+REGULATION (EC) No 1692/2006 OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL of 24 October 2006 establishing the second ‘Marco Polo’ programme for the granting of Community financial assistance to improve the environmental performance of the freight transport system (Marco Polo II) and repealing Regulation (EC) No 1382/2003 (Text with EEA relevance)
---+CHAPTER I GENERAL PROVISIONS
------+Article 1 Subject matter
------+Article 2 Definitions
------+Article 3 Scope
---------+Article 3 1.
---------+Article 3 2.
---------+Article 3 3.
---------+Article 3 4.
---+CHAPTER II ELIGIBLE APPLICANTS AND ACTIONS
------+Article 4 Eligible applicants
---------+Article 4 1.
---------+Article 4 2.
------+Article 5 Eligible actions and funding conditions
---------+Article 5 1.
---------+Article 5 2.
---------+Article 5 3.
---------+Article 5 4.
------+Article 6 Detailed rules
------+Airteagal 7 Státchabhair
---+CHAPTER III SUBMISSION AND SELECTION OF ACTIONS
------+Airteagal 8 Gníomhaíochtaí a thíolacadh
------+Airteagal 9 Gníomhaíochtaí do chúnamh airgeadais a roghnú
---+CHAPTER IV FINAL PROVISIONS
------+Article 10 Committee
---------+Article 10 1.
---------+Article 10 2.
---------+Article 10 3.
------+Article 11 Budget
------+Article 12 Reserve for accompanying measures and Programme evaluation
------+Article 13 Protection of the European Communities' financial interests
---------+Article 13 1.
---------+Article 13 2.
---------+Article 13 3.
------+Article 14 Evaluation
---------+Article 14 1.
---------+Article 14 2.
---------+Article 14 2a.
------+Airteagal 15 Aisghairm
------+Article 16 Entry into force
---+IARSCRÍBHINN
English - European Union - Environment -

REGULATION (EC) No 1692/2006 OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL of 24 October 2006 establishing the second ‘Marco Polo’ programme for the granting of Community financial assistance to improve the environmental performance of the freight transport system (Marco Polo II) and repealing Regulation (EC) No 1382/2003 (Text with EEA relevance)

REGULATION (EC) No 1692/2006 OF THE EUROPEAN PARLIAMENT AND OF THE COUNCIL

of 24 October 2006

establishing the second ‘Marco Polo’ programme for the granting of Community financial assistance to improve the environmental performance of the freight transport system (Marco Polo II) and repealing Regulation (EC) No 1382/2003

(Text with EEA relevance)

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
CHAPTER I GENERAL PROVISIONS CHAPTER I GENERAL PROVISIONS
CHAPTER II ELIGIBLE APPLICANTS AND ACTIONS CHAPTER II ELIGIBLE APPLICANTS AND ACTIONS
CHAPTER III SUBMISSION AND SELECTION OF ACTIONS CHAPTER III SUBMISSION AND SELECTION OF ACTIONS
CHAPTER IV FINAL PROVISIONS CHAPTER IV FINAL PROVISIONS
IARSCRÍBHINN

IARSCRÍBHINN


Coinníollacha agus ceanglais maidir le maoiniú de réir Airteagal 5(2)

An Cineál Gníomhaíochta

A.  Catalaíoch

Airteagal 5(1)(a)

B.  Mótarbhealaí na Farraige

Airteagal 5(1)(b)

C.  Aistriú modha

Airteagal 5(1)(c)

D.  Seachaint tráchta

Airteagal 5(1)(d)

E.  Comhfhoghlaim

Airteagal 5(1)(e)

1.  Coinníollacha maidir le maoiniú

(a)  bainfidh an ghníomhaíocht chatalaíoch a cuid cuspóirí amach laistigh de thréimhse uasta 60 mí, agus beidh sí fós inmharthana tar éis na tréimhse sin, de réir mar a thuartar i bplean gnó réalaíoch;

