|
+Airteagal 87a 5. |
Airteagal 87a 5.Faoin 10 Eanáir 2026, eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, chun an méid seo a leanas a shonrú:
(a)
na híoschaighdeáin agus na modheolaíochtaí tagartha chun rioscaí CSR a shainaithint, a thomhas agus a bhainistiú, agus chun faireachán a dhéanamh orthu;
(b)
inneachar na bpleananna atá le hullmhú i gcomhréir le hAirteagal 76(2), lena n-áireofar amlínte sonracha agus spriocanna agus garspriocanna inchainníochtaithe idirmheánacha, chun faireachán a dhéanamh ar na rioscaí airgeadais a eascraíonn as tosca CSR, agus chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin, lena n-áirítear iad siúd a eascraíonn as an bpróiseas oiriúnaithe agus as na treochtaí aistrithe i gcomhthéacs chuspóirí rialála agus ghníomhartha dlí ábhartha na mBallstát agus an Aontais i ndáil le tosca comhshaoil, sóisialta agus rialachais, go háirithe an cuspóir chun an aeráidneodracht a bhaint amach, agus, i gcás inarb ábhartha maidir le hinstitiúidí atá gníomhach go hidirnáisiúnta, cuspóirí dlíthiúla agus rialála tríú tíortha;
(c)
critéir cháilíochtúla agus chainníochtúla chun measúnú a dhéanamh ar thionchar rioscaí CSR ar phróifíl riosca agus ar shócmhainneacht institiúidí sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma;
(d)
critéir chun na cásanna dá dtagraítear i mír 3 a leagan síos, lena n-áirítear na paraiméadair agus na toimhdí a úsáidfear i ngach ceann de na cásanna, rioscaí sonracha agus tréimhsí ama. I gcás inarb ábhartha, na modheolaíochtaí agus na toimhdí atá mar bhonn ag na spriocanna, na gealltanais agus na cinntí straitéiseacha a nochtar le hinneachar na bpleananna dá dtagraítear in Airteagail 19a nó 29a de Threoir 2013/34/AE, nó creataí nochta agus díchill chuí ábhartha eile, beidh siad comhsheasmhach leis na critéir, na modheolaíochtaí agus na spriocanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo, agus leis na toimhdí agus na gealltanais a áirítear sna pleananna sin freisin. Tabharfaidh ÚBE na treoirlínte dá dtagraítear sa chéad fhomhír cothrom le dáta go tráthrialta, chun léiriú a thabhairt ar an dul chun cinn a rinneadh ó thaobh rioscaí CSR a thomhas agus a bhainistiú, mar aon le forbairt chuspóirí rialála an Aontais maidir leis an inbhuanaitheacht. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|