|
+Airteagal 6 Cineál an údaraithe ---+Article 6 1. ---+Article 6 2. ---+Article 6 3. ---+Article 6 4. ---+Article 6 5. ---+Article 6 6. |
Airteagal 6 Cineál an údaraitheAirteagal 6 Cineál an údaraithe 1. Is in ainm an iompróra a eiseofar na húdaruithe agus beidh siad neamhinaistrithe. Féadfaidh iompróir a bhfuil údarú faighte aige, áfach, le toiliú údarás inniúil an Bhallstát ina bhfuil an pointe imeachta, dá ngairfear an ‘t-údarás um údarú’ anseo feasta, an tseirbhís a oibriú trí fhochonraitheoir. Sa chás sin déanfar ainm an fhochonraitheora sin agus a ról a chur in iúl ar an údarú. Comhlíonfaidh an fochonraitheoir na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 3(1). Chun críocha na míre seo, ciallaíonn imeacht ‘ceann de chinn scríbe na seirbhíse’. I gcás gnóthas a dhéanfar a chomhlachú chun críche seirbhís tráthrialta a oibriú, eiseofar an t-údarú in ainmneacha na ngnóthas uile agus luafar leis ainmneacha uile na n-oibreoirí. Tabharfar é don ghnóthas a bhainisteoidh an oibríocht agus tabharfar cóipeanna do na gnóthais eile. 2. Ní rachaidh tréimhse bhailíochta an údaraithe thar chúig bliana. Féadfar é a shocrú ag téarma níos giorra ar iarratas ón iarratasóir nó le toiliú frithpháirteach na n-údarás inniúla a mbailítear agus a scaoiltear amach paisinéirí ar a gcríocha. 3. Sonrófar an méid a leanas sna húdaruithe:
(a)
an cineál seirbhíse;
(b)
bealach na seirbhíse, ag tabhairt le fios go háirithe an pointe imeachta agus an pointe is ceann scríbe;
(c)
tréimhse bhailíochta an údaraithe;
(d)
na stadanna agus an t-amchlár. 4. Bunóidh an Coimisiún an fhormáid a bheidh ar na deimhnithe. Maidir leis na bearta sin, atá ceaptha chun eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo a leasú trína fhorlíonadh, glacfar iad i gcomhréir leis an nós imeachta rialúcháin lena ngabhann grinnscrúdú agus dá dtagraítear in Airteagal 26(2). 5. Tabharfaidh údaruithe teideal dá sealbhóir nó dá sealbhóirí seirbhísí tráthrialta a oibriú i gcríocha uile na mBallstát a rachaidh bealaí na seirbhíse tríothu. 6. Féadfaidh oibreoir seirbhíse tráthrialta feithiclí breise a úsáid chun déileáil le himthosca sealadacha agus eisceachtúla. Ní fhéadfar ach na feithiclí breise den sórt sin a úsáid faoi na coinníollacha céanna arna leagan amach san údarú dá dtagraítear i mír 3. Sa chás sin, áiritheoidh an t-iompróir go bhfuil na doiciméid a leanas ar iompar san fheithicil:
(a)
cóip d'údarú na seirbhíse tráthrialta;
(b)
cóip den chonradh idir oibreoir na seirbhíse tráthrialta agus an gnóthas atá ag cur na feithiclí breise ar fáil nó doiciméad ar chomhbhrí leis;
(c)
cóip dhílis dheimhnithe den cheadúnas Comhphobail a eisíodh don oibreoir a chuireann na feithiclí breise ar fáil don tseirbhís. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|