(a)  bainfidh an ghníomhaíocht maidir le Mótarbhealaí na Farraige a cuid cuspóirí amach laistigh de thréimhse uasta 60 mí, agus beidh sí fós inmharthana tar éis na tréimhse sin, de réir mar a thuartar i bplean gnó réalaíoch;

(a)  bainfidh gníomhaíocht an aistrithe modha a cuid cuspóirí amach laistigh de thréimhse uasta 36 mí, agus beidh sí fós inmharthana tar éis na tréimhse sin, de réir mar a thuartar i bplean gnó réalaíoch;

(a)  bainfidh an ghníomhaíocht seachanta tráchta a cuid cuspóirí amach laistigh de thréimhse uasta 60 mí, agus beidh sí fós inmharthana tar éis na tréimhse sin, de réir mar a thuartar i bplean gnó réalaíoch;

(a)  is é a leanfaidh as an ngníomhaíocht chomhfhoghlama ná feabhsú ar sheirbhísí tráchtála sa mhargadh, agus go háirithe cuirfear chun cinn agus/nó éascófar seachaint tráchta bóthair nó aistriú modha ó na bóithre go dtí loingseoireacht farraige ghairid, iarnróid agus uiscebhealaí intíre, trí chomhoibriú a fheabhsú agus trí fhios gnó a roinnt; mairfidh sí 24 mí ar a mhéid;

(b)  tá an ghníomhaíocht chatalaíoch nuálaíoch ar leibhéal Eorpach, i dtéarmaí loighistice, teicneolaíochta, modhanna, trealaimh, táirgí, bonneagair nó seirbhísí a thugtar;

(b)  tá an ghníomhaíocht maidir le Mótarbhealaí na Farraige nuálaíoch ar leibhéal Eorpach, i dtéarmaí loighistice, teicneolaíochta, modhanna, trealaimh, táirgí, bonneagair nó seirbhísí a thugtar; cuirfear san áireamh freisin cáilíocht ard na seirbhíse, nósanna imeachta agus cigireachtaí simplithe, comhlíonadh caighdeán sábháilteacht agus slándála, rochtain mhaith ar na calafoirt, naisc éifeachtúla le cúlchríocha, agus seirbhísí calafoirt solúbtha éifeachtúla;

(b)  ní leanfaidh aon saobhadh ar an iomaíocht sna margaí ábhartha as an ngníomhaíocht athraithe modha, go háirithe idir modhanna ailtéarnacha iompair le hais iompar de bhóthar amháin nó laistigh de gach modh, a bheidh contrártha don leas coiteann;

(b)  tá an ghníomhaíocht seachanta tráchta nuálaíoch ar leibhéal Eorpach, i dtéarmaí loighistic táirgeachta a lánpháirtiú isteach i loighistic iompair;

(b)  tá an ghníomhaíocht chomhfhoghlama nuálaíoch ar leibhéal Eorpach;

(c)  táthar ag súil gurb é a leanfaidh as an ngníomhaíocht chatalaíoch ná aistriú modha iarbhír, a bheidh intomhaiste agus inbhuanaithe, ó bhóithre go loingseoireacht farraige ghairid, iompar iarnróid agus uiscebhealaí intíre;

(c)  is é is aidhm don ghníomhaíocht maidir le Mótarbhealaí na Farraige ná seirbhísí idirmhódúla mórthoirte, ardmhinicíochta a spreagadh don iompar lasta trí loingseoireacht farraige ghairid, lena n áirítear comhsheirbhísí lasta-paisinéirí de réir mar is iomchuí, nó teaglaim de loingseoireacht farraige ghairid in éineacht le modhanna iompair eile ina mbíonn turais de bhóthar chomh gearr agus is féidir; ba cheart, más féidir é, go mbeadh seirbhísí comhtháite iompair lasta cúlchríche ann, trí iompar iarnróid agus/nó trí iompar uiscebhealaí intíre, mar chuid den ghníomhaíocht;

(c)  leis an ngníomhaíocht aistrithe modha, moltar plean réalaíoch ina leagtar amach na céimeanna sonracha faoina bhféachfar le cuspóirí an phlean a bhaint amach;

