|
+Airteagal 66 1. |
Airteagal 66 1.Áiritheoidh na Ballstáit go bhforálfar ina bhforálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin do phionóis riaracháin, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus bearta eile riaracháin, ar a laghad i gcás:
(a)
ina gcuirtear tús le gníomhaíochtaí mar institiúid creidmheasa gan údarú a fháil roimh ré de shárú ar Airteagal 8 den Treoir seo;
(b)
ina ndéanann eintiteas a chomhlíonann an tairseach a léirítear in Airteagal 4(1), pointe (1)(b), de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus nach bhfuil údaraithe mar institiúid creidmheasa, cé is moite d’eintitis a iarrann an tarscaoileadh faoi Airteagal 8a den Treoir seo, ceann amháin ar a laghad de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear sa phointe sin;
(c)
ina dtéitear i mbun gnó taiscí agus cistí in-aisíoctha eile a ghlacadh ón bpobal gan a bheith údaraithe mar institiúid creidmheasa de shárú ar Airteagal 9 den Treoir seo;
(d)
ina bhfaightear sealúchas cáilitheach in institiúid creidmheasa, go díreach nó go hindíreach, nó ina méadaítear an sealúchas sin tuilleadh, go díreach nó go hindíreach, ar bhealach a bhainfí amach nó a shárófaí le sciar na gceart vótála nó an chaipitil a shealbhaítear na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 22(1) den Treoir seo nó go ndéanfaí fochuideachta de chuid an fhaighteora den institiúid creidmheasa, gan fógra i scríbhinn a thabhairt do na húdaráis inniúla faoin institiúid creidmheasa a bhfuil an faighteoir ag iarraidh sealúchas cáilitheach a fháil nó a mhéadú inti, le linn na tréimhse measúnaithe, nó in aghaidh chur i gcoinne na n-údarás inniúil, de shárú ar an Airteagal sin;
(e)
ina ndéantar sealúchas cáilitheach in institiúid creidmheasa a dhiúscairt, go díreach nó go hindíreach, nó ina laghdaítear an sealúchas sin ar bhealach go dtitfeadh sciar na gceart vótála nó an chaipitil a shealbhaítear faoi bhun na dtairseach dá dtagraítear in Airteagal 25 den Treoir seo nó go scoirfeadh an institiúid creidmheasa de bheith ina fochuideachta de chuid an duine dhlítheanaigh sin atá ag diúscairt an tsealúchais cháilithigh, gan fógra i scríbhinn a thabhairt do na húdaráis inniúla, de shárú ar an Airteagal sin;
(f)
nach gcuireann cuideachta sealbhaíochta airgeadais nó cuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha faoi raon feidhme Airteagal 21a(1) den Treoir seo isteach ar fhormheas de shárú ar an Airteagal sin nó go sáraíonn sí aon cheanglas eile a leagtar amach san Airteagal sin;
(g)
nach dtugann faighteoir féideartha de réir bhrí Airteagal 27a(1) den Treoir seo fógra don údarás inniúil ábhartha faoi éadáil dhíreach nó indíreach sealúchais ábharaigh, de shárú ar an Airteagal sin;
(h)
nach dtugann aon cheann de na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 27d den Treoir seo fógra don údarás inniúil ábhartha faoi dhiúscairt dhíreach nó indíreach sealúchais ábharaigh ar mó é ná 15 % de chaipiteal incháilithe an eintitis sin;
(i)
ina ndéanann aon cheann de na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 27f(1) den Treoir seo aistriú ábharach sócmhainní nó dliteanas gan fógra a thabhairt do na húdaráis inniúla, de shárú ar an Airteagal sin;
(j)
ina ndéanann aon cheann de na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 27i(1) den Treoir seo cumasc nó deighilt de shárú ar an Airteagal sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|