+Airteagal 70 Pionóis riaracháin agus bearta eile riaracháin a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus údaráis inniúla a bheith ag feidhmiú cumhachtaí chun pionóis a fhorchur
---+Airteagal 70 1.
---+Airteagal 70 2.
---+Airteagal 70 3.
---+Airteagal 70 4.
---+Airteagal 70 5.
|
Airteagal 70 Pionóis riaracháin agus bearta eile riaracháin a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus údaráis inniúla a bheith ag feidhmiú cumhachtaí chun pionóis a fhorchur
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 70 1.
|
Áiritheoidh na Ballstáit, agus cineál agus leibhéal na bpionós riaracháin nó na mbeart eile riaracháin á gcinneadh acu, go gcuirfidh na húdaráis inniúla san áireamh na cúinsí ábhartha go léir, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an méid seo a leanas:
(a)
tromchúis agus fad an tsáraithe;
(b)
méid freagrachta an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú;
(c)
láidreacht airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú, mar a léirítear, inter alia, le láimhdeachas iomlán duine dhlítheanaigh nó le hioncam bliantúil duine nádúrtha;
(d)
tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú nó tábhacht na gcaillteanas a sheachain an duine sin, a mhéid is féidir iad a chinneadh;
(e)
caillteanais le haghaidh tríú páirtithe de dheasca an tsáraithe, a mhéid is féidir iad a chinneadh;
(f)
leibhéal comhair an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú leis an údarás inniúil;
(g)
sáruithe a rinne an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú roimhe sin;
(h)
aon iarmhairt shistéamach a d’fhéadfadh a bheith ann de thoradh an tsáraithe;
(i)
pionóis choiriúla a forchuireadh roimhe sin i leith an tsáraithe chéanna ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú sin.
|
|
Airteagal 70 2.
|
Oibreoidh na húdaráis inniúla i ndlúthchomhar agus a gcumhachtaí chun pionóis riaracháin agus bearta eile riaracháin a fhorchur á bhfeidhmiú acu chun a áirithiú go mbeidh de thoradh ar na pionóis agus bearta sin na torthaí is aidhm don Treoir seo. Déanfaidh siad a ngníomhartha a chomhordú freisin chun carnadh agus forluí a chosc agus pionóis riaracháin agus bearta eile riaracháin á gcur i bhfeidhm ar chásanna trasteorann.
|
|
Airteagal 70 3.
|
Féadfaidh na húdaráis inniúla pionóis a fhorchur i ndáil leis an duine nádúrtha nó dlítheanach céanna atá freagrach as an ngníomh nó an neamhghníomh céanna i gcás ina bhfuil carnadh imeachtaí riaracháin agus imeachtaí coiriúla ag baint leis an sárú céanna. Mar sin féin, ní bheidh carnadh imeachtaí agus pionós mar sin ann ach amháin más fíor-riachtanach agus comhréireach chun cuspóirí difriúla agus comhlántacha leasa ghinearálta a shaothrú.
|
|
Airteagal 70 4.
|
Beidh sásraí iomchuí i bhfeidhm ag na Ballstáit lena n-áiritheofar go gcuirfear údaráis inniúla agus údaráis bhreithiúnacha ar an eolas go cuí, ar bhealach tráthúil, i gcás ina dtionscnaítear imeachtaí riaracháin agus imeachtaí coiriúla in aghaidh an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh chéanna agus go bhféadfaí a chinneadh go bhfuil sé freagrach as an iompar céanna sa dá imeacht.
|
|
Airteagal 70 5.
|
Faoin 18 Iúil 2029, cuirfidh ÚBE tuarascáil faoi bhráid an Choimisiúin maidir leis an gcomhar idir údaráis inniúla i gcomhthéacs pionóis riaracháin, íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus bearta eile riaracháin a chur i bhfeidhm. Thairis sin, déanfaidh ÚBE measúnú ar aon difríocht maidir le cur i bhfeidhm na bpionós riaracháin idir na húdaráis inniúla i dtaca leis sin. Go háirithe, déanfaidh ÚBE measúnú ar an méid seo a leanas:
(a)
an leibhéal comhair idir na húdaráis inniúla i gcomhthéacs na bpionós is infheidhme i leith cásanna trasteorann nó i gcás carnadh imeachtaí riaracháin agus coiriúla;
(b)
an malartú faisnéise idir na húdaráis inniúla agus iad ag déileáil le cásanna trasteorann;
(c)
dea-chleachtais arna bhforbairt ag aon údarás inniúil a bhféadfadh sé a bheith chun tairbhe d’údaráis inniúla eile iad a ghlacadh i réimse na bpionós riaracháin, na n-íocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus na mbeart eile riaracháin;
(d)
an éifeachtacht agus méid an chóineasaithe atá bainte amach maidir leis na forálacha náisiúnta lena dtrasuitear an Treoir seo agus Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear na pionóis riaracháin, na híocaíochtaí pionósacha tréimhsiúla agus na bearta eile riaracháin arna bhforchur ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha a shainaithnítear mar dhaoine atá freagrach as an sárú faoin dlí náisiúnta.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|