnóthas idirmheánach AE
---+Airteagal 21b 1.
---+Airteagal 21b 2.
---+Airteagal 21b 3.
---+Airteagal 21b 4.
---+Airteagal 21b 5.
---+Airteagal 21b 6.
---+Airteagal 21b 6a.
---+Airteagal 21b 7.
---+Airteagal 21b 8.
---+Airteagal 21b 9.
---+Airteagal 21b 10.

Airteagal 21b Máthairghnóthas idirmheánach AE

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 21b 1.
Maidir le dhá institiúid nó níos mó san Aontas atá mar chuid den ghrúpa tríú tír céanna, beidh máthairghnóthas idirmheánach AE amháin acu bunaithe san Aontas.
Airteagal 21b 2.

Féadfaidh na húdaráis inniúla a cheadú do na hinstitiúidí dá dtagraítear i mír 1 dhá mháthairghnóthas idirmheánach AE a bheith acu i gcás ina gcinneann siad gurbh fhíor an méid seo a leanas mura mbunófaí ach aon mháthairghnóthas idirmheánach amháin:

(a) 

bheadh máthairghnóthas idirmheánach AE amháin neamhréireach le ceanglas éigeantach i gcomhréir le rialacha na tríú tíre ina bhfuil a cheannoifig ag máthairghnóthas deiridh an ghrúpa tríú tíre; nó

(b) 

ní bheadh inréiteacht níos éifeachtúla ná i gcás dhá máthairghnóthas AE idirmheánach de réir measúnú arna dhéanamh ag údaráis inniúla réitigh an mháthairghnóthais AE idirmheánaigh.

Airteagal 21b 3.
Beidh máthairghnóthas idirmheánach AE ina institiúid creidmheasa arna húdarú i gcomhréir le hAirteagal 8, nó ina chuideachta shealbhaíochta airgeadais nó ina chuideachta shealbhaíochta airgeadais mheasctha arna formheas i gcomhréir le hAirteagal 21a.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír den mhír seo, i gcás nach bhfuil aon cheann de na hinstitiúidí dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo ina hinstitiúid chreidmheasa nó i gcás nach mór dara máthairchuideachta idirmheánach AE a bhunú i ndáil le gníomhaíochtaí infheistíochta chun ceangal sainordaitheach dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a chomhlíonadh, féadfaidh an mháthairchuideachta idirmheánach AE nó an dara máthairchuideachta idirmheánach AE a bheith ina gnólacht infheistíochta arna húdarú i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Threoir 2014/65/AE atá faoi réir Treoir 2014/59/AE.

Airteagal 21b 4.
Ní bheidh feidhm ag míreanna 1, 2, ná 3, i gcás ina mbeidh luach iomlán sócmhainní an ghrúpa tríú tír san Aontas níos ísle ná EUR 40 billiún.
Airteagal 21b 5.

Chun críocha an Airteagail seo:

(a) 

is é suim na nithe seo a leanas luach iomlán sócmhainní an ghrúpa tríú tír san Aontas:

(i) 

luach iomlán na sócmhainní atá ag gach institiúid den ghrúpa tríú tír san Aontas a thiocfaidh as a clár comhardaithe comhdhlúite, nó a thiocfaidh as a cláir chomhardaithe aonair, i gcás nach gcomhdhlúthaítear clár comhardaithe de chuid institiúide; agus

(ii) 

luach iomlán na sócmhainní atá ag gach brainse den ghrúpa tríú tír a údaraítear le bheith ag oibriú san Aontas i gcomhréir leis an Treoir seo, le Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 10 ) nó le Treoir 2014/65/AE.

(b) 

cuimseofar gnólachtaí infheistíochta freisin faoin téarma “institiúid”.

Airteagal 21b 6.