(c)  is é is aidhm don ngníomhaíocht seachanta tráchta ná éifeachtúlacht níos mó a spreagadh san iompar lasta idirnáisiúnta i margaí na hEorpa gan bac a chur ar fhás eacnamaíoch trí dhíriú ar na próisis táirgeachta agus/nó dáiliúcháin a mhodhnú, agus, sa tslí sin, achair níos giorra, fachtóirí níos airde lódála, laghdú ar thurais fholmha, laghdú ar shreafaí dramhaíola, laghdú ar thoirt agus/nó ar mheáchan nó aon éifeacht eile as a leanfadh laghdú suntasach ar iompar lasta de bhóthar a bhaint amach, ach gan difear dochrach a dhéanamh don aschur táirgeachta ná don fhórsa saothair;

(c)  ní leanfaidh aon saobhadh ar an iomaíocht sna margaí ábhartha as an ngníomhaíocht chomhfhoghlama, go háirithe idir modhanna iompair atá mar mhalairt ar iompar de bhóthar amháin nó laistigh de gach modh sa mhéid go mbeadh sé contrártha don leas coiteann;

(d)  leis an ngníomhaíocht chatalaíoch, moltar plean réalaíoch ina leagtar amach na céimeanna sonracha faoina bhféachfar le cuspóirí an phlean a bhaint amach agus ina sainaithnítear an gá atá le cúnamh stiúrtha ón gCoimisiún;

(d)  táthar ag súil gurb é a leanfaidh as an ngníomhaíocht maidir le Mótarbhealaí na Farraige ná aistriú modha iarbhír, a bheidh intomhaiste agus inbhuanaithe agus a bheidh níos airde ná an ráta fáis atá tuartha d’iompar lasta de bhóthar, ar aistriú modha é ó bhóithre go loingseoireacht farraige ghairid go huiscebhealaí intíre nó go hiompar iarnróid;

(d)  nuair a éilítear leis an ngníomhaíocht aistrithe modha go mbeifí ag brath ar sheirbhísí arna soláthar ag tríú páirtithe sa chomhaontú fóirdheontais, tíolacfaidh an t-iarratasóir cruthúnas ar nós imeachta trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach chun na seirbhísí ábhartha a roghnú.

 

(d)  leis an ngníomhaíocht chomhfhoghlama, moltar plean réalaíoch ina leagtar amach na céimeanna sonracha faoina bhféachfar le cuspóirí an phlean a bhaint amach agus ina sainaithnítear an gá atá le cúnamh stiúrtha ón gCoimisiún.

(e)  ní leanfaidh aon saobhadh ar iomaíochas sna margaí ábhartha as an ngníomhaíocht chatalaíoch, go háirithe idir modhanna iompair atá mar mhalairt ar iompar de bhóthar amháin nó laistigh de gach modh, sa mhéid go mbeadh sé contrártha don leas coiteann;

(e)  leis an ngníomhaíocht maidir le Mótarbhealaí na Farraige, moltar plean réalaíoch ina leagtar amach na céimeanna sonracha faoina bhféachfar le cuspóirí an phlean a bhaint amach agus ina sainaithnítear an gá atá le cúnamh stiúrtha ón gCoimisiún;

 

(d)  leis an ngníomhaíocht seachanta tráchta, moltar plean réalaíoch ina leagtar amach na céimeanna sonracha faoina bhféachfar le cuspóirí an phlean a bhaint amach agus ina sainaithnítear an gá atá le cúnamh stiúrtha ón gCoimisiún;

 

(f)  nuair a éilítear leis an ngníomhaíocht chatalaíoch go mbeifí ag brath ar sheirbhísí arna soláthar ag tríú páirtithe sa chomhaontú fóirdheontais, tíolacfaidh an t-iarratasóir cruthúnas ar nós imeachta trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach chun na seirbhísí ábhartha a roghnú.

