|
+Airteagal 133 12. |
Airteagal 133 12.I gcás ina n-eascraíonn ráta maoláin um riosca comhcheangailte sistéamach atá os cionn 5 % maidir le haon cheann de na neamhchosaintí sin as socrú nó athshocrú ráta nó rátaí maoláin um riosca sistéamach i dtaca le haon tacar nó aon fhothacar neamhchosaintí dá dtagraítear i mír 5, féachfaidh an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe, de réir mar is infheidhme, le húdarú a fháil ón gCoimisiún sula ndéanfar maolán um riosca sistéamach a chur chun feidhme. Laistigh de 6 seachtaine tar éis an fógra dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo a fháil, tabharfaidh BERS tuairim don Choimisiún an meastar gurb iomchuí an maolán um riosca sistéamach. Féadfaidh UBÉ a thuairim faoin maolán um riosca sistéamach sin a thabhairt don Choimisiún freisin i gcomhréir le hAirteagal 16a(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, laistigh de 6 seachtaine tar éis an fógra sin a fháil. Laistigh de 3 mhí tar éis an fógra dá dtagraítear i mír 9 a fháil, glacfaidh an Coimisiún gníomh lena n-údaraítear an t-údarás inniúil nó an t-údarás ainmnithe, de réir mar is infheidhme, an beart atá á mholadh a ghlacadh, agus measúnú BERS agus ÚBE á chur san áireamh, i gcás inarb ábhartha, agus i gcás ina bhfuil sé sásta nach bhfuil éifeachtaí díobhálacha díréireacha i gceist le ráta nó rátaí an mhaoláin um riosca sistéamach ar chóras airgeadais Ballstát eile nó an Aontais ina iomláine nó ar chodanna de lena ndéanfar, nó lena gcruthófar, bac ar fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh. Chun críocha na míre seo, maidir le haithint ráta maoláin um riosca sistéamach arna shocrú ag Ballstát eile i gcomhréir le hAirteagal 134, ní chuirfear san áireamh é sin le haghaidh na tairsí dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|