+Airteagal 4 Sainmhínithe

Airteagal 4 Sainmhínithe

Airteagal 4

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

▼M8

(1) 

ciallaíonn “institiúidí airgeadais” aon ghnóthas atá faoi réir Rialacháin agus maoirseachta de bhun aon cheann de na gníomhartha reachtacha dá dtagraítear in Airteagal 1(2);

▼M10 —————

▼M8

(2) 

ciallaíonn “údaráis inniúla”:

(i) 

údaráis inniúla mar a shainmhínítear iad i bpointe (40) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013, lena n-áirítear an Banc Ceannais Eorpach i ndáil le hábhair a bhaineann leis na cúraimí a thugtar dó le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2013

(ii) 

a mhéid a bhaineann le Treoir 2002/65/CE, na húdaráis agus na comhlachtaí atá inniúil chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh institiúidí creidmheasa agus airgeadais ceanglais na Treorach sin;

▼M10 —————

▼M8

(iv) 

a mhéid a bhaineann le scéimeanna ráthaíochta taiscí, comhlachtaí a riarann scéimeanna ráthaíochta taiscí de bhun Threoir 2014/49/AE, nó i gcás ina riarann cuideachta phríobháideach feidhmiú na scéime ráthaíochta taiscí, an t-údarás poiblí a dhéanann maoirseacht ar na scéimeanna sin de bhun na Treorach sin agus údaráis riaracháin ábhartha dá dtagraítear sa Treoir sin;

(v) 

a mhéid a bhaineann le Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 11 ) agus Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 12 ), na húdaráis réitigh arna n-ainmniú i gcomhréir le hAirteagal 3 de Threoir 2014/59/AE, an Bord Réitigh Aonair a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 agus an Chomhairle agus an Coimisiún nuair a bheidh gníomhaíochtaí á ndéanamh acu faoi Airteagal 18 den Rialachán (AE) Uimh. 806/2014, ach amháin i gcás ina mbeidh cumhachtaí lánroghnacha á bhfeidhmiú acu nó roghanna beartais á ndéanamh acu;

(vi) 

“údaráis inniúla” dá dtagraítear i dTreoir 2014/17/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 13 ); i Rialachán (AE) 2015/751, i dTreoir (AE) 2015/2366 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 14 ), i dTreoir 2009/110/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 15 ), agus i Rialachán (AE) Uimh. 260/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 16 );

(vii) 

“comhlachtaí agus údaráis” amhail dá dtagraítear in Airteagal 20 de Threoir 2008/48/CE;

▼M7

(viii) 

maidir le Rialachán (AE) 2019/2033 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 17 ) agus Treoir (AE) 2019/2034 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 18 ) údaráis inniúla mar a shainmhínítear i bpointe (5) d'Airteagal 3(1) den Treoir sin iad.

▼B

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 31.12.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1093
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.