+CAIBIDIL I RÉAMHFHORÁLACHA
---+Airteagal 1 Ábhar
---+Airteagal 2 Sainmhínithe
---+Airteagal 3 An Buiséad
------+Article 3 1.
------+Article 3 2.
------+Article 3 3.
|
CAIBIDIL I RÉAMHFHORÁLACHA
CAIBIDIL I RÉAMHFHORÁLACHA
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 1 Ábhar
|
Airteagal 1 Ábhar Leis an Rialachán seo bunaítear ionstraim maoinithe, dar teideal an Clár Fuinnimh Eorpach do Théarnamh (an CFET), chun tionscadail a fhorbairt sa Chomhphobal i réimse an fhuinnimh, ar tionscadail iad a rannchuideoidh, trí spreagadh airgeadais a sholáthar, leis an téarnamh eacnamaíoch, le cinnteacht an tsoláthair fuinnimh agus le laghdú na n-astaíochtaí gáis ceaptha teasa. Leis an Rialachán seo bunaítear fochláir chun na cuspóirí sin a chur chun cinn sna réimsí seo a leanas:
(a)
bonneagair gáis agus leictreachais;
(b)
fuinneamh gaoithe amach ón gcósta; agus
(c)
gabháil agus stóráil carbóin.
Leis an Rialachán seo sainaithnítear na tionscadail a bheidh le maoiniú faoi gach fochlár agus leagtar síos ann critéir chun na gníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun feidhme na dtionscadal sin a shainaithint agus a chur chun feidhme.
▼M1
Leis an Rialachán seo, déantar foráil maidir le cruthú saoráide airgeadais (an tsaoráid) chun tacú le tionscnaimh a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh agus fuinneamh in-athnuaite.
▼B
|
|
Airteagal 2 Sainmhínithe
|
Airteagal 2 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(a)
ciallaíonn “ gabháil agus stóráil carbóin” dé-ocsaíd charbóin (CO2) a ghabháil ó shuiteálacha tionsclaíocha, í a iompar go láithreán stórála agus í a instealladh i bhfoirmíocht oiriúnach gheolaíoch faoi thalamh chun críocha buanstórála;
(b)
tá an bhrí chéanna le “costais cháilithe” atá leis i Rialachán (CE, EURATOM) Uimh. 2342/2002;
(c)
ciallaíonn “bonneagair gáis agus leictreachais”:
(i)
na línte ardvoltais go léir, seachas na línte sin a bhaineann le gréasáin dáilte, agus naisc faoi thoinn, ar choinníoll go n-úsáidtear an bonneagar sin i ndáil le tarchur nó nasc idir-réigiúnach nó idirnáisiúnta;
(ii)
píblínte gáis ardbhrú, seachas na cinn sin a bhaineann le gréasáin dáilte;
(iii)
saoráidí stórála faoi thalamh atá nasctha leis na píblínte gáis ardbhrú dá dtagraítear i bpointe (ii);
(iv)
saoráidí glactha, stórála agus athghásaithe le haghaidh gáis nádúrtha leachtaithe (GNL); agus
(v)
aon trealamh nó aon suiteálacha atá riachtanach chun go n-oibreoidh an bonneagar dá dtagraítear i bpointí (i), (ii), (iii) nó (iv) i gceart, lena n-áirítear córais cosanta, faireacháin agus rialaithe;
(d)
ciallaíonn ‘cuid de thionscadal’ aon ghníomhaíocht atá neamhspleách ó thaobh airgeadais nó ar bhonn teicniúil nó thar thréimhse ama agus a rannchuidíonn le cur i gcrích an tionscadail;
(e)
ciallaíonn “céim na hinfheistíochta” an chéim sin de thionscadal ar lena linn a dhéantar an tógáil agus a thabhaítear costais chaipitiúla;
(f)
ciallaíonn “fuinneamh gaoithe amach ón gcósta” an chumhacht leictreach a ghintear ó innill tuirbín a thiomáintear leis an ngaoth agus atá suite san fharraige, cibé acu gar don chósta nó i bhfad amach ón gcósta;
(g)
ciallaíonn “céim na pleanála” an chéim sin de thionscadal a thagann roimh an gcéim infheistíochta agus ar lena linn a ullmhaítear cur chun feidhme an tionscadail lena n-áirítear, más iomchuí, measúnú féidearthachta, staidéir ullmhúcháin agus staidéir theicniúla agus ceadúnais agus údaruithe a fháil agus ar lena linn a thabhaítear costais chaipitiúla.
|
|
Airteagal 3 An Buiséad
|
Airteagal 3 An Buiséad 1. Beidh EUR 3 980 000 000 san imchlúdach airgeadais le haghaidh chur chun feidhme CFET sa bhliain 2009 agus sa bhliain 2010, agus leithdháilfear mar a leanas é:
(a)
tionscadail bhonneagair gáis agus leictreachais: EUR 2 365 000 000 ;
(b)
tionscadail fuinnimh gaoithe amach ón gcósta: EUR 565 000 000 ;
(c)
tionscadail ghabhála agus stórála carbóin: EUR 1 050 000 000 .
▼M1
2. Maidir leis na gealltanais dhlíthiúla aonair faoi Chaibidil II lena ndéanfar na gealltanais bhuiséadacha arna ndéanamh sa bhliain 2009 agus sa bhliain 2010 a chur chun feidhme, déanfar faoin 31 Nollaig 2010 iad. Maidir leis na gealltanais dhlíthiúla aonair faoi Chaibidil IIa, déanfar faoin 31 Márta 2011 iad.
▼M1
3. Féachfaidh na hidirghabhálaithe airgeadais a thuairiscítear in Iarscríbhinn II leis an gcistiúchán uile a thagann ó ranníocaíocht an Aontais agus atá ar fáil sa tsaoráid do thionscadail infheistíochta agus do chúnamh teicniúil do thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite a leithdháileadh faoin 31 Márta 2014. Ní leithdháilfear cistiúchán ar bith ó ranníocaíocht an Aontais i ndiaidh an dáta sin. Déanfar an cistiúchán uile ó ranníocaíocht an Aontais nach leithdháilfidh na hidirghabhálaithe airgeadais faoin 31 Márta 2014 a thabhairt ar ais do bhuiséad ginearálta an Aontais. Fanfaidh an cistiúchán ó ranníocaíocht an Aontais a leithdháilfear ar thionscadail infheistíochta arna infheistiú ar feadh tréimhse ama shonraithe nach rachaidh thar an 31 Márta 2034. Beidh an tAontas i dteideal fáltais a fháil ar a infheistíocht sa tsaoráid le linn shaolré na saoráide, i gcomhréir lena ranníocaíocht leis an tsaoráid agus i gcomhréir lena chearta scairshealbhóra.
▼B
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.12.2018 00:00:00 -Doknr: CELEX:32009R0663
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|