|
+Airteagal 2 Sainmhínithe |
Airteagal 2 SainmhínitheAirteagal 2 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo beidh feidhm ag na sainmhínithe a leanas:
1.
ciallaíonn ‘iompar idirnáisiúnta’:
(a)
má tá an áit tosaigh agus an áit is ceann scríbe suite in dhá Bhallstát faoi leith, le hidirthuras nó gan idirthuras trí Bhallstát amháin nó trí níos mó ná Ballstát amháin nó trí thríú tíortha;
(b)
turas arna ndéanamh ag feithicil a bhfuil a phointe tosaigh agus a cheann scríbe sa Bhallstát céanna agus ina mbailítear nó ina scaoiltear amach paisinéirí i mBallstát eile nó i dtríú tír;
(c)
turas a dhéanann feithicil ó Bhallstát chuig tríú tír nó vice versa, bíodh nó ná bíodh idirthuras i gceist trí Bhallstát amháin nó trí níos mó ná Ballstát amháin nó trí thríú tír amháin nó trí níos mó ná tríú tír amháin; nó
(d)
turas arna ndéanmah ag feithicil idir tríú tíortha, maille le hidirthuras trí chríoch aon Bhallstáit amháin nó níos mó ná sin;
2.
ciallaíonn ‘seirbhísí tráthrialta’ seirbhísí a dhéanann foráil d'iompar paisinéirí ag eatraimh a shonraítear feadh bealaí a shonraítear, lena mbailítear na paisinéirí agus lena scaoiltear amach iad ag pointí stad réamhshocraithe;
3.
ciallaíonn ‘seirbhísí tráthrialta speisialta’ seirbhísí tráthrialta, is cuma cé eagraíonn iad, lena ndéantar foráil do chatagóirí sonraithe paisinéirí a iompar, agus paisinéirí nach iad á n-eisiamh;
4.
ciallaíonn ‘seirbhísí ócáideacha’ seirbhísí nach dtagann faoin sainmhíniú ar sheirbhísí tráthrialta, lena n-áirítear seirbhísí tráthrialta speisialta agus arb é a bpríomhthréith go n-iompraíonn siad grúpaí paisinéirí a bhailítear ar thionscnamh an chustaiméara nó an iompróra féin;
5.
ciallaíonn ‘oibríochtaí iompair féinchuntais’ oibríochtaí a dhéanann duine nádúrtha nó duine dlítheanach chun críocha neamhthráchtála agus neamhbhrabúis:
—
i gcás nach bhfuil sa ghníomhaíocht iompair ach gníomhaíocht choimhdeach don duine nádúrtha nó don duine dlítheanach sin, agus
—
i gcás inar maoin an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh sin na feithiclí a mbaintear úsáid astu faoi nó ina bhfuil siad faighte ag an duine sin ar théarmaí iarchurtha nó ina bhfuil conradh fadtéarmach léasaithe ann do na feithiclí agus go bhfuil siad á dtiomáint ag duine d'fhoireann an duine nádúrtha nó an duine dhlítheanaigh nó ag an duine nádúrtha é féin nó ag comhaltaí foirne a fhostaíonn an gnóthas nó a gcuirtear ar láimh don ghnóthas faoi oibleagáid chonarthach;
6.
ciallaíonn ‘Ballstát óstach’ Ballstát ina bhfuil iompróir ag oibriú, seachas an Ballstát ina bhfuil an t-iompróir bunaithe;
7.
ciallaíonn ‘oibríochtaí iompair cabatáiste’
—
seirbhísí náisiúnta iompair phaisinéirí de bhóthar ar fruiliú agus ar airgead a sholáthraíonn iompróir ar bhonn sealadach i mBallstát óstach, nó
—
paisinéirí a bhailiú agus a scaoileadh amach laistigh den Bhallstát céanna le linn seirbhíse tráthrialta idirnáisiúnta, i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo, ar choinníoll nach é príomhchuspóir na seirbhíse sin é.
8.
ciallaíonn ‘sárú tromchúiseach ar reachtaíocht an Chomhphobail maidir le hiompar de bhóthar’ sárú a bhféadfadh caillteanas dea-cháile a bheith mar thoradh orthu i gcomhréir le hAirteagal 6(1) agus (2) de Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009, agus/nó ceadúnas Comhphobail a tharraingt siar go sealadach nó go buan. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|