|
+Article 76 5. |
Article 76 5.I gcomhréir le ceanglas na comhréireachta a leagtar síos in Airteagal 7(2) de Threoir 2006/73/CE ón gCoimisiún (
30
), áiritheoidh na Ballstáit go bhfuil feidhmeanna rialaithe inmheánaigh ag institiúidí, ar feidhmeanna iad atá neamhspleách ar na feidhmeanna oibríochtúla, agus go mbeidh dóthain údaráis, stádais, acmhainní agus rochtana acu ar an gcomhlacht bainistíochta. Áiritheoidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
(a)
go n-áiritheofar leis na feidhmeanna rialaithe inmheánaigh go ndéanfar na rioscaí ábharacha ar fad a shainaithint, a thomhas agus a thuairisciú i gceart;
(b)
go dtugann na feidhmeanna rialaithe inmheánaigh léargas cuimsitheach ar raon iomlán na rioscaí ar a bhfuil an institiúid neamhchosanta;
(c)
go bhfuil baint ghníomhach ag an bhfeidhm bainistithe riosca i ndáil le straitéis riosca na hinstitiúide a leagan amach agus le gach cinneadh maidir lena bainistiú riosca ábharaigh agus go bhfuil smacht aici ar chur chun feidhme éifeachtach na straitéise riosca;
(d)
go ndéanann an fheidhm iniúchóireachta inmheánaí athbhreithniú neamhspleách ar chur chun feidhme éifeachtach straitéis riosca na hinstitiúide;
(e)
go ndéanann an fheidhm chomhlíontachta measúnú agus maolú ar riosca comhlíontachta agus áirithíonn sí go gcuirtear riosca comhlíontachta san áireamh i straitéis riosca na hinstitiúide agus go gcuirtear riosca comhlíontachta san áireamh go leordhóthanach sna cinntí uile maidir le bainistiú riosca ábharaigh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|