|
+Airteagal 133 9. |
Airteagal 133 9.Tabharfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe, mar is infheidhme, fógra do BERS roimh fhoilsiú an chinnidh dá dtagraítear i mír 13. Cuirfidh BERS fógraí den sórt sin ar aghaidh chuig an gCoimisiún, ÚBE agus údaráis inniúla agus údaráis ainmnithe na mBallstát lena mbaineann gan mhoill. I gcás gur fochuideachta a bhfuil a máthairghnóthas lonnaithe i mBallstát eile í an institiúid a bhfuil feidhm ag ráta maolánach um priacal sistéamach amháin nó níos mó ina leith, tabharfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe fógra d'údaráis an Bhallstáit sin. I gcás ina mbeidh feidhm ag ráta maolánach um priacal sistéamach maidir le risíochtaí atá lonnaithe i dtríú tíortha, tabharfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe, de réir mar is infheidhme, fógra do BERS. Cuirfidh BERS fógraí den sórt sin ar aghaidh chuig údaráis mhaoirseachta na dtríú tíortha sin gan mhoill. Leagfar amach sna fógraí den sórt sin t an méid seo a leanas:
(a)
na priacail mhacrastuamachta nó na priacail shistéamacha sa Bhallstát;
(b)
na cúiseanna le méid na bpriacal macrastuamachta nó sistéamach a bheith ina mbagairt ar chobhsaíocht an chórais airgeadais ar an leibhéal náisiúnta lena dtugtar bonn cirt leis an ráta maolánach um priacal sistéamach;
(c)
an bonn cirt lena meastar gur dóigh go mbeidh an maolán um priacal sistéamach éifeachtach comhréireach chun an riosca a mhaolú;
(d)
measúnú ar thionchar dóchúil dearfach nó diúltach an mhaoláin um priacal sistéamach ar an margadh inmheánach, bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil don Bhallstát;
(e)
an ráta nó na rátaí maolánacha um priacal sistéamach a bheartaíonn an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe, de réir mar is infheidhme, a fhorchur agus na risíochtaí a mbeidh feidhm ag na rátaí ina leith agus na hinstitiúidí a bheidh faoi réir na gceanglas i ndáil leis na rátaí sin;
(f)
i gcás ina bhfuil feidhm ag an ráta maolánach um priacal sistéamach maidir le gach risíocht, beidh bonn cirt leis an bhfáth a bhfuil an t-údarás den tuairim nach dúbláil é maolán um priacal sistéamach ar fheidhmiú mhaolán O-SII dá bhforáiltear in Airteagal 131. I gcás, mar thoradh ar an gcinneadh an ráta maolánach um priacal sistéamach a shocrú, ina mbeidh laghdú nó nach mbeidh aon athrú ar an ráta maolánach a socraíodh roimhe sin, ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil ná an t-údarás ainmnithe, de réir mar is infheidhme, ach an mhír seo a chomhlíonadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|