(f)  ní leanfaidh aon saobhadh ar an iomaíocht sna margaí ábhartha as an ngníomhaíocht maidir le Mótarbhealaí na Farraige, go háirithe idir modhanna iompair atá mar mhalairt ar iompar de bhóthar amháin nó laistigh de gach modh, sa mhéid go mbeadh sé contrártha don leas coiteann;

 

(e)  ní leanfaidh aon saobhadh ar an iomaíocht sna margaí ábhartha as an ngníomhaíocht seachanta tráchta, go háirithe maidir le modhanna iompair atá mar mhalairt ar iompar de bhóthar, sa mhéid go mbeadh sé contrártha don leas coiteann;

 

 

(g)  nuair a éilítear leis an ngníomhaíocht maidir le Mótarbhealaí na Farraige go mbeifí ag brath ar sheirbhísí arna soláthar ag tríú páirtithe sa chomhaontú fóirdheontais, tíolacfaidh an t-iarratasóir cruthúnas ar nós imeachta trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach chun na seirbhísí ábhartha a roghnú.

 

(f)  nuair a éilítear leis an ngníomhaíocht seachanta tráchta go mbeifí ag brath ar sheirbhísí arna soláthar ag tríú páirtithe sa chomhaontú fóirdheontais, tíolacfaidh an t iarratasóir cruthúnas ar nós imeachta trédhearcach, oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach chun na seirbhísí ábhartha a roghnú.

 

2.  Méid agus raon feidhme an mhaoinithe

(a)  Beidh cúnamh airgeadais an Chomhphobail i gcomhair gníomhaíochtaí catalaíocha teoranta d’uasmhéid 35 % den chaiteachas iomlán is gá chun cuspóirí na gníomhaíochta a bhaint amach agus a thabhófar mar thoradh ar an ngníomhaíocht. Beidh caiteachas den sórt sin cáilithe i gcomhair cúnaimh airgeadais Comhphobail, sa mhéid go mbeidh baint dhíreach aige le cur chun feidhme na gníomhaíochta. Ní bheidh na costais cháilithe a bhainfidh le bonneagar coimhdeach níos mó ná 20 % de na costais cháilithe iomlána don tionscadal.

(a)  Beidh cúnamh airgeadais an Chomhphobail i gcomhair gníomhaíochtaí maidir le Mótarbhealaí na Farraige teoranta d’uasmhéid 35 % den chaiteachas iomlán is gá chun cuspóirí na gníomhaíochta a bhaint amach agus a thabhófar mar thoradh ar an ngníomhaíocht. Beidh caiteachas den sórt sin cáilithe i gcomhair cúnaimh airgeadais Comhphobail, sa mhéid go mbeidh baint dhíreach aige le cur chun feidhme na gníomhaíochta. Ní bheidh na costais cháilithe a bhainfidh le bonneagar coimhdeach níos mó ná 20 % de na costais cháilithe iomlána don tionscadal.

(a)  Beidh cúnamh airgeadais an Chomhphobail i gcomhair gníomhaíochtaí athraithe modha teoranta d’uasmhéid 35 % den chaiteachas iomlán is gá chun cuspóirí na gníomhaíochta a bhaint amach agus a thabhófar mar thoradh ar an ngníomhaíocht. Beidh caiteachas den sórt sin cáilithe i gcomhair cúnaimh airgeadais Comhphobail, sa mhéid go mbeidh baint dhíreach aige le cur chun feidhme na gníomhaíochta. Ní bheidh na costais cháilithe a bhainfidh le bonneagar coimhdeach níos mó ná 20 % de na costais cháilithe iomlána don tionscadal.

(a)  Beidh cúnamh airgeadais an Chomhphobail i gcomhair gníomhaíochtaí seachanta tráchta teoranta d’uasmhéid 35 % den chaiteachas iomlán is gá chun cuspóirí na gníomhaíochta a bhaint amach agus a thabhófar mar thoradh ar an ngníomhaíocht. Beidh caiteachas den sórt sin cáilithe i gcomhair cúnaimh airgeadais Comhphobail, sa mhéid go mbeidh baint dhíreach aige le cur chun feidhme na gníomhaíochta. Ní bheidh na costais cháilithe a bhainfidh le bonneagar coimhdeach níos mó ná 20 % de na costais cháilithe iomlána don tionscadal.

