+Airteagal 104a 1.

Airteagal 104a 1.

Forchuirfidh na húdaráis inniúla an ceanglas cistí dílse breise dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 104(1) i gcás ina gcinnfidh siad, ar bhonn na n-athbhreithnithe a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 97 agus le hAirteagal 101, aon cheann de na cásanna seo a leanas i leith institiúid aonair:

(a) 

go bhfuil an institiúid neamhchosantach ar rioscaí nó ar ghnéithe rioscaí nach gcumhdaítear nó nach gcumhdaítear go leordhóthanach, mar a shonraítear i mír 2 den Airteagal seo, faoi na ceanglais cistí dílse a leagtar amach i gCodanna a Trí, a Ceathair agus a Seacht de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2017/2402 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 34 );

(b) 

nach gcomhlíonann an institiúid na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 73 agus 74 den Treoir seo ná in Airteagal 393 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 agus ní dócha go mbeadh bearta eile maoirseachta leordhóthanach d'fhonn a áirithiú go bhféadfaí na ceanglais sin a chomhlíonadh laistigh de thréimhse ama iomchuí;

(c) 

meastar nach leor na coigeartuithe dá dtagraítear in Airteagal 98(4) go bhféadfaidh an institiúid a suíomhanna a dhíol nó a fhálú amach laistigh de thréimhse ghearr gan caillteanais ábhartha a thabhú faoi ghnáthchoinníollacha margaidh;

(d) 

léirítear leis an measúnú a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 101(4) gur cosúil gur ceanglais cistí dílse neamhleora an toradh a bheidh ar neamh-chomhlíonadh na gceanglas maidir leis an gcur chuige ceadaithe a chur i bhfeidhm;

(e) 

mainníonn an institiúid leibhéal leordhóthanach cistí dílse breise a bhunú nó a choinneáil d'fhonn na treoracha arna gcur in iúl i gcomhréir le hAirteagal 104b(3) a chumhdach;

(f) 

cásanna eile institiúidsonrach a measann an t-údarás inniúil gur cúis imní ábhartha maoirseachta iad.

Ní dhéanfaidh na húdaráis inniúla an ceanglas cistí dílse breise dá dtagraítear i bpointe (a) d'Airteagal 104(1) a fhorchur ach amháin chun na rioscaí a chlúdach a thabhaíonn institiúidí aonair de bharr a ngníomhaíochtaí, lena n-áirítear iad siúd a léiríonn tionchar cúinsí eacnamaíocha áirithe agus forbairtí margaidh maidir le próifíl priacal institiúide aonair.

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.