+Airteagal 133 Ceanglas maidir le maolán um priacal sistéamach a chothabháil
---+Airteagal 133 1.
---+Airteagal 133 2.
---+Airteagal 133 3.
---+Airteagal 133 4.
---+Airteagal 133 5.
---+Airteagal 133 6.
---+Airteagal 133 7.
---+Airteagal 133 8.
---+Airteagal 133 9.
---+Airteagal 133 10.
---+Airteagal 133 11.
---+Airteagal 133 12.
---+Airteagal 133 13.
---+Airteagal 133 14.
---+Airteagal 133 15.

Airteagal 133 Ceanglas maidir le maolán um priacal sistéamach a chothabháil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 133 1.
Áiritheoidh gach Ballstát gur féidir maolán um riosca sistéamach maidir le caipiteal Ghnáthchothromas Leibhéal 1 don earnáil airgeadais nó d’fhothacar amháin nó níos mó den earnáil sin maidir le gach neamhchosaint nó le fothacar neamhchosaintí dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo a shocrú, chun rioscaí macrastuamachta nó sistéamacha, lena n-áirítear rioscaí macrastuamachta nó sistéamacha a eascraíonn ón athrú aeráide, nach gcumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ná le hAirteagail 130 agus 131 den Treoir seo a chosc agus a mhaolú, is é sin le rá gur rioscaí iad a chuirfeadh isteach ar an gcóras airgeadais agus a d’fhéadfadh iarmhairtí tromchúiseacha diúltacha a bheith acu don chóras airgeadais agus don fhíorgheilleagar i mBallstát sonrach.
Airteagal 133 2.

Ríomhfaidh na hinstitiúidí an maolán um priacal sistéamach mar seo a leanas:

image

i gcás:

BSR = an maolán um priacal sistéamach

rT = an ráta maolánach is infheidhme maidir le méid iomlán na neamhchosanta ar riosca d'institiúid;

ET = méid iomlán na neamhchosanta ar riosca d'institiúid arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

i = an t-innéacs lena gcuirtear fothacar risíochtaí in iúl dá dtagraítear i mír 5;

ri = an ráta maolánach is infheidhme i dtaca le méid na neamhchosanta ar riosca maidir le fothacar risíochtaí i; agus

Ei = méid na neamhchosanta ar riosca d'institiúid maidir le fothacar risíochtaí i, arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013

Airteagal 133 3.
Chun críocha mhír 1, ainmneoidh na Ballstáit údarás a bheidh freagrach as an maolán um priacal sistéamach a bhunú agus as risíochtaí agus fothacair na n-institiúidí a mbeidh feidhm aige ina leith a shainaithint. Is é an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe a bheidh san údarás sin.
Airteagal 133 4.
Chun críocha mhír 1 den Airteagal seo, féadfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe, de réir mar is infheidhme, a cheangal ar na hinstitiúidí maolán um priacal sistéamach maidir le caipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 a choimeád arna ríomh i gcomhréir le mír 2 den Airteagal seo, ar bhonn aonair, comhdhlúite, nó fo-chomhdhlúite, de réir mar is infheidhme i gcomhréir le Teideal II de Chuid a hAon de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.
Airteagal 133 5.

Féadfaidh go mbeidh feidhm ag maolán um priacal sistéamach ar an méid seo a leanas:

(a) 

gach risíocht atá lonnaithe sa Bhallstát a shocraíonn an maolán sin;

(b) 

na risíochtaí earnála seo a leanas atá lonnaithe sa Bhallstát a shocraíonn an maolán sin:

(i) 

gach risíocht mhiondíola ar dhaoine nádúrtha arna hurrú le réadmhaoin chónaithe;

(ii) 

gach risíocht ar dhaoine dlítheanacha arna hurrú le morgáistí ar réadmhaoin tráchtála dhochorraithe;

(iii) 

gach risíocht ar dhaoine dlítheanacha cé is moite díobh siúd a shonraítear i bpointe (ii);

(iv) 

gach risíocht ar dhaoine nádúrtha cé is moite díobh siúd a shonraítear i bpointe (i);

(c) 

gach risíocht atá lonnaithe i mBallstáit eile, faoi réir mhíreanna 12 agus 15;

(d) 

risíochtaí earnála, mar a shainítear i bpointe (b) den mhír seo iad, atá lonnaithe i mBallstáit eile amháin lena bhféadfar aitheantas a thabhairt do ráta maolánach arna shocrú ag Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagal 134;

(e) 

risíochtaí atá lonnaithe i dtríú tíortha;

(f) 

fothacair d'aon cheann de na catagóirí neamhchosanta a aithnítear i bpointe (b).

