|
+Airteagal 28b 1. |
Airteagal 28b 1.Roimh an 1 Eanáir 2027 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fáil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an dul chun cinn sa chaibidlíocht le ICAO chun an beart domhanda margadhbhunaithe a chur chun feidhme, ar beart é atá le cur i bhfeidhm i leith astaíochtaí ó 2021 amach, go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas:
(a)
ionstraimí ábhartha ICAO, lena n-áirítear caighdeáin agus cleachtais mholta, chomh maith leis an dul chun cinn atá déanta ó thaobh gach gné de bhascaed beart ICAO a chur chun feidhme chun an sprioc mhianaidhme dhomhanda fhadtéarmach a glacadh ag an 41ú Comhthionól ICAO a bhaint amach;
(b)
moltaí ICAO arna bhformheas ag an gComhairle agus atá ábhartha maidir leis an mbeart domhanda margadhbhunaithe, lena n-áirítear aon athrú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na bonnlínte;
(c)
clár domhanda a bhunú;
(d)
bearta intíre arna ndéanamh ag tríú tíortha chun an beart domhanda margadhbhunaithe a chur chun feidhme atá le cur i bhfeidhm i leith astaíochtaí ó 2021 amach;
(e)
leibhéal rannpháirtíochta tríú tíortha sa fhritháireamh faoi CORSIA, lena n-áirítear impleachtaí a bhforchoimeádas maidir le rannpháirtíocht den sórt sin; agus
(f)
forbairtí idirnáisiúnta ábhartha eile agus ionstraimí eile is infheidhme, chomh maith leis an dul chun cinn atá déanta ó thaobh laghdú a dhéanamh ar na tionchair iomlána atá ag an eitlíocht ar an athrú aeráide. I gcomhréir leis an athbhreithniú iomlán ar Chomhaontú Pháras, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fáil freisin maidir leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun an sprioc mhianaidhme dhomhanda fhadtéarmach atá ag earnáil na heitlíochta a bhaint amach, is é sin go laghdófaí astaíochtaí CO2 go glan-nialas faoi 2050, rud a ndéantar measúnú air i gcomhréir leis na critéir dá dtagraítear sa chéad fhomhír, pointí (a) go (f). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|