(a)  Beidh cúnamh airgeadais an Chomhphobail i gcomhair gníomhaíochtaí comhfhoghlama teoranta d’uasmhéid 50 % den chaiteachas iomlán is gá chun cuspóirí na gníomhaíochta a bhaint amach agus a thabhófar mar thoradh ar an ngníomhaíocht. Beidh caiteachas den sórt sin cáilithe i gcomhair cúnaimh airgeadais Comhphobail, sa mhéid go mbeidh baint dhíreach aige le cur chun feidhme na gníomhaíochta.

Beidh an caiteachas arna thabhú ar an dáta a dtíolactar iarratas faoin nós imeachta roghnúcháin, nó tar éis an dáta sin, cáilithe i gcomhair cúnaimh airgeadais Comhphobail ar choinníoll go dtugtar formheas deiridh maidir le maoiniú Comhphobail. Beidh ranníocaíocht i leith chostais na sócmhainní sochorraithe ag brath ar an oibleagáid chun sócmhainní den sórt sin a úsáid fad a mhairfidh an cúnamh, go príomha don ghníomhaíocht, de réir mar a shainítear leis an gcomhaontú fóirdheontais.

Beidh an caiteachas arna thabhú ar an dáta a dtíolactar iarratas faoin nós imeachta roghnúcháin, nó tar éis an dáta sin, cáilithe i gcomhair cúnaimh airgeadais Comhphobail ar choinníoll go dtugtar formheas deiridh maidir le maoiniú Comhphobail. Beidh ranníocaíocht i leith chostais na sócmhainní sochorraithe ag brath ar an oibleagáid chun sócmhainní den sórt sin a úsáid fad a mhairfidh an cúnamh, go príomha don ghníomhaíocht, de réir mar a shainítear leis an gcomhaontú fóirdheontais.

Beidh an caiteachas arna thabhú ar an dáta a dtíolactar iarratas faoin nós imeachta roghnúcháin, nó tar éis an dáta sin, cáilithe i gcomhair cúnaimh airgeadais Comhphobail ar choinníoll go dtugtar formheas deiridh maidir le maoiniú Comhphobail. Beidh ranníocaíocht i leith chostais na sócmhainní sochorraithe ag brath ar an oibleagáid chun sócmhainní den sórt sin a úsáid fad a mhairfidh an cúnamh, go príomha don ghníomhaíocht, de réir mar a shainítear leis an gcomhaontú fóirdheontais.

Beidh an caiteachas arna thabhú ar an dáta a dtíolactar iarratas faoin nós imeachta roghnúcháin, nó tar éis an dáta sin, cáilithe i gcomhair cúnaimh airgeadais Comhphobail ar choinníoll go dtugtar formheas deiridh maidir le maoiniú Comhphobail. Beidh ranníocaíocht i leith chostais na sócmhainní sochorraithe ag brath ar an oibleagáid chun sócmhainní den sórt sin a úsáid fad a mhairfidh an cúnamh, go príomha don ghníomhaíocht, de réir mar a shainítear leis an gcomhaontú fóirdheontais.

Beidh an caiteachas arna thabhú ar an dáta a dtíolactar iarratas faoin nós imeachta roghnúcháin, nó tar éis an dáta sin, cáilithe i gcomhair cúnaimh airgeadais Comhphobail ar choinníoll go dtugtar formheas deiridh maidir le maoiniú Comhphobail.

 

 

 

(b)  Ní fhéadtar an cúnamh airgeadais Comhphobail do ghníomhaíochtaí seachanta tráchta a úsáid chun tacú le gníomhaíochtaí gnó nó táirgeachta nach bhfuil aon bhaint dhíreach acu le cúrsaí iompair ná le cúrsaí dáiliúcháin.

