|
+Airteagal 48k 1. |
Airteagal 48k 1.Ceanglóidh na Ballstáit ar na brainsí tríú tír faisnéis a thuairisciú go tréimhsiúil dá n-údaráis inniúla maidir leis an méid seo a leanas:
(a)
na sócmhainní agus na dliteanais a choimeádtar ar a leabhair i gcomhréir le hAirteagail 48h agus na sócmhainní agus na dliteanais arna dtionscnamh ag na brainsí tríú tír, agus miondealú ina sonraítear an méid seo a leanas:
(i)
na sócmhainní agus na dliteanais is mó atá cláraithe a aicmítear de réir earnála agus cineál contrapháirtí, lena n-áirítear neamhchosaintí san earnáil airgeadais go háirithe;
(ii)
neamhchosaint shuntasach ar chineálacha sonraithe contrapháirtithe agus comhchruinnithe foinsí cistiúcháin maidir le cineálacha sonraithe contrapháirtithe;
(iii)
idirbhearta suntasacha inmheánacha leis an gceannghnóthas agus le comhaltaí ghrúpa an cheannghnóthais;
(b)
na ceanglais a bhfuil feidhm acu maidir leis na brainsí tríú tír faoin Treoir seo a bheith nó gan a bheith á gcomhlíonadh acu;
(c)
ar bhonn ad hoc, na socruithe cosanta taiscí atá ar fáil do thaisceoirí sna brainsí tríú tír i gcomhréir le hAirteagal 15(2) agus (3) de Threoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 );
(d)
ceanglais bhreise rialála a fhorchuireann an Ballstát ar na brainsí tríú tír faoin dlí náisiúnta. Chun an fhaisnéis faoi na sócmhainní agus faoi na dliteanais a choimeádtar ar a leabhair a thuairisciú i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, pointe (a), déanfaidh na brainsí tríú tír na caighdeáin idirnáisiúnta chuntasaíochta mar a chuirtear i bhfeidhm iad i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 16 ) nó prionsabail chuntasaíochta a bhfuil glactha leo go ginearálta is infheidhme sa Bhallstát a chur i bhfeidhm. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|