|
+Airteagal 27k 1. |
Airteagal 27k 1.Agus iad i mbun an mheasúnaithe dá bhforáiltear in Airteagal 27j(1), rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle leis na húdaráis a bhfuil sé de dhualgas poiblí orthu maoirseacht a dhéanamh ar eintitis eile san earnáil airgeadais lena mbaineann i gcás ina mbaineann an oibríocht atá á beartú, sa bhreis ar na geallsealbhóirí airgeadais, le heintitis ar ceann ar bith díobh seo a leanas iad:
(a)
institiúid creidmheasa, gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta nó cuideachta bainistíochta sócmhainní atá údaraithe i mBallstát eile nó in earnáil seachas an earnáil ina ndéanfar an oibríocht atá á beartú;
(b)
máthairghnóthas ar institiúid creidmheasa, ar ghnóthas árachais, ar ghnóthas athárachais, ar ghnólacht infheistíochta nó ar chuideachta bainistíochta sócmhainní atá údaraithe i mBallstát eile nó in earnáil seachas an earnáil ina ndéanfar an oibríocht atá á beartú;
(c)
duine dlítheanach a rialaíonn institiúid creidmheasa, gnóthas árachais, gnóthas athárachais, gnólacht infheistíochta nó cuideachta bainistíochta sócmhainní atá údaraithe i mBallstát eile nó in earnáil seachas an earnáil ina ndéanfar an oibríocht atá á beartú. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|