Airteagal 133 6.
Tar éis dó dul i gcomhairle le BERS, eiseoidh ÚBE treoirlínte, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, faoin 30 Meitheamh 2020 maidir leis na fo-earnálacha iomchuí risíochtaí ar ar féidir leis an údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe maolán um priacal sistéamach a chur i bhfeidhm i gcomhréir le pointe (f) de mhír 5 den Airteagal seo.
Airteagal 133 7.
Beidh feidhm ag maolán um priacal sistéamach maidir le gach risíocht, nó fothacar risíochtaí dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo, de na hinstitiúidí go léir, nó ceann amháin nó níos mó d'fhothacair na n-institiúidí sin, ar a bhfuil na húdaráis den Bhallstát lena mbaineann inniúil i gcomhréir leis an Treoir seo agus socraítear é de réir céimeanna coigeartaithe de phointe céatadáin 0,5 nó den mhéid sin iolraithe. Féadfar ceanglais éagsúla a thabhairt isteach i gcomhair fothacair éagsúla institiúidí agus risíochtaí. Ní thabharfaidh an maolán um priacal sistéamach aghaidh ar na rioscaí a chumhdaítear le hAirteagal 130 agus le hAirteagal 131.
Airteagal 133 8.

Agus é á chur de cheangal maolán um priacal sistéamach a choimeád comhlíonfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe an méid seo a leanas:

(a) 

ní bheidh éifeachtaí díobhálacha díréireacha i gceist leis an maolán um priacal sistéamach do chóras airgeadais Ballstát eile i bpáirt nó ina iomláine nó do chóras airgeadais Ballstát de chuid an Aontais ina iomláine ina bhfoirmeoidh nó ina gcruthóidh sé constaic i gcoinne fheidhmiú ceart an mhargaidh inmheánaigh;

(b) 

déanfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe an maolán um priacal sistéamach a athbhreithniú ar a laghad gach re bliain;

▼M11

(c) 

ní úsáidfear an maolán um riosca sistéamach chun aghaidh a thabhairt ar aon cheann díobh seo a leanas:

(i) 

rioscaí a chumhdaítear le hAirteagail 130 agus 131 den Treoir seo;

(ii) 

rioscaí a chumhdaítear go hiomlán leis an ríomh a leagtar amach in Airteagal 92(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

▼M11

(d) 

i gcás ina bhfuil feidhm ag maolán um riosca sistéamach maidir le méid iomlán na neamhchosanta ar riosca atá ag institiúid agus ina dtagann an institiúid sin chun bheith faoi cheangal ag an íosmhéid aschuir, déanfaidh a húdarás inniúil nó a húdarás ainmnithe athbhreithniú, faoi dháta nach déanaí ná dáta an athbhreithnithe dhébhliantúil dá dtagraítear i bpointe (b) den mhír seo, ar cheanglas um maoláin riosca shistéamaigh na hinstitiúide chun a áirithiú go leanfaidh a calabrú de bheith iomchuí.

▼M5

Airteagal 133 9.
Tabharfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe, mar is infheidhme, fógra do BERS roimh fhoilsiú an chinnidh dá dtagraítear i mír 13. Cuirfidh BERS fógraí den sórt sin ar aghaidh chuig an gCoimisiún, ÚBE agus údaráis inniúla agus údaráis ainmnithe na mBallstát lena mbaineann gan mhoill.

I gcás gur fochuideachta a bhfuil a máthairghnóthas lonnaithe i mBallstát eile í an institiúid a bhfuil feidhm ag ráta maolánach um priacal sistéamach amháin nó níos mó ina leith, tabharfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe fógra d'údaráis an Bhallstáit sin.

I gcás ina mbeidh feidhm ag ráta maolánach um priacal sistéamach maidir le risíochtaí atá lonnaithe i dtríú tíortha, tabharfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe, de réir mar is infheidhme, fógra do BERS. Cuirfidh BERS fógraí den sórt sin ar aghaidh chuig údaráis mhaoirseachta na dtríú tíortha sin gan mhoill.

Leagfar amach sna fógraí den sórt sin t an méid seo a leanas:

(a) 

na priacail mhacrastuamachta nó na priacail shistéamacha sa Bhallstát;

(b) 

na cúiseanna le méid na bpriacal macrastuamachta nó sistéamach a bheith ina mbagairt ar chobhsaíocht an chórais airgeadais ar an leibhéal náisiúnta lena dtugtar bonn cirt leis an ráta maolánach um priacal sistéamach;

(c) 

an bonn cirt lena meastar gur dóigh go mbeidh an maolán um priacal sistéamach éifeachtach comhréireach chun an riosca a mhaolú;

(d) 

measúnú ar thionchar dóchúil dearfach nó diúltach an mhaoláin um priacal sistéamach ar an margadh inmheánach, bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil don Bhallstát;