 

(b)  Déanfar an cúnamh airgeadais Comhphobail, arna chinneadh ag an gCoimisiún ar bhonn na dtona-chiliméadar a aistreofar ó bhóthar go loingseoireacht farraige ghairid, iompar iarnróid agus uiscebhealaí intíre, a shocrú i dtosach ag EUR 2 i gcás gach aistriú 500 tona-chiliméadar de lasta bóthair. D’fhéadfaí an méid táscach sin a choigeartú, go háirithe i gcomhréir le cáilíocht an tionscadail nó leis an tairbhe iarbhír a bhaintear amach ó thaobh an chomhshaoil de.

(b)  Déanfar an cúnamh airgeadais Comhphobail, arna chinneadh ag an gCoimisiún ar bhonn na dtona-chiliméadar a aistreofar ó bhóthar go loingseoireacht farraige ghairid, iompar iarnróid agus uiscebhealaí intíre, a shocrú i dtosach ag EUR 2 i gcás gach aistriú 500 tona-chiliméadar de lasta bóthair. D’fhéadfaí an méid táscach sin a choigeartú, go háirithe i gcomhréir le cáilíocht an tionscadail nó leis an tairbhe iarbhír a bhaintear amach ó thaobh an chomhshaoil de.

(b)  Déanfar an cúnamh airgeadais Comhphobail, arna chinneadh ag an gCoimisiún ar bhonn na dtona-chiliméadar a aistreofar ó bhóthar go loingseoireacht farraige ghairid, iompar iarnróid agus uiscebhealaí intíre, a shocrú i dtosach ag EUR 2 i gcás gach aistriú 500 tona-chiliméadar de lasta bóthair. D’fhéadfaí an méid táscach sin a choigeartú, go háirithe i gcomhréir le cáilíocht an tionscadail nó leis an tairbhe iarbhír a bhaintear amach ó thaobh an chomhshaoil de.

(c)  Déanfar an cúnamh airgeadais Comhphobail a shocrú i dtosach ag EUR 2 i gcás gach 500 tona-chiliméadar nó 25 feithicil-chiliméadar de lasta bóthair a sheachnaítear. D’fhéadfaí an méid táscach sin a choigeartú, go háirithe i gcomhréir le cáilíocht an tionscadail nó leis an tairbhe iarbhír a bhaintear amach ó thaobh an chomhshaoil de.

 

(c)  I gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 10(2), féadfaidh an Coimisiún athscrúdú a dhéanamh, ó am go ham de réir mar is gá, ar fhorbairtí maidir leis na míreanna ar a bhfuil an ríomh seo bunaithe agus, más gá, méid an chúnaimh airgeadais Comhphobail a oiriúnú dá réir sin.

(c)  I gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 10(2), féadfaidh an Coimisiún athscrúdú a dhéanamh, ó am go ham de réir mar is gá, ar fhorbairtí maidir leis na míreanna ar a bhfuil an ríomh seo bunaithe agus, más gá, méid an chúnaimh airgeadais Comhphobail a oiriúnú dá réir sin.

(c)  I gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 10(2), féadfaidh an Coimisiún athscrúdú a dhéanamh, ó am go ham de réir mar is gá, ar fhorbairtí maidir leis na míreanna ar a bhfuil an ríomh seo bunaithe agus, más gá, méid an chúnaimh airgeadais Comhphobail a oiriúnú dá réir sin.

(d)  I gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 10(2), féadfaidh an Coimisiún athscrúdú a dhéanamh, ó am go ham de réir mar is gá, ar fhorbairtí maidir leis na míreanna ar a bhfuil an ríomh seo bunaithe agus, más gá, méid an chúnaimh airgeadais Comhphobail a oiriúnú dá réir sin.

