+Airteagal 48k Faisnéis rialála agus airgeadais faoi na brainsí tríú tír agus faoin gceannghnóthas
---+Airteagal 48k 1.
---+Airteagal 48k 2.
---+Airteagal 48k 3.

Airteagal 48k Faisnéis rialála agus airgeadais faoi na brainsí tríú tír agus faoin gceannghnóthas

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 48k 1.

Ceanglóidh na Ballstáit ar na brainsí tríú tír faisnéis a thuairisciú go tréimhsiúil dá n-údaráis inniúla maidir leis an méid seo a leanas:

(a) 

na sócmhainní agus na dliteanais a choimeádtar ar a leabhair i gcomhréir le hAirteagail 48h agus na sócmhainní agus na dliteanais arna dtionscnamh ag na brainsí tríú tír, agus miondealú ina sonraítear an méid seo a leanas:

(i) 

na sócmhainní agus na dliteanais is mó atá cláraithe a aicmítear de réir earnála agus cineál contrapháirtí, lena n-áirítear neamhchosaintí san earnáil airgeadais go háirithe;

(ii) 

neamhchosaint shuntasach ar chineálacha sonraithe contrapháirtithe agus comhchruinnithe foinsí cistiúcháin maidir le cineálacha sonraithe contrapháirtithe;

(iii) 

idirbhearta suntasacha inmheánacha leis an gceannghnóthas agus le comhaltaí ghrúpa an cheannghnóthais;

(b) 

na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir leis na brainsí tríú tír faoin Treoir seo a bheith nó gan a bheith á gcomhlíonadh acu;

(c) 

ar bhonn ad hoc, na socruithe cosanta taiscí atá ar fáil do thaisceoirí sna brainsí tríú tír i gcomhréir le hAirteagal 15(2) agus (3) de Threoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 );

(d) 

ceanglais bhreise rialála a fhorchuireann an Ballstát ar na brainsí tríú tír faoin dlí náisiúnta.

Chun an fhaisnéis faoi na sócmhainní agus faoi na dliteanais a choimeádtar ar a leabhair a thuairisciú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, pointe (a), déanfaidh na brainsí tríú tír na caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta mar a chuirtear i bhfeidhm iad i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 16 ) nó prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glactha leo go ginearálta is infheidhme sa Bhallstát a chur i bhfeidhm.

Airteagal 48k 2.

Ceanglóidh na Ballstáit ar na brainsí tríú tír an fhaisnéis seo a leanas faoina gceannghnóthas a thuairisciú dá n-údaráis inniúla:

(a) 

ar bhonn tréimhsiúil, faisnéis chomhiomlán faoi na sócmhainní agus faoi na dliteanais a shealbhaíonn fochuideachtaí agus brainsí tríú tír eile de chuid ghrúpa an cheannghnóthais sin san Aontas nó faoi na sócmhainní agus faoi na dliteanais atá cláraithe acu;

(b) 

ar bhonn tréimhsiúil, na ceanglais stuamachta is infheidhme a bheith nó gan a bheith á gcomhlíonadh ag an gceannghnóthas, ar bhonn aonair agus ar bhonn comhdhlúite;

(c) 

ar bhonn ad hoc, athbhreithnithe agus measúnuithe suntasacha maoirseachta, i gcás ina ndéantar ar an gceannghnóthas iad, agus na cinntí maoirseachta a dhéantar dá réir;

(d) 

pleananna téarnaimh an cheannghnóthais agus na bearta sonracha a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na brainsí tríú tír i gcomhréir leis na pleananna sin, agus aon nuashonrú nó leasú a dhéantar ar na pleananna sin ina dhiaidh sin;

(e) 

straitéis ghnó an cheannghnóthais i ndáil leis na brainsí tríú tír agus aon athrú a dhéantar ar an straitéis sin ina dhiaidh sin;

(f) 

na seirbhísí a sholáthraíonn an ceannghnóthas do chliaint atá bunaithe nó lonnaithe san Aontas ar bhonn sirtheoireacht droim ar ais seirbhísí i gcomhréir le hAirteagal 21c.

Airteagal 48k 3.
Ní chuirfidh na ceanglais maidir le tuairisciú a leagtar síos san Airteagal seo cosc ar an údarás inniúil ceanglais bhreise maidir le tuairisciú a fhorchur ar bhrainsí tríú tír i gcás ina measann sé go bhfuil gá leis an bhfaisnéis bhreise chun léargas cuimsitheach a fháil ar ghnó, ar ghníomhaíochtaí nó ar fhóntacht airgeadais na mbrainsí tríú tír nó a gceannghnóthais, chun a fhíorú go bhfuil an dlí is infheidhme á chomhlíonadh ag na brainsí tríú tír agus a gceannghnóthais agus chun a áirithiú go bhfuil an dlí sin á chomhlíonadh ag na brainsí tríú tír.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.