(e) 

an ráta nó na rátaí maolánacha um priacal sistéamach a bheartaíonn an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe, de réir mar is infheidhme, a fhorchur agus na risíochtaí a mbeidh feidhm ag na rátaí ina leith agus na hinstitiúidí a bheidh faoi réir na gceanglas i ndáil leis na rátaí sin;

(f) 

i gcás ina bhfuil feidhm ag an ráta maolánach um priacal sistéamach maidir le gach risíocht, beidh bonn cirt leis an bhfáth a bhfuil an t-údarás den tuairim nach dúbláil é maolán um priacal sistéamach ar fheidhmiú mhaolán O-SII dá bhforáiltear in Airteagal 131.

I gcás, mar thoradh ar an gcinneadh an ráta maolánach um priacal sistéamach a shocrú, ina mbeidh laghdú nó nach mbeidh aon athrú ar an ráta maolánach a socraíodh roimhe sin, ní dhéanfaidh an t-údarás inniúil ná an t-údarás ainmnithe, de réir mar is infheidhme, ach an mhír seo a chomhlíonadh.

Airteagal 133 10.
I gcás nach mbeidh mar thoradh, le socrú nó athshocrú ráta nó rátaí maolánacha um priacal sistéamach i ndáil le haon tacar nó fothacar risíochtaí dá dtagraítear i mír 5 atá faoi réir ráta maolánach um riosca comhcheangailte sistéamach atá os cionn 3 % d'aon cheann de na risíochtaí sin, déanfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe de réir mar is infheidhme, fógra a thabhairt do BERS, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i mír 9, mí amháin roimh fhoilsiú an chinnidh dá dtagraítear i mír 13.

Chun críocha na míre seo, ní chuirfear san áireamh sa tairseach 3 % an t-aitheantas a thugtar do ráta maolánach um priacal sistéamach arna shocrú ag Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagal 134.

Airteagal 133 11.
I gcás ina mbeadh sé mar thoradh ar shocrú nó athshocrú ráta nó rátaí an mhaoláin um riosca sistéamach i dtaca le haon tacar nó aon fhothacar de neamhchosaintí dá dtagraítear i mír 5 faoi réir maolán um riosca sistéamach amháin nó níos mó ráta an mhaoláin um riosca sistéamach comhcheangailte atá ar leibhéal níos airde ná 3 % agus suas le 5 % maidir le haon cheann de na neamhchosaintí sin, déanfaidh údarás inniúil nó údarás ainmnithe an Bhallstáit a shocraíonn an maolán sin tuairimí an Choimisiúin agus BERS a iarraidh san fhógra a chuirfear isteach i gcomhréir le mír 9.

Laistigh de mhí tar éis an fógra dá dtagraítear i mír 9 a fháil, tabharfaidh BERS tuairim don Choimisiún faoin ráta nó rátaí an mhaoláin um riosca sistéamach a bheith nó gan a bheith iomchuí. Laistigh de 2 mhí tar éis an fógra sin a fháil, tabharfaidh an Coimisiún a thuairim, agus tuairim BERS á cur san áireamh aige.

I gcás inar tuairim dhiúltach í tuairim an Choimisiúin, comhlíonfaidh údarás inniúil nó údarás ainmnithe, de réir mar is infheidhme, an Bhallstáit a shocraíonn an maolán um riosca sistéamach sin an tuairim nó tabharfaidh sé cúiseanna gan déanamh amhlaidh.

I gcás inar fochuideachta de mháthairghnóthas atá bunaithe i mBallstát eile í ceann amháin nó níos mó de na hinstitiúidí a bhfuil feidhm ag ceann amháin nó níos mó de rátaí an mhaoláin um riosca sistéamach maidir léi nó leo, cuirfidh BERS agus an Coimisiún san áireamh ina dtuairimí freisin an meastar gurb iomchuí ráta nó rátaí an mhaoláin um riosca sistéamach a chur i bhfeidhm maidir leis na hinstitiúidí sin.

I gcás nach n-aontaíonn údaráis na fochuideachta agus an mháthairghnóthais faoi ráta nó rátaí an mhaoláin um riosca sistéamach is infheidhme i leith na hinstitiúide sin agus i gcás tuairim dhiúltach ón gCoimisiún agus ó BERS araon, féadfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe, de réir mar is infheidhme, an t-ábhar a tharchur chuig ÚBE agus a chúnamh a iarraidh i gcomhréir le hAirteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010. Cuirfear ar fionraí an cinneadh ráta nó rátaí an mhaoláin um riosca sistéamach a shocrú maidir leis na neamhchosaintí sin go dtí go mbeidh cinneadh déanta ag ÚBE.

