+Airteagal 87a Rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais
---+Airteagal 87a 1.
---+Airteagal 87a 2.
---+Airteagal 87a 3.
---+Airteagal 87a 4.
---+Airteagal 87a 5.

Airteagal 87a Rioscaí comhshaoil, sóisialta agus rialachais

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 87a 1.
Áiritheoidh na húdaráis inniúla go bhfuil straitéisí, beartais, próisis agus córais stóinsithe ag institiúidí chun rioscaí CSR a shainaithint, a thomhas agus a bhainistiú agus chun faireachán a dhéanamh orthu sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, mar chuid dá socruithe rialachais, lena n-áirítear an creat bainistithe riosca a cheanglaítear faoi Airteagal 74(1).
Airteagal 87a 2.
Beidh na straitéisí, na beartais, na próisis agus na córais dá dtagraítear i mír 1 comhréireach le scála, cineál agus castacht rioscaí CSR na samhla gnó agus raon feidhme ghníomhaíochtaí na hinstitiúide, agus cuirfear san áireamh tréimhse ghearrthéarmach agus mheántéarmach agus tréimhse fhadtéarmach 10 mbliana ar a laghad.
Airteagal 87a 3.
Áiritheoidh na húdaráis inniúla go ndéanfaidh institiúidí tástáil ar a n-athléimneacht in aghaidh thionchair dhiúltacha fhadtéarmacha na dtosca CSR i gcásanna bunlíne agus i ndroch-chásanna laistigh de thréimhse ama ar leith, agus tosca a bhaineann leis an gcomhshaol mar thúsphointe acu. I dtaca leis an tástáil athléimneachta sin, áiritheoidh na húdaráis inniúla go gcuirfidh na hinstitiúidí san áireamh roinnt cásanna CSR a léiríonn na tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag athruithe comhshaoil agus sóisialta agus ag beartais phoiblí ghaolmhara ar an timpeallacht ghnó fhadtéarmach. Áiritheoidh na húdaráis inniúla go n-úsáidfidh institiúidí cásanna inchreidte sa phróiseas tástála athléimneachta, bunaithe ar na cásanna arna bhforbairt ag eagraíochtaí idirnáisiúnta.
Airteagal 87a 4.
Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú agus faireachán ar fhorbairt i gcleachtais na n-institiúidí a bhaineann lena straitéisí CSR agus lena mbainistiú riosca, lena n-áirítear na pleananna lena gcuimsítear spriocanna inchainníochtaithe agus na próisis chun faireachán a dhéanamh ar rioscaí CSR a thagann chun cinn sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, agus chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin, atá le hullmhú i gcomhréir le hAirteagal 76(2). Sa mheasúnú sin, cuirfear san áireamh táirgí a chuireann na hinstitiúidí ar fáil a bhaineann le hinbhuanaitheacht, a mbeartais airgeadais aistrithe, beartais ghaolmhara maidir le tionscnamh iasachtaí, agus spriocanna agus teorainneacha a bhaineann le CSR. Déanfaidh na húdaráis inniúla measúnú ar stóinseacht na bpleananna sin mar chuid den phróiseas athbhreithnithe agus meastóireachta ar an maoirseacht.

I gcás inarb ábhartha, le haghaidh an mheasúnaithe dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh na húdaráis inniúla comhoibriú leis na húdaráis nó leis na comhlachtaí poiblí atá i gceannas ar an athrú aeráide agus ar an maoirseacht chomhshaoil.

Airteagal 87a 5.

Faoin 10 Eanáir 2026, eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, chun an méid seo a leanas a shonrú:

(a) 

na híoschaighdeáin agus na modheolaíochtaí tagartha chun rioscaí CSR a shainaithint, a thomhas agus a bhainistiú, agus chun faireachán a dhéanamh orthu;

(b) 

inneachar na bpleananna atá le hullmhú i gcomhréir le hAirteagal 76(2), lena n-áireofar amlínte sonracha agus spriocanna agus garspriocanna inchainníochtaithe idirmheánacha, chun faireachán a dhéanamh ar na rioscaí airgeadais a eascraíonn as tosca CSR, agus chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin, lena n-áirítear iad siúd a eascraíonn as an bpróiseas oiriúnaithe agus as na treochtaí aistrithe i gcomhthéacs chuspóirí rialála agus ghníomhartha dlí ábhartha na mBallstát agus an Aontais i ndáil le tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais, go háirithe an cuspóir chun an aeráidneodracht a bhaint amach, agus, i gcás inarb ábhartha maidir le hinstitiúidí atá gníomhach go hidirnáisiúnta, cuspóirí dlíthiúla agus rialála tríú tíortha;

(c) 

critéir cháilíochtúla agus chainníochtúla chun measúnú a dhéanamh ar thionchar rioscaí CSR ar phróifíl riosca agus ar shócmhainneacht institiúidí sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma;

(d) 

critéir chun na cásanna dá dtagraítear i mír 3 a leagan síos, lena n-áirítear na paraiméadair agus na toimhdí a úsáidfear i ngach ceann de na cásanna, rioscaí sonracha agus tréimhsí ama.

I gcás inarb ábhartha, na modheolaíochtaí agus na toimhdí atá mar bhonn ag na spriocanna, na gealltanais agus na cinntí straitéiseacha a nochtar le hinneachar na bpleananna dá dtagraítear in Airteagail 19a nó 29a de Threoir 2013/34/AE, nó creataí nochta agus díchill chuí ábhartha eile, beidh siad comhsheasmhach leis na critéir, na modheolaíochtaí agus na spriocanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, agus leis na toimhdí agus na gealltanais a áirítear sna pleananna sin freisin.

Tabharfaidh ÚBE na treoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhomhír cothrom le dáta go tráthrialta, chun léiriú a thabhairt ar an dul chun cinn a rinneadh ó thaobh rioscaí CSR a thomhas agus a bhainistiú, mar aon le forbairt chuspóirí rialála an Aontais maidir leis an inbhuanaitheacht.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.