Airteagal 8
An nós imeachta um údarú
1. Eiseofar údaruithe le comhaontú na n-údarás sna Ballstáit uile a mbailítear agus a scaoiltear amach paisinéirí ina gcríocha. Cuirfidh an t-údarás um údarú ar aghaidh chuig na húdaráis sin, agus chuig údaráis inniúla na mBallstát a dtrasnaítear a gcríocha gan paisinéirí a bhailiú nó a scaoileadh amach, cóip den iarratas maille le cóipeanna d'aon doiciméadú ábhartha eile agus an measúnú arna ndéanamh uirthi.
2. Cuirfidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit ar iarradh orthu teacht ar chomhaontú a gcinneadh maidir leis an iarratas in iúl don údarás um údarú laistigh de dhá mhí. Ríomhfar an teorainn ama sin ó dháta fhála an iarratais ar chomhaontú, dáta atá ar taispeáint san admháil go bhfuarthas an t-iarratas. Más cinneadh diúltach an cinneadh a gheofar ó údaráis inniúla na mBallstát ar iarradh a gcomhaontú orthu, beidh ráiteas cuí ar na cúiseanna ann. Mura mbeidh freagra faighte ag an údarás um údarú laistigh de dhá mhí, measfar comhaontú a bheith faighte ó na húdaráis a ndeachthas i gcomhairle leo agus féadfaidh an t-údarás um údarú an t-údarú a dheonú.
Féadfaidh údaráis na mBallstát a dtrasnaítear a gcríocha gan paisinéirí a thógáil ná a scaoileadh amach iontu an t-údarás um údarú a chur ar an eolas maidir lena mbarúlacha taobh istigh den teorainn ama a leagtar síos sa chéad fhomhír.
3. Déanfaidh an t-údarás um údarú cinneadh maidir leis an iarratas laistigh de cheithre mhí ó dháta thaiscthe an iarratais ag an iompróir.
4. Deonófar údarú:
(a)
mura bhfuil an t-iarratasóir in ann an tseirbhís is ábhar don iarratais a chur ar fáil le trealamh atá díreach ar fáil dó;
(b)
mura chomhlíon an t-iarratasóir reachtaíocht náisiúnta nó idirnáisiúnta maidir le hiompar de bhóthar, agus go háirithe na coinníollacha agus na ceanglais a bhaineann le húdaruithe le haghaidh seirbhísí idirnáisiúnta paisinéirí de bhóthar, nó má tá sáruithe tromchúiseacha déanta ag an iarratasóir ar reachtaíocht an Chomhphobail maidir le hiompar de bhóthar, go háirithe i dtaca leis na rialacha atá infheidhme ar fheithiclí agus ar thréimhsí tiomána agus ar thréimhsí sosa tiománaithe;
(c)
mura bhfuil, i gcás iarratais ar athnuachan, coinníollacha an údaraithe comhlíonta aige;
(d)
mura gcinnfidh Ballstát ar bhonn mionanailíse go ndéanfadh an tseirbhís lena mbaineann difear tromchúiseach d'inmharthanacht seirbhíse inchomparáide a chumhdaítear le conradh seirbhíse poiblí amháin nó níos mó ná sin lena gcomhlíontar an reachtaíocht an Chomhphobail maidir leis na stiallacha díreacha de bhóthar lena mbaineann. Sa chás sin, déanfaidh an Ballstát critéir a chur ar bun, ar bhonn neamh-idirdhealaitheach, lena chinneadh cé acu a dhéanfadh an tseirbhís ar cuireadh iarratas isteach ina leith difear don tseirbhís inchomparáide thuasluaite agus ar iarratas ón gCoimisiún cuirfidh an Ballstát na critéir sin in iúl dó;
(e)
mura gcinnfidh Ballstát ar bhonn mionanailíse nach é príomhchuspóir na seirbhíse paisinéirí a iompar idir stadanna atá suite i mBallstáit éagsúla.
Má tá seirbhís idirnáisiúnta bhus agus chóiste ag déanamh difear tromchúiseach d'inmharthanacht seirbhíse inchomparáide a chumhdaítear le conradh seirbhíse poiblí amháin nó níos mó ná sin lena gcomhlíontar reachtaíocht an Chomhphobail atá i bhfeidhm maidir leis na ranna díreacha lena mbaineann, de bharr cúiseanna eisceachtúla nach bhféadfaí coinne a bheith leo nuair a deonaíodh an t-údarú, féadfaidh Ballstát, le comhaontú ón gCoimisiún, an t-údarú chun seirbhís idirnáisiúnta bhus agus chóiste a reáchtáil a fhionraí nó a tharraingt siar i ndiaidh fógra sé mhí a thabhairt don iompróir.
Má tá na praghsanna a bheidh á dtairiscint ag iompróir níos ísle ná iad siúd a mbeidh á dtairiscint ag iompróirí eile de bhóthar nó má tá an nasc atá i gceist á oibriú cheana ag iompróirí eile de bhóthar, ní údar an méid sin ann féin leis an iarratas a dhiúltú.
5. Ní fhéadfaidh an t-údarás um údarú agus na húdaráis inniúla sna Ballstáit uile atá bainteach leis an nós imeachta chun teacht ar chomhaontú dá bhforáiltear i mír 1 iarratais a dhiúltú ach amháin ar bhonn na gcúiseanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo.
6. Tar éis an nós imeachta a leagtar síos i mír 1 go mír 5 a chríochnú, deonóidh an t-údarás um údarú an t-údarú nó diúltóidh sé go foirmiúil an t-údarú a dheonú.
Luafar i gcinntí lena ndiúltaítear d'iarratas na cúiseanna ar a bhfuil siad bunaithe. Áiritheoidh na Ballstáit go dtabharfar an deis do ghnóthais iompair uiríll a dhéanamh i gcás go ndiúltófar dá n-iarratas.
Cuirfidh an t-údarás um údarú an cinneadh in iúl do na húdaráis go léir dá dtagraítear i mír 1, trí chóip d'aon údarú a sheoladh chucu.
7. Mura gcuirfidh an nós imeachta chun teacht ar an gcomhaontú dá dtagraítear i mír 1 ar chumas an údaráis um údarú cinneadh faoi iarratas a dhéanamh, féadfar an cás a chur faoi bhráid an Choimisiúin taobh istigh de theorainn ama dhá mhí a ríomhfar ón dáta a ndéanfaidh Ballstát amháin nó níos mó ná Ballstáit amháin a rachfar i gcomhairle leis nó leo de bhun mhír 1 cinneadh diúltach a chur in iúl.
8. Tar éis dó dul i gcomhairle leis na Ballstáit lena mbaineann, déanfaidh an Coimisiún cinneadh taobh istigh de cheithre mhí ón bhfógra a fháil ón údarás um údarú, ar cinneadh é a thiocfaidh i bhfeidhm tríocha lá tar éis fógra a thabhairt do na Ballstáit lena mbaineann.
9. Leanfaidh cinneadh an Choimisiúin d'fheidhm a bheith aige go dtí go dtiocfaidh na Ballstáit lena mbaineann ar chomhaontú.