Chun críocha na míre seo, má aithnítear ráta maoláin um riosca sistéamach arna shocrú ag Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagal 134, ní chuirfear san áireamh é sin le haghaidh na dtairseach dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Airteagal 133 12.
I gcás ina n-eascraíonn ráta maoláin um riosca comhcheangailte sistéamach atá os cionn 5 % maidir le haon cheann de na neamhchosaintí sin as socrú nó athshocrú ráta nó rátaí maoláin um riosca sistéamach i dtaca le haon tacar nó aon fhothacar neamhchosaintí dá dtagraítear i mír 5, féachfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe, de réir mar is infheidhme, le húdarú a fháil ón gCoimisiún sula ndéanfar maolán um riosca sistéamach a chur chun feidhme.

Laistigh de 6 seachtaine tar éis an fógra dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo a fháil, tabharfaidh BERS tuairim don Choimisiún an meastar gurb iomchuí an maolán um riosca sistéamach. Féadfaidh UBÉ a thuairim faoin maolán um riosca sistéamach sin a thabhairt don Choimisiún freisin i gcomhréir le hAirteagal 16a(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, laistigh de 6 seachtaine tar éis an fógra sin a fháil.

Laistigh de 3 mhí tar éis an fógra dá dtagraítear i mír 9 a fháil, glacfaidh an Coimisiún gníomh lena n-údaraítear an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe, de réir mar is infheidhme, an beart atá á mholadh a ghlacadh, agus measúnú BERS agus ÚBE á chur san áireamh, i gcás inarb ábhartha, agus i gcás ina bhfuil sé sásta nach bhfuil éifeachtaí díobhálacha díréireacha i gceist le ráta nó rátaí an mhaoláin um riosca sistéamach ar chóras airgeadais Ballstát eile nó an Aontais ina iomláine nó ar chodanna de lena ndéanfar, nó lena gcruthófar, bac ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

Chun críocha na míre seo, maidir le haithint ráta maoláin um riosca sistéamach arna shocrú ag Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagal 134, ní chuirfear san áireamh é sin le haghaidh na tairsí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.

Airteagal 133 13.

Tabharfaidh gach údarás inniúil, nó údarás ainmnithe, de réir mar is infheidhme, fógra maidir le socrú nó athshocrú ceann amháin nó níos mó de na rátaí maolánacha um priacal sistéamach trína fhoilsiú ar an suíomh gréasáin iomchuí. Áireofar san fhoilsiú sin an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad:

(a) 

an ráta nó na rátaí maolánacha um priacal sistéamach;

(b) 

na hinstitiúidí lena mbaineann an maolán um priacal sistéamach;

(c) 

na risíochtaí lena mbaineann an ráta nó na rátaí maolánacha um priacal sistéamach;

(d) 

bonn cirt leis an ráta nó na rátaí maolánacha um priacal sistéamach a shocrú nó a athshocrú;

(e) 

an dáta óna gcuirfidh na hinstitiúidí i bhfeidhm an maolán um priacal sistéamach a shocrú nó a athshocrú; agus

(f) 

ainmneacha na dtíortha ina dtugtar aitheantas sa mhaolán um priacal sistéamach do na risíochtaí atá lonnaithe sna tíortha sin.

I gcás ina bhféadfaidh foilseachán na faisnéise dá dtagraítear i bpointe (d) den chéad fhomhír cobhsaíocht an chórais airgeadais a chur i mbaol, ní chuirtear an fhaisnéis san áireamh san fhoilseachán.

Airteagal 133 14.
I gcás ina mainneoidh institiúid an ceanglas a leagtar amach i mír 1 den Airteagal seo a chomhlíonadh ina iomláine, beidh sí faoi réir na srianta ar dháileacháin a leagtar amach in Airteagal 141(2) agus (3).

Más rud é go bhfágann cur chun feidhme na srianta ar dháileacháin nach sásúil an dul chun cinn a dhéantar i dtaobh Chaipiteal Gnáthchothromas Leibhéal 1 de chuid na hinstitiúide, i bhfianaise an riosca ábhartha shistéamaigh, féadfaidh na húdaráis inniúla bearta breise a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 64.

Airteagal 133 15.
I gcás ina gcinneann an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe, de réir mar is infheidhme, an maolán um priacal sistéamach a shocrú ar bhonn na risíochtaí atá lonnaithe i mBallstáit eile, déanfar an maolán a shocrú go cothrom maidir le gach risíocht atá lonnaithe laistigh den Aontas, ach amháin más rud é go bhfuil an maolán socraithe chun an ráta maolánach um priacal sistéamach arna shocrú ag Ballstát eile a shainaithint i gcomhréir le hAirteagal 134.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 11.07.2026 00:00:00 -Doknr: CELEX:32013L0036
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.