|
+Airteagal 2 Sainmhínithe |
Airteagal 2 SainmhínitheAirteagal 2 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn “ gabháil agus stóráil carbóin” dé-ocsaíd charbóin (CO2) a ghabháil ó shuiteálacha tionsclaíocha, í a iompar go láithreán stórála agus í a instealladh i bhfoirmíocht oiriúnach gheolaíoch faoi thalamh chun críocha buanstórála;
(b)
tá an bhrí chéanna le “costais cháilithe” atá leis i Rialachán (CE, EURATOM) Uimh. 2342/2002;
(c)
ciallaíonn “bonneagair gáis agus leictreachais”:
(i)
na línte ardvoltais go léir, seachas na línte sin a bhaineann le gréasáin dáilte, agus naisc faoi thoinn, ar choinníoll go n-úsáidtear an bonneagar sin i ndáil le tarchur nó nasc idir-réigiúnach nó idirnáisiúnta;
(ii)
píblínte gáis ardbhrú, seachas na cinn sin a bhaineann le gréasáin dáilte;
(iii)
saoráidí stórála faoi thalamh atá nasctha leis na píblínte gáis ardbhrú dá dtagraítear i bpointe (ii);
(iv)
saoráidí glactha, stórála agus athghásaithe le haghaidh gáis nádúrtha leachtaithe (GNL); agus
(v)
aon trealamh nó aon suiteálacha atá riachtanach chun go n-oibreoidh an bonneagar dá dtagraítear i bpointí (i), (ii), (iii) nó (iv) i gceart, lena n-áirítear córais cosanta, faireacháin agus rialaithe;
(d)
ciallaíonn ‘cuid de thionscadal’ aon ghníomhaíocht atá neamhspleách ó thaobh airgeadais nó ar bhonn teicniúil nó thar thréimhse ama agus a rannchuidíonn le cur i gcrích an tionscadail;
(e)
ciallaíonn “céim na hinfheistíochta” an chéim sin de thionscadal ar lena linn a dhéantar an tógáil agus a thabhaítear costais chaipitiúla;
(f)
ciallaíonn “fuinneamh gaoithe amach ón gcósta” an chumhacht leictreach a ghintear ó innill tuirbín a thiomáintear leis an ngaoth agus atá suite san fharraige, cibé acu gar don chósta nó i bhfad amach ón gcósta;
(g)
ciallaíonn “céim na pleanála” an chéim sin de thionscadal a thagann roimh an gcéim infheistíochta agus ar lena linn a ullmhaítear cur chun feidhme an tionscadail lena n-áirítear, más iomchuí, measúnú féidearthachta, staidéir ullmhúcháin agus staidéir theicniúla agus ceadúnais agus údaruithe a fháil agus ar lena linn a thabhaítear costais chaipitiúla. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|