|
+Airteagal 3 An Buiséad ---+Article 3 1. ---+Article 3 2. ---+Article 3 3. |
Airteagal 3 An BuiséadAirteagal 3 An Buiséad 1. Beidh EUR 3 980 000 000 san imchlúdach airgeadais le haghaidh chur chun feidhme CFET sa bhliain 2009 agus sa bhliain 2010, agus leithdháilfear mar a leanas é:
(a)
tionscadail bhonneagair gáis agus leictreachais: EUR 2 365 000 000 ;
(b)
tionscadail fuinnimh gaoithe amach ón gcósta: EUR 565 000 000 ;
(c)
tionscadail ghabhála agus stórála carbóin: EUR 1 050 000 000 . 2. Maidir leis na gealltanais dhlíthiúla aonair faoi Chaibidil II lena ndéanfar na gealltanais bhuiséadacha arna ndéanamh sa bhliain 2009 agus sa bhliain 2010 a chur chun feidhme, déanfar faoin 31 Nollaig 2010 iad. Maidir leis na gealltanais dhlíthiúla aonair faoi Chaibidil IIa, déanfar faoin 31 Márta 2011 iad. 3. Féachfaidh na hidirghabhálaithe airgeadais a thuairiscítear in Iarscríbhinn II leis an gcistiúchán uile a thagann ó ranníocaíocht an Aontais agus atá ar fáil sa tsaoráid do thionscadail infheistíochta agus do chúnamh teicniúil do thionscadail éifeachtúlachta fuinnimh agus fuinnimh in-athnuaite a leithdháileadh faoin 31 Márta 2014. Ní leithdháilfear cistiúchán ar bith ó ranníocaíocht an Aontais i ndiaidh an dáta sin. Déanfar an cistiúchán uile ó ranníocaíocht an Aontais nach leithdháilfidh na hidirghabhálaithe airgeadais faoin 31 Márta 2014 a thabhairt ar ais do bhuiséad ginearálta an Aontais. Fanfaidh an cistiúchán ó ranníocaíocht an Aontais a leithdháilfear ar thionscadail infheistíochta arna infheistiú ar feadh tréimhse ama shonraithe nach rachaidh thar an 31 Márta 2034. Beidh an tAontas i dteideal fáltais a fháil ar a infheistíocht sa tsaoráid le linn shaolré na saoráide, i gcomhréir lena ranníocaíocht leis an tsaoráid agus i gcomhréir lena chearta scairshealbhóra. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|