Tabharfaidh na húdaráis inniúla fógra do ÚBE faoin bhfaisnéis seo a leanas i ndáil le gach grúpa tríú tír atá ag oibriú ina ndlínse:

(a) 

ainmneacha na n-institiúidí faoi mhaoirseacht ar le grúpa tríú tír iad, mar aon le luach iomlán sócmhainní;

(b) 

ainmneacha agus luach iomlán sócmhainní a chomhfhreagraíonn do bhrainsí a údaraítear sa Bhallstát sin de bhun na Treorach seo, Treoir 2014/65/AE nó Rialachán (AE) Uimh. 600/2004, agus na cineálacha gníomhaíochtaí a bhfuil údarás ag na brainsí sin a chur i gcrích;

(c) 

ainm agus luach iomlán sócmhainní dá dtagraítear i mír 3 d'aon mháthairghnóthais idirmheánaigh AE arna bhunú sa Bhallstát sin agus ainm an ghrúpa tríú tír a bhfuil sé ina chuid de.

Airteagal 21b 6a.
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun sonrú a dhéanamh ar na formáidí aonfhoirmeacha agus na sainmhínithe aonfhoirmeacha, agus forbróidh sé na réitigh TF atá le cur i bhfeidhm san Aontas chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 6 a thuairisciú.

Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2026.

Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa dara fomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.

Airteagal 21b 7.
Foilseoidh ÚBE ar a shuíomh gréasáin liosta de na grúpaí tríú tír ar fad atá ag oibriú san Aontas mar aon lena máthairghnóthas idirmheánach AE nó mar aon lena máthairghnóthais idirmheánacha AE, i gcás inarb fheidhme.

Áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcomhlíonfaidh gach institiúid atá faoina ndlínse agus ar cuid de ghrúpa tríú tír í, ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

tá máthairghnóthas idirmheánach AE aici;

(b) 

is máthairghnóthas idirmheánach AE í;

(c) 

is í an t-aon institiúid í den ghrúpa tríú tír san Aontas; nó

(d) 

is cuid de ghrúpa tríú tír í ar fiú níos lú ná EUR 40 billiún méid iomlán shócmhainní an ghrúpa sin san Aontas.

Airteagal 21b 8.
►C4  De mhaolú ar mhír 1, beidh, ag grúpaí tríú tír a oibríonn trí níos mó ná institiúid amháin san Aontas agus arb ionann méid iomlán na sócmhainní san Aontas atá acu agus EUR 40 billiún nó ar mó ná sin é an 27 Meitheamh 2019 ◄ , máthairghnóthas idirmheánach AE nó, sa chás ina mbeidh feidhm ag mír 2, dhá mháthairghnóthas idirmheánach AE faoin 30 Nollaig 2023.
Airteagal 21b 9.

Faoin 30 Nollaig 2026, déanfaidh an Coimisiún, tar éis dul i gcomhairle le ÚBE, athbhreithniú ar na ceanglais arna bhforchur ar institiúidí leis an Airteagal seo agus cuirfidh sé tuarascáil, faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Sa tuarascáil sin, breathnófar an méid a leanas, ar a laghad:

(a) 

an bhfuil na ceanglais a leagtar síos san Airteagal seo inoibrithe, riachtanach, agus comhréireach, agus an mbeadh bearta eile níos iomchuí;

(b) 

ar cheart na ceanglais arna bhforchur ar institiúidí leis an Airteagal seo a leasú d'fhonn na cleachtais idirnáisiúnta is fearr a léiriú iontu.

Airteagal 21b 10.

Faoin 28 Meitheamh 2021, cuirfidh ÚBE tuairisc faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, agus an Choimisiúin maidir leis an gcaoi a gcaitear le brainsí tríú tír faoin dhlí náisiúnta na mBallstát. Sa tuarascáil sin, breathnófar an méid a leanas, ar a laghad:

(a) 

cé acu atá nó nach bhfuil, agus a mhéid atá, difríocht i measc na mBallstát maidir leis na cleachtais mhaoirseoireachta is infheidhme do bhrainsí tríú tír;

(b) 

cé acu a fhéadfadh nó nach bhféadfadh an chaoi a gcaitear le brainsí tríú tír faoin dlí náisiúnta a bheith ina shiocair le harbatráiste rialála;

(c) 

ar ghá, agus arbh iomchuí, tuilleadh comhchuibhithe ar na réimis náisiúnta i gcás brainsí tríú tír, go háirithe i dtaca le brainsí suntasacha tríú tír.

Déanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtacha a thíolacadh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle bunaithe ar na moltaí a dhéanfaidh ÚBE.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.