+Article 67 2.

Article 67 2.

Áiritheoidh na Ballstáit sna cásanna dá dtagraítear i mír 1 go n-áireofar an méid seo a leanas ar a laghad sna bearta is féidir a chur i bhfeidhm:

(a) 

pionóis riaracháin:

(i) 

i gcás duine dlítheanach, pionóis riaracháin airgid suas le 10 % de ghlanláimhdeachas bliantúil iomlán an ghnóthais;

(ii) 

i gcás duine nádúrtha, pionóis riaracháin airgid suas le EUR 5 mhilliún nó, sna Ballstáit nach é an Euro an t-airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 17 Iúil 2013;

(iii) 

pionóis riaracháin airgid suas le dhá oiread mhéid na mbrabús a gnóthaíodh nó na gcaillteanas a seachnaíodh mar gheall ar an sárú, i gcás inar féidir na brabúis sin a gnóthaíodh nó na caillteanais a seachnaíodh a chinneadh;

(b) 

íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla:

(i) 

i gcás duine dlítheanach, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla suas le 5 % den mheán-ghlanláimhdeachas laethúil, a mbeidh sé d’oibleagáid ar an duine dlítheanach, i gcás sárú leanúnach, iad a íoc in aghaidh an lae den sárú go dtí go mbeidh an oibleagáid á comhlíonadh arís; féadfar an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur ar feadh tréimhse suas le 6 mhí ón dáta a leagtar amach sa chinneadh ón údarás inniúil lena gceanglaítear deireadh a chur le sárú agus lena bhforchuirtear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil;

(ii) 

i gcás duine nádúrtha, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla suas le EUR 50 000 , nó sna Ballstáit nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 9 Iúil 2024, a mbeidh, i gcás sárú leanúnach, oibleagáid ar an duine nádúrtha iad a íoc in aghaidh an lae den sárú, go dtí go mbeidh an oibleagáid á comhlíonadh arís; féadfar an íocaíocht phionósach thréimhsiúil a fhorchur ar feadh tréimhse suas le 6 mhí ón dáta a leagtar amach sa chinneadh ón údarás inniúil lena gceanglaítear deireadh a chur le sárú agus lena bhforchuirtear an íocaíocht phionósach thréimhsiúil;

(c) 

bearta eile riaracháin:

(i) 

ráiteas poiblí lena sainaithnítear an duine nádúrtha, an institiúid, an chuideachta sealbhaíochta airgeadais, an chuideachta sealbhaíochta airgeadais mheasctha nó máthairghnóthas idirmheánach AE atá freagrach agus cineál an tsáraithe;

(ii) 

ordú ina gceanglaítear ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach scor den iompar agus staonadh ón iompar sin a dhéanamh an athuair;

(iii) 

i gcás institiúide, tarraingt siar údarú na hinstitiúide i gcomhréir le hAirteagal 18;

(iv) 

faoi réir Airteagal 65(2), cosc sealadach a chur ar chomhalta den chomhlacht bainistíochta nó ar aon duine nádúrtha eile atá freagrach as an sárú i dtreo is nach féidir leis a chuid feidhmeanna a chur i gcrích in institiúidí.

Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), féadfaidh na Ballstáit uasmhéid níos airde a shocrú do na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla atá le cur i bhfeidhm in aghaidh an lae a dhéantar an sárú.

De mhaolú ar an gcéad fhomhír, pointe (b), féadfaidh na Ballstáit íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a chur i bhfeidhm ar bhonn seachtainiúil nó ar bhonn míosúil. Sa chás sin, ní rachaidh uasmhéid na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a bheidh le cur i bhfeidhm don tréimhse ábhartha sheachtainiúil nó mhíosúil nuair a dhéantar an sárú thar uasmhéid na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a mbeadh feidhm acu ar bhonn laethúil i gcomhréir leis an bpointe sin don tréimhse ábhartha.

Féadfar íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla a fhorchur ar dháta áirithe agus tús a chur le cur i bhfeidhm ar dháta is déanaí.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.