+Airteagal 27k Comhar idir na húdaráis inniúla
---+Airteagal 27k 1.
---+Airteagal 27k 2.
---+Airteagal 27k 3.
|
Airteagal 27k Comhar idir na húdaráis inniúla
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 27k 1.
|
Agus iad i mbun an mheasúnaithe dá bhforáiltear in Airteagal 27j(1), rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle leis na húdaráis a bhfuil sé de dhualgas poiblí orthu maoirseacht a dhéanamh ar eintitis eile san earnáil airgeadais lena mbaineann i gcás ina mbaineann an oibríocht atá á beartú, sa bhreis ar na geallsealbhóirí airgeadais, le heintitis ar ceann ar bith díobh seo a leanas iad:
(a)
institiúid creidmheasa, gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta nó cuideachta bainistíochta sócmhainní atá údaraithe i mBallstát eile nó in earnáil seachas an earnáil ina ndéanfar an oibríocht atá á beartú;
(b)
máthairghnóthas ar institiúid creidmheasa, ar ghnóthas árachais, ar ghnóthas athárachais, ar ghnólacht infheistíochta nó ar chuideachta bainistíochta sócmhainní atá údaraithe i mBallstát eile nó in earnáil seachas an earnáil ina ndéanfar an oibríocht atá á beartú;
(c)
duine dlítheanach a rialaíonn institiúid creidmheasa, gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta nó cuideachta bainistíochta sócmhainní atá údaraithe i mBallstát eile nó in earnáil seachas an earnáil ina ndéanfar an oibríocht atá á beartú.
|
|
Airteagal 27k 2.
|
Soláthróidh na húdaráis inniúla, gan mhoill, dá chéile aon fhaisnéis atá riachtanach nó ábhartha le haghaidh an mheasúnaithe. Chuige sin, cuirfidh na húdaráis inniúla an fhaisnéis ábhartha uile le haghaidh an mheasúnaithe in iúl dá chéile arna iarraidh sin dóibh nó ar a dtionscnamh féin. Aon dearcadh nó forchoimeádas a chuireann an t-údarás inniúil a dhéanann maoirseacht ar cheann amháin nó níos mó de na heintitis a liostaítear i mír 1 in iúl, tabharfar le fios é i dtuairim ó údarás inniúil geallsealbhóra airgeadais. Féachfaidh na húdaráis inniúla lena measúnuithe a chomhordú agus comhsheasmhacht a dtuairimí a áirithiú.
|
|
Airteagal 27k 3.
|
Forbróidh ÚBE dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun nósanna imeachta agus foirmeacha comhchoiteanna a bhunú, agus forbróidh sé teimpléid le haghaidh an phróisis comhairliúcháin idir na húdaráis inniúla ábhartha dá dtagraítear san Airteagal seo. Chun críocha na chéad fhomhíre, cuirfidh ÚBE Teideal II de Threoir (AE) 2017/1132 san áireamh. Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 10 Eanáir 2027. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|