|
+Article 12 6. |
Article 12 6.I gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo, ríomhfaidh na Ballstáit na ceanglais fritháirimh gach bliain don bhliain féilire roimhe sin i leith eitiltí go dtí Stáit a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 25a(3), amach as Stáit den sórt sin agus idir Stáit den sórt sin, agus i leith eitiltí idir an Eilvéis nó an Ríocht Aontaithe agus Stáit a liostaítear sa ghníomh cur chun feidhme arna ghlacadh de bhun Airteagal 25a(3), agus faoin 30 Samhain gach bliain, cuirfidh siad na hoibreoirí aerárthaí ar an eolas. I gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach sa ghníomh cur chun feidhme dá dtagraítear i mír 8 den Airteagal seo, ríomhfaidh na Ballstáit freisin na ceanglais fritháirimh iomlána deiridh a bhaineann le tréimhse chomhlíontachta CORSIA ar leith agus, faoin 30 Samhain den bhliain tar éis na bliana deiridh den tréimhse chomhlíontachta CORSIA ábhartha, cuirfidh siad na hoibreoirí aerárthaí a chomhlíonann na coinníollacha na ceanglais a leagtar amach sa tríú fomhír den mhír seo ar an eolas. Cuirfidh na Ballstáit oibreoirí aerárthaí a chomhlíonann na coinníollacha uile seo a leanas ar an eolas faoi leibhéal an fhritháirimh:
(a)
tá deimhniú aeroibreora a d’eisigh Ballstát ag na hoibreoirí aerárthaí nó tá siad cláraithe i mBallstát, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí, na spleáchríocha agus na críocha den Bhallstát sin; agus
(b)
scaoileann siad astaíochtaí bliantúla CO2 atá níos mó ná 10 000 tona, ar astaíochtaí iad a thagann ó úsáid eitleán a bhfuil uasmhais dheimhnithe éirí de thalamh níos mó ná 5 700 kg acu agus atá ag tabhairt faoi eitiltí a chumhdaítear le hIarscríbhinn I, seachas iad sin a thuirlingíonn sa Bhallstát céanna ónar imigh siad, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí den Bhallstát céanna, ón 1 Eanáir 2021. Chun críocha na chéad fhomhíre, pointe (b), ní chuirfear astaíochtaí CO2 ó na cineálacha eitiltí seo a leanas san áireamh:
(i)
eitiltí Stáit;
(ii)
eitiltí daonnúla;
(iii)
eitiltí leighis;
(iv)
eitiltí míleata;
(v)
eitiltí comhraic dóiteáin;
(vi)
eitiltí arna ndéanamh roimh eitilt dhaonnúil, eitilt leighis nó eitilt comhraic dóiteáin nó ina ndiaidh, ar choinníoll go ndearnadh eitiltí den sórt sin leis an aerárthach céanna agus go raibh orthu na gníomhaíochtaí gaolmhara daonnúla, leighis nó comhraic dóiteáin a chur i gcrích nó an t-aerárthach a chur i suíomh eile tar éis na ngníomhaíochtaí sin dá chéad ghníomhaíocht eile. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|