►M15
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a bhaineann leis na socruithe mionsonraithe chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí agus, i gcás inarb ábhartha, ar shonraí gníomhaíochta, ó na gníomhaíochtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir seo, agus ar éifeachtaí eitlíochta neamh-CO
2 ar aerbhealaí a ndéantar astaíochtaí a thuairisciú ina leith faoin Treoir seo, a bheidh bunaithe ar na prionsabail a bhaineann le faireachán agus tuairisciú a leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir seo agus ar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 2 agus 5 den Airteagal seo. Sonrófar sna gníomhartha cur chun feidhme sin freisin acmhainneacht téite domhanda gach gáis cheaptha teasa agus cuirfear san áireamh iontu eolas eolaíoch atá cothrom le dáta maidir le héifeachtaí astaíochtaí eitlíochta neamh-CO
2 sna ceanglais maidir le faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na hastaíochtaí sin agus ar a n-éifeachtaí, lena n-áirítear éifeachtaí eitlíochta neamh-CO
2. Déanfar foráil leis na gníomhartha cur chun feidhme sin do chur i bhfeidhm na critéir inbhuanaitheachta agus coigiltis astaíochtaí gás ceaptha teasa maidir le húsáid bhithmhaise a bhunaítear le Treoir (AE) 2018/2001, le haon choigeartú is gá lena gcur i bhfeidhm faoin Treoir seo, chun go mbeidh bithmhais den sórt sin nialas-rátaithe. Sonrófar iontu an chaoi le haghaidh stóráil astaíochtaí ó mheascán d’fhoinsí atá nialas-rátaithe agus foinsí nach bhfuil nialas-rátaithe a chur san áireamh. Sonrófar iontu freisin conas le hastaíochtaí ó bhreoslaí in-athnuaite de thionscnamh neamh-bhitheolaíoch agus breoslaí carbóin athchúrsáilte a chur san áireamh, lena n-áirithítear go gcuirfear astaíochtaí den sórt sin san áireamh agus go seachnófar an t-áireamh dúbailte.
◄
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 22a(2).