|
+Airteagal 70 1. |
Airteagal 70 1.Áiritheoidh na Ballstáit, agus cineál agus leibhéal na bpionós riaracháin nó na mbeart eile riaracháin á gcinneadh acu, go gcuirfidh na húdaráis inniúla san áireamh na cúinsí ábhartha go léir, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, an méid seo a leanas:
(a)
tromchúis agus fad an tsáraithe;
(b)
méid freagrachta an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú;
(c)
láidreacht airgeadais an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú, mar a léirítear, inter alia, le láimhdeachas iomlán duine dhlítheanaigh nó le hioncam bliantúil duine nádúrtha;
(d)
tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú nó tábhacht na gcaillteanas a sheachain an duine sin, a mhéid is féidir iad a chinneadh;
(e)
caillteanais le haghaidh tríú páirtithe de dheasca an tsáraithe, a mhéid is féidir iad a chinneadh;
(f)
leibhéal comhair an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú leis an údarás inniúil;
(g)
sáruithe a rinne an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú roimhe sin;
(h)
aon iarmhairt shistéamach a d’fhéadfadh a bheith ann de thoradh an tsáraithe;
(i)
pionóis choiriúla a forchuireadh roimhe sin i leith an tsáraithe chéanna ar an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|