 

3.  Foirm agus ré an chomhaontaithe fóirdheontais

Deonófar cúnamh airgeadais Comhphobail do ghníomhaíochtaí catalaíocha ar bhonn comhaontuithe fóirdheontais, ina mbeidh forálacha iomchuí maidir le stiúradh agus faireachán. De ghnáth, 62 mí an ré uasta a bheidh ag na comhaontuithe sin, agus 36 mí an ré íosta a bheidh acu. I gcás moilleanna neamhghnácha maidir lena gcur chun feidhme, mar shampla de bharr cor chun donais san eacnamaíocht, agus a mbíonn údar maith ag an tairbhí leo, is féidir fadú eisceachtúil 6 mhí a thabhairt.

Deonófar cúnamh airgeadais Comhphobail do ghníomhaíochtaí maidir le Mótarbhealaí na Farraige ar bhonn comhaontuithe fóirdheontais, ina mbeidh forálacha iomchuí maidir le stiúradh agus faireachán. De ghnáth, 62 mí an ré uasta a bheidh ag na comhaontuithe sin, agus 36 mí an ré íosta a bheidh acu. I gcás moilleanna neamhghnácha maidir lena gcur chun feidhme, mar shampla de bharr cor chun donais san eacnamaíocht, agus a mbíonn údar maith ag an tairbhí leo, is féidir fadú eisceachtúil 6 mhí a thabhairt.

Deonófar cúnamh airgeadais Comhphobail do ghníomhaíochtaí aistrithe modha ar bhonn comhaontuithe fóirdheontais. De ghnáth, 62 mí an ré uasta a bheidh ag na comhaontuithe sin, agus 38 mí an ré íosta a bheidh acu. I gcás moilleanna neamhghnácha maidir lena gcur chun feidhme, mar shampla de bharr cor chun donais san eacnamaíocht, agus a mbíonn údar maith ag an tairbhí leo, is féidir fadú eisceachtúil 6 mhí a thabhairt.

Deonófar cúnamh airgeadais Comhphobail do ghníomhaíochtaí seachanta tráchta ar bhonn comhaontuithe fóirdheontais, ina mbeidh forálacha iomchuí maidir le stiúradh agus faireachán.. De ghnáth, 62 mí an ré uasta a bheidh ag na comhaontuithe sin, agus 36 mí an ré íosta a bheidh acu. I gcás moilleanna neamhghnácha maidir lena gcur chun feidhme, mar shampla de bharr cor chun donais san eacnamaíocht, agus a mbíonn údar maith ag an tairbhí leo, is féidir fadú eisceachtúil 6 mhí a thabhairt.

Deonófar cúnamh airgeadais Comhphobail do ghníomhaíochtaí comhfhoghlama ar bhonn comhaontuithe fóirdheontais, ina mbeidh forálacha iomchuí maidir le stiúradh agus faireachán. De ghnáth, 26 mí an ré uasta a bheidh ag na comhaontuithe sin, agus féadfar an ré sin a fhadú ar iarratas ón tairbhí, laistigh den chlúdach buiséadach tosaigh, ar feadh ré bhreise 26 mí, má bhaintear torthaí dearfacha amach le linn an chéad 12 mhí d’fheidhmiú na gníomhaíochta.

Ní bheidh cúnamh airgeadais Comhphobail in-athnuaite tar éis na tréimhse uasta sonraithe 62 mí, nó i gcásanna eisceachtúla tar éis 68 mí.

Ní bheidh cúnamh airgeadais Comhphobail in-athnuaite tar éis na tréimhse uasta sonraithe 62 mí, nó i gcásanna eisceachtúla tar éis 68 mí.

Ní bheidh cúnamh airgeadais Comhphobail in-athnuaite tar éis na tréimhse uasta sonraithe 38 mí, nó i gcásanna eisceachtúla tar éis 44 mí.

Ní bheidh cúnamh airgeadais Comhphobail in-athnuaite tar éis na tréimhse uasta sonraithe 62 mí, nó i gcásanna eisceachtúla tar éis 68 mí.

Ní bheidh cúnamh airgeadais Comhphobail in-athnuaite tar éis na tréimhse uasta sonraithe 52 mí.

4.  Tairseach do luach an chonartha

Is é a bheidh sa tairseach fóirdheontais táscach íosta in aghaidh gach gníomhaíochta catalaíche ná 30 milliún tona-chiliméadar nó a choibhéis thoirtmhéadrach i dtaca le haistriú modha nó seachaint tráchta in aghaidh na bliana, ar tairseach í a bheidh le cur chun feidhme thar shaolré iomlán an chomhaontaithe fóirdheontais.

Is é a bheidh sa tairseach fóirdheontais táscach íosta in aghaidh gach gníomhaíochta maidir le Mótarbhealaí na Farraige ná 200 milliún tona-chiliméadar nó a choibhéis thoirtmhéadrach i dtaca le haistriú modha in aghaidh na bliana, ar tairseach í a bheidh le cur chun feidhme thar shaolré iomlán an chomhaontaithe fóirdheontais.

Is é a bheidh sa tairseach fóirdheontais táscach íosta in aghaidh gach gníomhaíochta aistrithe modha ná 60 milliún tona-chiliméadar nó a choibhéis thoirtmhéadrach i dtaca le haistriú modha in aghaidh na bliana, ar tairseach í a bheidh le cur chun feidhme thar shaolré iomlán an chomhaontaithe fóirdheontais. Maidir le gníomhaíochtaí aistrithe modha a mbeidh sé mar aidhm acu aistriú chuig uiscebhealaí intíre a chur chun feidhme, beidh siad faoi réir thairseach speisialta 13 milliún tona-chiliméadar nó a choibhéis thoirtmhéadrach i dtaca le haistriú modha in aghaidh na bliana, ar tairseach í a bheidh le cur chun feidhme thar shaolré iomlán an chomhaontaithe fóirdheontais.

Is é a bheidh sa tairseach fóirdheontais táscach íosta in aghaidh gach gníomhaíochta seachanta tráchta ná 80 milliún tona-chiliméadar nó 4 mhilliún feithicil-chiliméadar de thrácht lasta a sheachnaítear in aghaidh na bliana, ar tairseach í a bheidh le cur chun feidhme thar shaolré iomlán an chomhaontaithe fóirdheontais

Is é a bheidh sa tairseach fóirdheontais táscach íosta in aghaidh gach gníomhaíochta comhfhoghlama ná EUR 250 000 .

5.  Scaipeadh

Scaipfear torthaí agus modhanna na ngníomhaíochtaí catalaíocha, agus spreagfar dea-chleachtais a mhalartú, mar a shonrófar i bplean scaipiúcháin, d’fhonn cuidiú a thabhairt maidir le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.

Scaipfear torthaí agus modhanna na ngníomhaíochtaí Mótarbhealaí na Farraige, agus spreagfar dea-chleachtais a mhalartú, mar a shonrófar i bplean scaipiúcháin, d’fhonn cuidiú a thabhairt maidir le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.

Ní shamhlaítear go mbeidh gníomhaíochtaí sonracha scaipiúcháin ann le haghaidh gníomhaíochtaí aistrithe modha.

Scaipfear torthaí agus modhanna na ngníomhaíochtaí seachanta tráchta, agus spreagfar dea-chleachtais a mhalartú, mar a shonrófar i bplean scaipiúcháin, d’fhonn cuidiú a thabhairt maidir le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.

Scaipfear torthaí agus modhanna na ngníomhaíochtaí comhfhoghlama, agus spreagfar dea-chleachtais a mhalartú, mar a shonrófar i bplean scaipiúcháin, d’fhonn cuidiú a thabhairt maidir le cuspóirí an Rialacháin seo a bhaint amach.

▼M1 —————


( 1 ) IO L 228, 9.9.1996, lch. 1.

( 2 ) OJ L 248, 16.9.2002, p. 1.

( 3 ) OJ L 312, 23.12.1995, p. 1.

( 4 ) OJ L 292, 15.11.1996, p. 2.

( 5 ) OJ L 136, 31.5.1999, p. 1.

( 6 ) IO L 266, 9.10.2009, lch 1.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.10.2009 00:00:00 -Doknr: CELEX:32006R1692
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.